10 January 2015

Tuilleadh Adhmad

An Nollaig thart, agus eachtraí an Athbhliain i mo dhiaidh, chuas síos go dtí an bádchlós chun cainte le Liam ar an 5ú Mí Eanáir.
Dúirt sé go raibh lomáin giúis Dhúghlais ag John Haringer sa muillean sábhadóireachta Cill Choíche, agus chuala sé go raibh roinnt omhnaí cam acu chomh maith.
Tá sé ró-dheacair learóg a fháil, mar sin beidh orm an giúis a úsáid ina áit.
Beidh na cuair, nó "schweepsh" mar a thugann Liam orthu, ag teastáil i gcomhar na easnacha, máis féidir linn iad a ghearradh ar an sábh.
Do chuamair ann go díreach chun iad a fhiosrú.

Liam agus Fachtna ag iniúchadh na saileanna Dhúghlais chun na cinn is oiriúnaí a roghnú.
Bíonn snáithe dlúth de díth.
Fachtna ag déanamh mion scrúdú ar an snáithe.
Fachtna ag taispeáint na cranraí dom. Tá sé deacair adhmad a aimsiú gan alt nó cranra ar bith, ach is lú is fearr, go háirithe na cranraí dubha.

Seo iad na cuair darach a bhí i gceist ag Liam, do tháinig siad, agus an Dúghlais, as Dún ar Aill le déanaí.
Dar le John, úinéir an muillean, do bhí siad ró-tiubh le chuir suas ar an sábh go sábháilte. Mhol Liam go bhfaigheadh sé na múnlaí ón gclós agus bhímis in ann na omhnaí mhóra seo a ghearradh suas le sábh slabhrach de réir cruth na múnla, agus ansin cuir suas ar an sábh mór iad le gearradh ina stiallacha.







Ní raibh John ullamh leis an jab sin a dhéanamh an lá sin, mar sin chinneamar go chuirfeadh John glaoch ar Liam nuair a bhí sé réidh agus chuirfeadh Liam glaoch ormsa.
Bhíos ag tnúth leis an obráid sin a dhéanamh.

Liam ag iniúchadh cuar an omhna.

No comments:

Post a Comment