24 February 2021

21-23/02/2021 - An aighre

 Leanas ar aghaidh le cúple lá anuas ag fuáil an aighre. Bhí sé mall, agus beagáinín leadránach.

An uair seo, dheineas díreach mar atá sa phictúirí - ag obair ó chlé go deis, ag dul tríd an téad ar dtús agus ansin tríd an t-éadach. Measaim go raibh sé ní ba dheacra mar seo agust bhí an téad i gcónaí ag iarraidh casadh timpeall, beagán ar bheagán le gach gréim. Ní raibh an fhadhb sin agam nuair a bhíos ag dul tríd an t-éadach roimh an téad.




Nuair a thánag chuig an stuaic, réitíos an leathar le haghaidh an lúbóg.
Is féidir an píosa beag ar an ciumhas deiridh a fheiscint anso, ar a bhíos ag iarraidh an cruth cóir a cheartú nuair a bhíos ag déanamh an preabán. N'fheadar ar dhein sé aon difríocht sa deireadh.

Agus ansan an saothar leathair arís.

Súilín oibrithe. Mar is gnáth sa tionscadal so, bhaineas úsaid as téad seachas bianna miotail chun an súilín a dhéanamh. Sa chás so, dheineas fáinne téadáin (súil dhualach) as mairlín.

Greamanna breise in aice an lúbóg.


Agus eireaball francaigh chun an aighre a chríochnú.

Agus sin an aighre críochnaithe ar deireadh.


No comments:

Post a Comment