04 May 2016

03/05/2016 - Ag tosnú and tarna stráca ar an dtaobh clébhoird.


An clár ó inné réidh le tairneáil.


Tá céim beag ag na bunanna - ligh beag an locar ag teastáil.

Spiling agus ag marcáil amach an chéad stráca eile.

Beagnach réidh le dul suas ach tá fabht eile ag deiridh an cláir seo.

Ag an deiridh ghearras an clár seo ró-ghéar trí thimpiste, mar sin chuaigh sé ar aghaidh go dtí fráma a 7 seachas fráma a 6 agus dá bhrí sin bhí an píosa mí-cheart sin bainte de ar aon nós.


Ag baint úsáid as saischrampaí chun na cláir a fháscadh le chéile agus na bearnaí a ruaigeadh.

Agus arís scoilteanna ag an trasnán.

Agus fós bearnaí eatarthu.


No comments:

Post a Comment