Ní rabhas ag súil leis, ach bhí seans agam teacht ar ais go dtí an clós ar cuairt sciobtha maidin inniubh.
Dheineas cóta tapaidh eile ar an gcrann agus ligh beag ola eile ar an ngeaifil.
Táíd socraithe go maith ann anois, ach cá bhfios cá mbeidís nuair a tiochfad abhaile i gceann na míosa.
28 December 2018
17 December 2018
17/12/2018 - Nithe beaga ar an gcrann
An lá deireanach agus tá roinnt rudaí le déanamh roimh imeacht.
Ansin luchtaigh mé an ceallra sa bhád ón bpríomhlíonra aibhléise. Fágfad an caidéal ruma uathoibríoch ar siúl an uair seo, ó eagla go heagla.
Ansin, ag obair in aghaidh an clog, chuireas an chéad cóta Sikkens Cetol Filter 7 ar an gcrann.
Is maith liom an stuif seo, ach ceapaim anois gur dheineas botúin ag cuir ann anois é. Níor leigheas an Bileog Shonraí Teicniúil roimh ré agus ba chóir dom cóta Sikkens HLS Plus a chuir mar prímeálach ar dtús.
Ach pé scéal é, is maith liom an dath, agus tá súil agam go hoibróidh sé ceart go leor.
An chéad rud ná cóta péint ar an gcrann.

Córas micreapóiriúil is ea é córas Sikkens. Tá tuilleadh eolas fé sa físeán seo thíos:
An tarna botúin a dheineas ná chuireas an tarna chóta air i bhfad
ró-luath. Dar leis an BST, ba choir dom fanacht 16 uair a chloig, ar a
laghad. Ach tá sé déanta anois agus níl aon dul amach as anois.
Bhí an aimsir uafásach an chuid is mó den am an uair seo sa bhaile agus ní a lán dul chun cinn déanta agam.
Tá na scriútaí le feistiú.
Tá spás i gcomhair an crann a dhéanamh sa thafta mór.
Tá cnaíocha le déanamh agus le feistiú.
Tá cléataí le déanamh agus le feistiú.
Tá sreangú le deisiú.
Tá an píobán sceite le shocrú i gceart.
Tá an rigín seasta le déanamh.
Tá an rigín reatha le déanamh.
Tá pionnaí ceangail le déanamh.
Tá na seolta le déanamh.
Tá maidí rámha le déanamh.
Neart fós le déanamh agus an luas a bhí agam go dtí seo tógfaidh sé bliain eile!
14 December 2018
14/12/2018 - Péinteáil an crann.
Chuireas cóta eile prímeálach ar an gcrann an chéad rud maidin inniubh.
Ansin thosnaíos leis na glambaí i gcomhair an geaifil. Béid ag coimeád an réise gan sleamhnú ar an ngeaifil.
Tar éis an lón ghearras na glambaí amach.
Ach bhí cóiriú fós le déanamh, fé mar is gnáthach.
Agus d'fheistíos ag bun an geaifil iad, ceann amháin trian ón mbun agus an ceann eile trian ón mbarr.
Ní raibh a lán eile le déanamh ansin seachas cóta ola a chuir air agus imeacht abhaile.
13 December 2018
13/12/2018 - Plátaí scriúta
Ag tús an saoire seo bhí súil agam go mbeadh an crann ina seasamh leis an rigín seasta lán déanta agam. Bhuel, is léir anois é nach mbeidh sin déanta go luath. Ach fós ba mhaith liom gluais ar an treo sin.
An chéad rud le déanamh ná na scriútaí a dhéanamh.
Táim ag úsáid cruach dhosmálta, agus mar sin ní foláir dom boltaí dhosmálta a úsáid freisin.
Tamall beag le mo líomhadóir diosca, an druilire seastáin agus die grinder nua ó Lidl, agus bhí ceithre chinn acu ann. Ach sin an píosa éasca. An chuid deacair ná na poill cearnógach a dhéanamh ann chun na boltaí carráiste (DIN 603) a ghlacadh agus na poill siúd a líneáil suas i gceart leis na poil sa bhád.
Tháinig an síobh nua le haghaidh an geaifil inné, ach tá sé beagáinín ró-chaol.
Ag deiridh an lae, chuireas cóta prímeálach ar bharr an crann.
12 December 2018
12/12/2018 - Leath lá ag tógáil pubal.
Thógas sos inniubh ón geaifil agus chaitheas roinnt ama ag tabhairt aird do mo bháidín bocht ag suí sa chlabhar, amuigh fén aimsir sa chlós.
Dheineas dhá fhráma-A agus d'ardaíos an bíoma a bhí ann cheanna féin leo.
Ansin chrochas an tarpól nua air.
Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor, tá gala uafásach eile ag teacht anocht.
Dheineas dhá fhráma-A agus d'ardaíos an bíoma a bhí ann cheanna féin leo.
Ansin chrochas an tarpól nua air.
Tá súil agam go mbeidh sé ceart go leor, tá gala uafásach eile ag teacht anocht.
06 December 2018
06/12/2018 - Adharca an gheaifil
Bhí a lán obair fós le déanamh ar na adharca ar maidin. Ar dtús na
siúntaí a phlánáil cothrom agus cearnach, agus ansin na adharca ceart a
mhúnlú go deas.
