14 November 2015

12/11/2015 - An rabóid tosaigh agus ag sparradh amach taobh amháin.


An beart atá againn ná na caolaigh a chuir  (sparradh amach?) ar thaobh amháin chun cruth na báid a dhéanamh agus na frámaí eile a leagan amach sa chruth sin. Sin déanta sparrfaimid amach an taobh eile agus críochnóimid na frámaí. Ach caithfidh na barr caolaigh beith istigh ar an dá thaobh ar dtús.



Scríobh Fachtna leithead an stráca uachtair ar gach fráma agus ansin thomhas sé síos ón líne lagbhoird an fad sin (tóg 3/4 orlach i gcomhar an rádal) agus ghearr sé an eang amach ag an líne sin. Tá an tarna chaolach feistithe isteach san eang sin. Is é an líne lagbhoird é an caolach uachtair agus barr an tarna stráice an tarna caolach.
Bhí eang mór le gearradh amach as an dtrasnán.






Cruth deas na báid le feiscint go soiléir anois.

Mharcáil Fachtna amach an rabóid tosaigh agus thosnaigh sé ag gearradh amach é le tál agus siséal. Úsáidtear caolach beag tanaí chun an rabóid a mharcáil amach.


Ansin mharcáilamar amach an rabóid deasbhoird agus chas mé ar é a ghearradh amach.




Luíonn na strácaí isteach sa rabóid i gcoinne an post tosaigh agus an naprún, só caithfidh an rabóid bheith sách domhain i gcomhar an planc (3/4 orlach).











Lean Fachtna ar aghaidh leis na caolaigh agus bhí ar roinnt féiráil a dhéanamh ar na frámaí chun iad a chuir suas i gceart.


Agus é ag triomú i gcónaí tá fabhtanna agus cros-scáineadh ag teacht san adhmad darach. Chuir mé roinnt prímeálach ar na píosaí dona.












Agus tuilleadh ó Kevin O'Farrell:



https://www.facebook.com/KevinOFarrellPhotographer/videos/10153770239407072/














No comments:

Post a Comment