Bhíos ag obair i m'aonar inniu, agus caithfead a rá go raibh sé go deas a bheith ag obair ar mo luas féin agus ag déanamh rudaí amach dom féin arís, seachas de shíor a bheith ag lean ar Fhachtna ar nós coileán.
Mo thasc inniu ná na céadta frámaí eile a mharcáil amach ar an adhmad nua.
Tá uillinn an beibheal scríobtha ar thaobh an deilbh ónar dheintear í. Anseo táim ag socrú an fiarbhacart ag an uillinn ceart. |
Ansin cuirim an fiarbhacart in aghaidh an lann den crios-sábh agus casaim an bord go dtí an beibheal céanna. |
Ansin léim an uillinn ón gclár agus scríobhaim ar an deilbh í |
Ansin bíonn na huillinneacha aistrithe go dtí an fráma, réidh le gearradh amach. |
Tá roinnt de na deilbh ag titim óna chéile agus táid greamaithe le paistí. Uaireanta, mar gheall ar na paistí bíonn sé deacair na huillinneacha a fheiscint i gceart. Beidh orm iad a cinntiú le Fachtna sara ghearrfaimid amach iad.
Ag tógaint áireamh ar an dul chun cinn ag deiridh an lae:
Frámaí críochnaithe :-
U. 3, 5, 8, 12, 16.Marcáilte amach, ach ní ghearrtha :-
U. 2, clébhord.U. 4, clébhord.
U. 6 bun, deasbhord.
U. 7 bun, deasbhord.
U. 9 bun, deasbhord.
U. 10 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 10 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 11 barr, deasbhord.
U. 13, úrlár.
U. 13 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 13 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 14 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 14 bun, clébhord 7 deasbhord.
U. 15 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 15 bun, clébhord 7 deasbhord.
Fós le déanamh:-
U. 1, clébhord, deasbhord 7 úrlár.U. 2, deasbhord 7 urlár.
U. 4, deasbhord 7 urlár.
U. 6 bun clébhord 7 urlár.
U. 6 barr, clébhord, deasbhord.
U. 7 bun, clébhord 7 urlár.
U. 7 barr, clébhord, deasbhord.
U. 9 bun, clébhord 7 urlár.
U. 9 barr, clébhord 7 deasbhord.
U. 10 urlár.
U. 11 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 11 barr, clébhord.
U. 14 urlár.
U. 15 urlár.
U. 17 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 17 barr, clébhord, deasbhord.
U. 18 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 18 barr, clébhord, deasbhord.
U. 19 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 19 barr, clébhord, deasbhord.
U. 20 bun, clébhord, deasbhord 7 urlár.
U. 20 barr, clébhord, deasbhord.
No comments:
Post a Comment