15 May 2016

Rudaí suimiúla ar an idirlín.

Bím i gcónaí ag lorg na téarmaí cearta mairnéalachta agus teicniúil ar son an bhlag seo, agus creid mé, tógann sé an-chuid ama uaireanta.
De gnáth bainim úsáid as na hacmhainní iontacha ar fáil ar www.teanglann.ie agus www.tearma.ie agus uaireanta www.focloir.ie, ach in ainneoin sin, fós níl gach téarma ar fáil agus uaireanta bím trí chéile ag iarraidh an focal ceart a roghnú as an méid go léir atá ar fáil.
Anois táim tar éis an gluais seo a aimsiú. Lán le téarmaí agus focail farraige atá sé, ach cinnte níl gach téarma atá uaim ann - "spiling" nó "dubbing" éinne? Agus chomh maith le sin, tá roinnt téarma atá fós ag cuir as dom.

Dar leis an liosta seo (agus na leabhair seo), is é 'bord na sceathraí' an taobh ar chlé den bád, nó an clébhoird, ach dar le Ó Dónaill is é bord na sceathraí an taobh ina bhfuil an ghaoth ag séideadh. Tagann an focal 'sceathraí' as an bhfocal 'sceathrach'. An ciall le sceathrach ná aisig. Agus creid mé mar dhuine a raibh tinneas farraige air na mílte uair; nuair a bíonn tú tinn ar bhád téann tú go dtí an taobh ina bhfuil an ghaoth ag séideadh nó beidh éadan clúdaithe le aisig agat!

Agus dar le Ó Dónall arís, is é 'bord na heangaí' an taobh óna bhfuil an ghaoth ag teacht, ach dar leis an gluais sin, an ciall le sin ná an taobh deasbhoird. Ní iascaire mé agus níl a fhios agam an cuireann siad na heangaí amach ar an dtaobh deasbhoird nó an taobh óna bhfuil an ghaoth ag teacht, nó b'fhéidir ceachtar acu!

Cé acu atá ceart? Níl a fhios agam, an dá ceann b'fhéidir, ach rachaidh mé le mo instinn, agus sa chás seo, is é sin le Ó Dónall.

No comments:

Post a Comment