02 August 2018

02/08/2018 - Leath lá

Fiú agus na páistí ar saoire scoile, tá ceadúnas agam ón mBas sáriarracht deireanach a dhéanamh an bád a fháil réidh don uisce le haghaidh an seachtain deireanach do na laethanta saoire.
Mar sin, ar ais ag an gclós gan choinne, thugas fé deara go raibh stocairí ón Ilen tar éis mo spás a ionradh, ach ag an am céanna bhí solas maith curtha suas ag Patrick ag lonrú anuas ar an mbinse, agus dá bhrí sin bhíomair cothrom.

Tar éis beagán glanadh suas thosnaíos ag greanáil bun an chabhail ar an taobh clébhoird.

Ansin bhí sé in am an chéad cóta Primocon a chuir ann.
Tá cuma an-difriúil ar an scéal anois!



No comments:

Post a Comment