D'iniúch mé an planc agus bhí sé soiléir go raibh sé beagáinín ró thiubh - bheadh orm roinnt beag eile plánáil a dhéanamh ar an dtaobh amuigh de.
Bhí an péinteáil agus an bun fós le déanamh chomh maith.
Nuair a thógas an planc anuas chonac go raibh beagáinín dochar déanta agam don bhfráma nuair a bhíos ag ceirfeáil ar an Aoine. Droch-chinneadh ba ea é an ceirfeáil sin a dhéanamh measaim. Nach bheinn ábalta na spotaí cruaidh a dheisiú anois ar aon nós?
Pé scéal é, deasaigh mé na codanna mí-shlachtmhar agus dheineas an plánála agus an péinteáil agus mar sin.
D'éirigh liom an planc a chuir ina áit i m'aonar agus do thosnaíos é a thairneáil.
An bun.
Ag an deiridh bhíos sásta leis an bplanc in d'ainneoin cúpla locht ann.
Mar is gnáthach, ní raibh an t-am agam sheasadh siar ag féachaint ar áillteacht na hoibre, bhí a lán saothar eile fós le déanamh.
Bhí an stráca le chríochnú agus níorbh fholáir dom tosnú leis an spiling.
An gnáth scéal - ag iarraidh na cranraí a sheachaint.
Ag lorg cruth cóir agus ceart.
An bun líneáilte, réidh le gearradh.
Crampáilte suas.
Críochnaithe fé dheireadh.
No comments:
Post a Comment