06 August 2018

06/08/2018 - Lá fada - taftaí agus eile

Tá na buachaillí imithe go dtí tigh mo dheirfiúr i mBAC le haghaidh an tseachtain. Tá obair ullmhúcháin le déanamh ag an mBas le filleadh ar ais ar scoil, mar sin tá na laethanta fada tosnaithe.

An chéad rud ar maidin ná feisteas an píobán sceite a fheistiú sa transam le Sikaflex agus scriúnna.
Agus ansin an feisteas cabhlach uisce fuaraithe a fheistiú sa stráca íochtair clébhoird, in aice an inneall.
Tá súil agam go bhfuil an feisteas seo sách daingean ar an gcabhail - do bhí sé deacair é a fháscadh suas go maith.

An dá rud sin déanta thosnaíos ag iomrascáil leis an bpíobán sceite arís.



Tá dhá pholl insan adhmad timpeall an píobán seafta, agus chaithfidh mé iad a úsáid chun aon spás timpeall an píobán a líonadh.
Mhol Liam dom Sikaflex speisialta a fháil - "The brown shit" mar a thug sé air.
Chuas go dtí CH Marine an tseachtain seo chaite sa tóir ar an "brown shit" seo ach ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí á lorg agam. Measaim anois go raibh Sikaflex 298 i gceist aige, ach ceapaim nach raibh sé acu pé scéal é.
Ach is cuma; in easpa an "brown shit" mhol sé go bhféadfainn meascán puití luaidhe dhearg an-thanaí a úsáid, fé mar a dheintear fadó.
Mheascas an puití le an-chuid ola róis go raibh sé ina leacht agus d'úsáideas mála reoáin ón gcistin (GRMA Joanne) lena bhrú isteach sna phoill.

Nílim cinnte an raibh sé déanta i gceart, ach pé scéal é thosnaigh an leacht ag sileadh amach as craiceanna bídeacha idir an post deiridh agus an cnaí deiridh.
Dheineas stopallán ansin leis an méid go léir a choimeád istigh ann.

Sin déanta, shocraigh mé an ceallra isteach fén ngarma rungála ach bhí orm eang beag a snoí amach as an ngarma.

Na nithe beaga sin déanta, chasas ar an jab mór - na taftaí a fheistiú.
Nóta teangeolaíochta ar dtús maidir leis an focal "tafta". Agus mé ag fás aníos i mBAC d'úsáideamar go léir an focal Béarla "thwart" ar son suíochán i mbád. Tugann De Bhaldraithe na focail "tochta" nú "seas" le haghaidh "thwart".
Ach nuair a thosnaíos ag obair sa chlós chualag na saoir báid ag úsáid an focal tafts in ionad thwarts, agus iad ag labhairt as Béarla go cinnte. D'aimsíos ansin an focal "tafta" i bhfoclóir Ó Dónaill. Agus cúpla seachtain ó shin bhíomair insan Músaem na Longa Uigingeach i Roskilde sa Danmhairg agus do chonac ann gur úsáid siadsan an focal "tafte" le haghaidh an saghas suíochán céanna i mbád.
Agus anois tá an leabhar nua-fhoilsithe Curaigh na hÉireann ag Breandán Mac Conamhna leath léite agam, agus léim go bhfuil focal eile "tabhta" in úsáid in áiteanna cosúil le Uaigh agus Fánaid i dTír Conall agus áiteanna eile.
Tá sé soiléir domsa gur eascair na focail seo go léir as "sinsearach coiteann" agus dá bhrí sin táim breá sásta anois na focail "taftaí" agus "tafts" a úsáid i nGaelainn agus i mBéarla fé sheach.
Ach ar ais ag fíor obair, d'aimsíos go raibh na cnaíocha darach tar éis lúbadh beagán thar an samhraidh, ach leanas ar aghaidh pé scéal é.
Chuireas boltaí cóiste (DIN 603) isteach tríd an ghunail agus scriúnna cóiste (DIN 571) aníos tríd an tafta


Sa tarna thafta bhí orm bloic darach a chuir isteach fén ngunail ar dtús ach ina dhiaidh sin bhí sé díreach mar a chéile.


Am fágtha sa lá le haghaidh rud amháin eile - 'sea, cóta prímeálach amháin eile.




No comments:

Post a Comment