06 January 2021

06/01/2021 - Ag gearadh amach.

 Tar éis an líneáil amach sa scoil, chaith na seolta bliain ar fad, nach mór, fé mo leaba.

Bliain aisteach a bhí in san chuid eile de 2020. Tháinig COVID-19 aniar aduaidh orainn go léir i Mí Márta, agus dá bhrí sin ní raibh deis ar bith agam aon ama a chaitheamh ar na seolta, ná ar an mbád ach oiread. Níor chuireas an bád ag snámh fiú i mbliana.

Ach sin ráite, leis an tír ar fad in dianghlasáil leibhéal a 5+ agus sin go léir greamaithe sa tigh, tá seans agam arís roinnt obair a dhéanamh.

Tharracas amach na seolta agus ghearras amach na línte, ag fágáil orlach éadaigh le haghaidh fáithim.

Chuireas fáithimí mórthimpeall na línte, agus ansin bhíomair in ann an seol mór a shíneadh amach den chéad uair.

Bhí fios maith agam go n-inseodh sé seo scéal dúinn. An mbeadh sé ró-chothrom, nú an mbeadh bolg ró-dhomhain ann?

Nílim ag rá go bhfuil sé foirfe, ach dé réir dealraimh tá an cruth ceart go leor -  preit! (an faoiseamh!)

Agus anois an seol cinn.


Bhíomair ábalta an seol seo a shíneadh amach taobh istigh.

Nílim chomh sásta le cruth an seol cinn. Tá droim an seoil an-liobarnach - ró-liobarnach b'fhéidir. Ach b'fhéidir go mbeadh sé ceart go leor nuair a beidh an aighre ann.




No comments:

Post a Comment