Ar dtús bhí sé ar intinn agam uillinn a dhéanamh ag an áit a thagann na adharca amach ón maide, ach chinneas gan é a dhéanamh ag an deiridh. Níl an píosa adhmaid sách tiubh agus bheadh na adharca rólag mar sin.
Nílid mar íomhá scáthánach go foirfe, ach táid ceart go leor.
Amach leis an gliú APV arís.
Agus cúpla bholta, gan amhras.
Agus é ag éirí dorcha go moch san iarnóin arís, ach go háirithe sa phuball, chríochnaíos inniubh le cúpla cnó cró eile. Tá ceann amháin i gcomhair an háilléar tróit, agus sínteán an ceann eile.
Ar dtús bhí sé ar intinn agam uillinn a dhéanamh ag an áit a thagann na adharca amach ón maide, ach chinneas gan é a dhéanamh ag an deiridh. Níl an píosa adhmaid sách tiubh agus bheadh na adharca rólag mar sin.
Pé scéal é, dheineas iarracht cruth beagán cóir a chuir orthu.
Tá súil agam go bhfuil siad sách fada.Nílid mar íomhá scáthánach go foirfe, ach táid ceart go leor.
Amach leis an gliú APV arís.
Agus cúpla bholta, gan amhras.
Agus é ag éirí dorcha go moch san iarnóin arís, ach go háirithe sa phuball, chríochnaíos inniubh le cúpla cnó cró eile. Tá ceann amháin i gcomhair an háilléar tróit, agus sínteán an ceann eile.
05/12/2018 - Ag tosnú adharca an gheaifil
Thosnaíos le beagán lámh greanáil ar maidin. Tá bos cruinn ag an mblocán adhmaid seo agus is dóigh liom go dtugann sé cabhair leis an gcruth cruinn a chuir ar an ngeaifil.
Bhíos sásta leis sin, agus dá bhrí sin leanas ar aghaidh leis an miotalóireacht.
Tá dhá cró ag teastáil, ceann amháin le haghaidh an háilléar píce, agus ceann eile le haghaidh an sínteán.
Chuas ar ais go dtí John Harger sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche chun píosa Dhúghlais eile a fháil.
B'in é inniu é, ach tá a lán fós le déanamh.
Bhíos sásta leis sin, agus dá bhrí sin leanas ar aghaidh leis an miotalóireacht.
Tá dhá cró ag teastáil, ceann amháin le haghaidh an háilléar píce, agus ceann eile le haghaidh an sínteán.
Chuas ar ais go dtí John Harger sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche chun píosa Dhúghlais eile a fháil.
Ní foláir dom 'adharca' a chuir ar an ngeaifil anois. Dheineas dealbh as clár páipéir ar dtúis.
Chonaic Liam mo dhealbh agus dúirt sé nach rabhadar sách fada, mar sin d'fhágas píosa sa bhreis orthu.B'in é inniu é, ach tá a lán fós le déanamh.
04 December 2018
04/12/2018 - Dul chun cinn leis an ngeaifil
An chéad rud ar maidin ná plánáil síos go dtí na línte an barrchaolú.
Bead ag cuir síobh ann ag barr an gheaifil, agus cheapas go mbeadh sé níos éasca an sliotán a dhéanamh anois nuair at a an maide fós cearnach seachas nuair a bheidh sé cruinn.
Níl seo ach poll treorach, déanfad poll níos leithne am éigin le haghaidh an pionna síobha.
Sin déanta, thig liom tosnú ag cuir cruth cruinn ar an ngeaifil.
D'úsáideas tomhsaire sparra arís chun na línte a dhéanamh, ach an uair seo d'úsáideas tairní seachas pinn luaidhe chun na línte a scríobhadh ar an adhmad.
Agus ansin an locar aibhléise ón mbarr.
Tá cuma ag teacht air.
Do bhí dul chun cinn níos tapúla ná a shíleas. Tá sé ina ochtagán cheanna féin.
An chéad céim eile ná dul go dtí heicseadeacagán - cruth le 16 aghaidh.
Ar sparra beag mar seo, níl difríocht mór idir heicseadeacagán agus ciorcal - ligh éatrom leis an locar amháin ag teastáil.
Bhí orm imeacht mar gheall ar an dorchadas sa phuball, ach bhíos sásta le mo chuid oibre inniu, agus an dul chun cinn.

D'éirigh go maith leis - i bhfad níos fearr ná na línte a bhí agam ag déanamh an crann.
Thosnaíos ag an mbun ar dtúis leis an dtarscamhaire.Agus ansin an locar aibhléise ón mbarr.
Tá cuma ag teacht air.
Do bhí dul chun cinn níos tapúla ná a shíleas. Tá sé ina ochtagán cheanna féin.
An chéad céim eile ná dul go dtí heicseadeacagán - cruth le 16 aghaidh.
Ar sparra beag mar seo, níl difríocht mór idir heicseadeacagán agus ciorcal - ligh éatrom leis an locar amháin ag teastáil.
Bhí orm imeacht mar gheall ar an dorchadas sa phuball, ach bhíos sásta le mo chuid oibre inniu, agus an dul chun cinn.
Subscribe to:
Posts (Atom)