05 November 2015

05/11/2015 - Ag tógáil frámaí.

Seo sampla don clár sraithadhmaid leis na leathleithid atá ag Fachtrna. Buailimid tairní isteach ag na spotaí cearta agus sinn ag leagan na frámaí amach.

Tairní báid agus boltaí ag cuir na píosaí de fráma a 12 le chéile. Faraor tháinig scoilt mhór i dtaobh amháin  nuair a chuir Fachtna dhá thairne isteach. Tá na tairní seo dhá orlach go leith ar fad, agus beagáinín ro-fhada. Ní chuirfimid cinn eile isteach a thuileadh agus déanfaidh mé iarracht cinn níos lú a fháil chomh luath agus is féidir.

Fachtna ag cuir an teanntán ar an bhfráma. Ní fhanfaidh an teanntán ar an mbád agus é críochnaithe, ach coimeádfaidh sé an fráma sa cruth ceart go dtí gach rud le chéile.
Caithfidh gach taobh a bheith comhchruthach agus siméadrach. Déanaimid cinnte go bhfuil imeall an fráma díreach ag an tairne cnagtha isteach ag marc an leathleithead agus déanaimid tomhas fíor cruinn ó bun an clár suas go dtí an teanntán. Má tá sé déanta i gceart beimid ábalta an leachtleibhéal a úsáid chun an fráma a chuir suas ar an mbunchlár deas cothrom.



Seo oibriú na ceirfála an dá thaobh den fráma a chuir le chéile. Cóiméad síos le clampaí, brú le chéile, gearr leis an sábh, brú nó cnag le chéile arís agus athdhéan go dtí go mbeidh siad feistithe in aghaidh a chéile.









Ins an iarnóin tháinig John ar ais ó Béal Átha an Ghaorthaidh le ualach mhór adhmad darach dom. Sweeps den scoth as crann a fhás i Fota agus oirfidh siad go maith dom.


Fráma a 5 ina sheasamh ar an mbunclár.




Ag ceartingearú fráma a 5.


Ag deiridh an lae bhí uimhir a 5 agus a uimhir a 8 ina seasamh agus bhíos ag feistiú uimhir a 3 le dul suas ina ndiaidh agus tá 12 agus 16 curtha le chéile agus beidís ag dul suas ar ball.




No comments:

Post a Comment