An cuid is mó den adhmaid gearrtha dom, agus mé ag fáil réidh chun dul ar ais ar an bhfarraige arís, do bhí sé in am an méid a bhí déanta a bhailiú le chéile.
Do Shocraigh mé le Donal O'Donovan ó Carbury Precast úsáid a fháil as a veain ar an 19ú Mí Eanáir. D'aontaíomar go bhfágfaimid an Sciobairín go luath ach nuair a d'fhágas an baile do bhí an cosán agus an bóthar clúdaithe le sioc agus leac oighir. Do bhí orainn fanacht ar feadh breis is uair a chloig, ag súil go mbeadh na bóithre níos fearr tar éis tamall.
Do bhí moill ar an lae, ach bhuail mise agus Pawel, an tiomáinaí Polainach, bóthar go luath ina dhiaidh a naoi. Níorbh fadhb ar bith againn ar an tslí tríd Beanntraí agus timpeall an cósta go Béal Átha Leice, ach nuair a chasamar ar dheis ansin thosnaigh an bóthar ag dul in airde.
Do bhí an radharc go h-alainn ón mbóthar suas go dtí Céim an Fhiadh. Níl a fhios agam cén fáth, ach trí chúiss éigin, bhíos ag ceapadh go mbeadh an bearna sin mar an bpointe ba airde sa thuras, ach ní bheadh, mar a fhuair mé amach ní ba dhéanaí. Téann an líne comhrianach 200m tríd an bearna de réir dealraimh. Ach do bhí na cnoic bánaithe leis an sneachta agus bhíos lán sásta a bheith mar phaisinéir ag féachaint amach an fhuinneog.
Céim an Fhiadh. |
Cé chomh minic go feictear comharthaí mar seo, timpeall na tíre, fiú sa samhradh, ach ní bréag a bhí ann an uair seo! |
Do bhí an adhmad ann go fóill, pé mar a fhág mé é, agus sar i bhfad do bhí sé luchtaithe ag Donal ar an veain.
D'éirigh go maith le Pawel ach do bhí sé sásta bheith ar ais ar an bpríomh bóthar. |
Cuid a haon críochnaithe. Anois do bhí sé in am dul siar go dtí Cill Chóiche agus na cuair agus an Dhúghlais a fháil.
Do tháinig Donal O'Donovan é féinig linn an uair seo. |
Do bhí an Dhúghlais luchtaithe go treallach ar an veain agus ba mhaith a rud é nach raibh turas fada romhainn. An chéad stad ná mo thigh féinig chun an Dhúghlais a dhíluchtú agus é a charnadh le triomú.
Tá Cathal fiosrach agus sceitimíneach ar aon nós. |
Féach an gotha ar an mbean sin. Na lámha crosach ar a brollach. Grainc ar a aghaidh. Cad atá ar an aigne sin? "Tá súil agam go bhfuil a fhios aige cad atá á dhéanamh aige." is dóigh liom! |
Triomaídís (agus ní imeoidís) ceart go leor anseo. |
Agus ag a deiridh, na cuair a thabhairt go dtí an tSeanchúirt. Do bhí orm teacht arís ar maidin Dé Luan chun é a charnadh i gceart le triomú thar an chéad mhí eile. Caithfidh Liam roinnt boltaí agus píosaí iorócó a fháil le scarshiúntú le chéile mar cíle. Tá siúl agam go mbead réidh chun casadh ar an fíor obair ansin nuair a tiochfad abhaile ón obair ag deiridh Mí Feabhra.