Bhí ríméad orm maidin inniu agus mé ag críochnú an cringleach deireanach sa seol mór.
Tá sé mar a chéile leis an dá cheann roimhe so, ach so an deiridh leis an bhfuáil ar an seol so. N'fheadar an mó míle greim a dheineis de lámh anso ónar thuirlingíos i dTaipei i mí Eanair, ach táim sásta a bheith réidh leo.
Níor cheapas go d'tógfadh sé an méid ama so lena dhéanamh, ach sin an easpa tathaí atá agam.
Mar sin feín, cé go bhfuil an fuáil déanta, tá neart obair fós le déanamh.
Tá na ribíní fós le déanamh, ach tá téad níos caoile ná atá agam anso ag teastáil ó san, agus tá na réabáin fós le déanamh.
I dtosach báire, bhí sé de rún agam go mbeadh an bhlag so scríofa í nGaelainn, seachas scríofa fén nGaelainn (ar nós cuid maith den scríbhneoireacht Gaelainne sa lá atá inniu ann), ach chaithfead dul ar seachrán ar feadh nóiméad.
Réabán, súilín, fáinne súilín, cró. An-chuid focail scaiptha thar an-chuid foclóir le haghaidh an rud céanna de réir dealramh.
Go dtí so, bhíos ag úsáid iad go h-inmhalartaithe, ach bhí an focal "réabán" ag dul timpeall agus timpeall i mo aigne le tamall anuas. Cuireann sé i gcuimhnne dom dhá focal Béarla, roband agus ribband.
Bhí mearbhal orm leis na focail éagsúla ag figh isteach ina chéile laistigh i mo cheann, agus ar deireadh chuas chuig an foclóir Béarla chun iad so a shocrú.
Is
ribbands iad na slata fada, nú caolaigh fada, a chuirtear suas ar na príomh frámaí chun cruth an báid a dhéanamh ag tús an tógáil. Tá roinnt acu le feiscint sa phostáil
so, mar shampla. Agus iontas na n-iontas, tá focal airithe Gaelainne orthu - líosa, nú líosa tógála. (Cén fáth nar aimsíos an focal sin nuair a bhíos ag leagaint amach na líosaí 5 bliaina ó shin?)
Is rudaí iomlán eile iad robands.
Morthimpeall na hEorpa, tagann an-chuid focail muirí ón sean-teanga Lochlainnis, agus tá an focal roband ina measc. Tagann sé ón bhfocal rāband, agus ceapaim b'fhéidir go dtagann "réabán" ón bhfocal céanna.
Is píosaí téid iad
robands, a cheanglaíonn seol chuig slat nú bum, agus dar le
O'Dónaill, tá an tarna ciall le "réabán" ná an lásáil ar sheol.
As so amach ceapaim, chun míthuiscint a sheachaint, bainfead úsáid as súilín, nú súilín práis le haghaidh brass eyelets, agus réabán le haghaidh an téad a théann tríd na súilíní siúd agus timpeall an crann nú an geaifil (seachas an focal lásáil).
Bhuel, ar ais chuig an saothar.Tá dhá saghas súilín práis le déanamh agam, cinn móra ar an gciumhas tosaigh go bogfadh an réabán tríothú go héasca (nuair atá an geaifil ag dul suas is anuas an crann), agus cinn beaga ar chean an tseoil chun é a cheangail leis an ngeaifil go fadtéarmach.
Síos chuig ceardlann an bósan liom...
...ach chomh luath is a thosnaíos, bhí fadhb agam.
Dheineas poll oiriúnach ar cheann an tseoil le haghaidh súilín saghas 10B, ach nuair a dheineas iarracht an súilín a dhéanamh leis an puins agus dísle, dhein sé praiseach de.
Bhí an puins agus dísle ró-bheag. Oiriúnach do 8B nú 6B fiú. Ní mó ná sásta a bhí mé leis an mbósan!
Níorbh fhéidir liom leanúint ar aghaidh leis so, mar sin, d'fhágas mar san é agus thosnaíos ar ne cinn beaga.
Ar a laghad tá an puins agus dísle ceart againn le haghaidh na cinn saghas 4B.
Dheineas na deich gcinn ar an gceann ar dtús, agus ní raibh aon fhadhb eile agam.
Agus ansin thosnaíos á dhéanamh súilíní le haghaigh na ribíní.
9 ribín ag an gcúrsa, agus 3 chúrsa. 27 súilín ann.
Agus leis sin, bhí an seol mór déanta, beag nú mór.
Déanfad na ribíní sa bhaile le téad cnáib 8mm ar leithead, agus ansin tá an súdaireacht le déanamh, ach sin scéal lá eile.
Réidh le dhul isteach sa mhála arís.