03 December 2014

Adhmad

Dar leis na saineolaithe, bíonn cineál adhmad áirithe is fearr fé choinne gach ball don bhád.
Thug Liam liosta adhmad le ceannach dom:

Cíle, tosach, trasnán agus deiridh - Dair - 2½" x 10", 22' ar fad.
Casadhmad (frámaí/easnacha) - Dair - 2", sáfa ó bhun go barr, 8' ar fad. Fiche a fháil.
Glúine - Dair - 4", sáfa ó bhun go barr, 8' ar fad. Ceithre cinn ag teastáil.
Stráicí (plancra) agus tochtaí - Learóg Eorpach - 1⅛", sáfa ó bhun go barr, chomh fada agus is féidir a fhail. Dhá scór ag teastáil.
Crann - Giuís Dhúghlais - 5½" x 5½" x 26'.
Geaifil - Giuís Dhúghlais  - 4" x 4" x 17'
Crann spreoide - Giuís Dhúghlais - 4½" x 4½" x 14'

Níor thóg sé ach cúpla nóiméad an liosta sin a scríobh amach, ach níl sé chomh éasca an t-adhmad sin a fháil. Níl adhmad mar sin suite ar an tseilf in Woodies.

Thug Liam ainmneacha agus uimhreacha de scata muilte sábhadóireachta dom agus d-fhág sé domhsa é.

Do chuireas glaoch ar Dónal Ó Laoire i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Do bhí píosaí deasa darach aige ach níl learóg Eorpach le fáil in áit ar bith. Réitíomar go thiocfadh mé féin agus John aníos chun an t-adhmad a ghearradh in éineacht leis go díreach.





John ag iniúchadh an chéad omhna (lomán).

Ag baint an fionn (sú-adhmad) den omhna.

Ag gearradh an chéad stiall.



Omhna eile. Sé troigh déag ar fad an ceann seo.


Súil an saineolaí.

Do bhí an fionn lofa ar an gceann seo, ach féach ar an gcroí-adhmad, go hálainn ar fad!


Ag leagann amach le triomú agus ag glanadh an min astu.

Obair déanta. Caithfaidh muid iad a fhágáil anois ar feadh tamall.


Níl an méid go léir gearrtha fós. Níl seo ach an casadhmad (cuid maith de, ar aon nós) agus na glúine.

Tá súil agam go atosóidh obair arís in Mí Eanáir.




No comments:

Post a Comment