02 March 2021

02/03/2021 - Tá cursaí ina bpraiseach!

Ag am lón inniu, chaitheas uair a chloig ag fuáil an banda neartaithe, agus ag deiridh an ré san, bhí an banda nach mór críochnaithe (bhuel, an chéad sraith greamanna ar a laghad). 
Shíneas an seol amach chun féachaint air, ach go tobann thugas fé ndeara go raibh rud éigin mí-cheart.

Bhí lipéad "TACA clébhord" scríofa ag an cúinne san nach mór bainte amach agam, ach de réir leagaint amach na héadaí, ba cheart go mbeadh sé san an cluaisín. Más fíor san, bhíos ag fuáil an banda ar an ciumhas deiridh, seachas an ciumhas tosaigh, mar a shíl mé

Bhi orm an dá thaobh san an triantán a thomhas ansan.

Tá an chéad taobh so 4730mm ar fad, agus an taobh eile 5110mm ar fad.
Tá sin nach mór cothrom leis an ndearadh a dheineas i mí Eanair 2020.


Mar sin, sa fótagraif thuas, támuid ag féachaint ar an taobh deasbhord agus tá an banda neartaithe fuáilte ar an taobh mícheart agam. Chomh maith leis sin, tá fáithim déanta agam mórthimpeal an tseoil ar an taobh mícheart.
Is cosúil gur dheineas botún mór an lá a ghearras amach é, agus mé fé bhrú ama roimh teacht ar ais ag obair.
Dheineas an seol cinn sa tráthnóna an lá sin, agus nach ceacht maith é, gan cinntí tábhactacha a dhéanamh go déanach sa lá, ach go háirithe má tá tuirse ort.

Bhuel, tá cinneadh eile le déanamh agam anois. Cad a dhéanfad in aon chor?

Rogha 1:
Gearr an banda so de, agus athosaigh arís amárach. Is féidir an fáithim a fhilleadh isteach leis na bandaí neartaithe.

Rogha 2:
Lean ar aghaidh mar atá. Fág an banda seo ar an taobh mícheart, ach cuir an dá cheann eile ar an taobh ceart. Is féidir an fáithim a fhilleadh isteach leis na bandaí ar an dá thaobh san.

Rogha 3:
Cuir an meid ar fad isteach sa mhála agus críochnaigh é sa bhaile leis an inneall fuála.

Mar a dúras thuas, ní bheadh sé ceart cinneadh mór mar so a dhéanamh go déanach sa tráthnóna, agus táim gar le deireadh lá fada anois.
Déanfad an cinneadh san amárach.

No comments:

Post a Comment