Fada an lá ónar chaitheas aon ama ag obair an an seol seo.
Dheineas píosa beag oibre inniu, ach ta a lán fós le déanamh.
Fada an lá ónar chaitheas aon ama ag obair an an seol seo.
Dheineas píosa beag oibre inniu, ach ta a lán fós le déanamh.
Bím thar a bheith gnóthach sa lá atá inniu ann, agus dá bhrí sin, tá míonna tar éis sleamhnú thart gan dada a dhéanamh ar an seol nua ná ar an mbád féin.
Mar sin féin, chaitheas roinnt uair an chloig ag tosnú na preabáin.
Táim ag baint úsáid as an inneall fuála an uair seo. Mar san, bíonn an dul chun cinn réasúnta tapaigh, ach tá sé deacair rudaí a dhéanamh chomh slachtmhar is atá le lámh fuáil.
Banda neartaithe amháin eile le déanamh inniu, agus beidh tús maith déanta agam ar an tseol seo.
Do bhí sé soiléir dom nuair a bhíos ag seoladh i 2021 go bhfuil mo seol cinn ró-bheag agus cruth mícheart air freisin.
(Ní raibh an bád ar snámh i 2022 ar aon chor)
An uair deireanach a bhí an crann ina sheasamh, shíneas an rópa seo amach in áit an seol cinn chun toisí cearta agus cruth oiriúnach a fháil.
Anois bainfead úsáid as anois mar dhealbh le haghaidh seol cinn nua a dhéanamh.
Nuair a chuirim an seol cinn bunúsach síos in aice an rópa, tá na difríochtaí soiléir le feiscint.
Fuaireas rolla cadáis nua le haghaidh an seol nua ó Vibes & Scribes i gCorcaigh arís.
Mar a bhí an uair deireanach, an chéad chéim ná na painéil a ullmhú le uamanna bréige.
Ag deiridh an chéad lá, do bhí dhá phainéal déanta agus curtha le chéile agam.
Ní rabhas ag súil le blagiontráil nua a dhéanamh chomh luath so, ach tá TG4 tar éis sean-sraith clár faisnéise nua a fhoilsiú darbh ainm Saora Bád.
Tá an sraith léirithe ag Éamon de Buitléar agus eagraithe ag Stephen O'Connell agus cé ná raibh siad foilsithe ar an seinnteoir go dtí le déanaí, is cosúil go rabhadar eisithe den chéad uair in 2002.
Níl ach 3 eipeasóid ann sa sraith:
E1 - Currach Canbhás. Leanann an clár an próiseas tógála le Johnny Jimmy Mac Donncha as an gCeathrú Rua .
E2 - Currach Adhmaid. Chímid Michael Mac Donnacha as Conamara ag tógáil curach adhmaid. I ndáiríre, is punta adhmaid nú báidín adhmaid é an curach adhmaid, ach is dóigh liom go bhfuil na líntí cosúil le curach traidisiúnta.
E3 - Leathbhád Sheol. Ag féachaint ar thógáil an leathbhád "Star of the West".
So an eipeasóid is suimiúla domsa. Thógadh Star of the West i 1994 i mBaile Átha Cliath, agus is cuimhin liom na ráflaí agus mionchaint fúithi ag an am. Bíonn gnáth leathbhád timpeall 34 - 38 troigh ar fad, agus cé go bhfuil sin beagán níos mó na Ellen (tá Ellen 25 troigh ar fad, beag nú mór an méid céanna ná gleoiteog mór), tá an-chuid cosúlachtaí acu.
Sa scannán so, chímid cuid maith de na teicnící agus modhanna oibre d'úsáideas féin ag tógáil Ellen, agus modhanna oibre eile nach iad. Chomh maith leis sin, úsáidtear a lán focail agus téarmaíochta sa chlár atá fíor suimiúil domsa.
Anois, agus an tionscadal díreach críochnaithe agam, tagann an áis iontach so amach! Nuair a smaoiním ar an méid ama atá caite agam thar na blianta so chaite, ag cuardach sna foclóirí agus sna bunachair téarmaíochta, sa tóir ar focail éagsúla, focail neamhchoitianta, focail ársa agus focail doiléir - agus an t-am ar fad bhí an scannán so, an áis is fearr riamh, ag suí ar sheilf éigin, i seomra éigin, i mBaile na hAbhann!
Ba mhaith liom léirmheas a dhéanamh ar an gclár so, ach go háirithe eipeasóid a trí. Ba mhaith liom mionanailís a dhéanamh ar dhá ghné den clár:
1 - An ceard atá le feiscint. Níl an clár ach 55 nóiméad ar fad ach thóg an tionscadal breis is 10 mí le chríochnú; mar san níl ach beagán den próiseas ar fad ann, ach tá croí na hoibre ann.
2 - An foclaíocht agus téarmaíocht d'úsáidtear. Go háirithe, ba mhaith liom iad a chuir i gcomparáide leis na focail d'úsáideas féin sa bhlag so.
Tá súil agam nach tharraingeoinn aon trioblóid orm féin, ach dheineas taifead den eipeasóid seo, agus d'uaslódáileas do YouTube é (ina ceithre chuid), le go mbeadh an léirmheas níos éasca le déanamh, agus níos éasca le léamh.
Rud amháin eile le rá roimh an tús - bhí blás cainte cuimseach tiubh ag Éamonn de Buitléar, agus bíonn fuaimeanna eile sa chúlra. Mar san, in áiteanna, ní thig liom gach rud atá á rá aige a fháil.
![]() |
© Owen O'Connell |
01:22 - Níor thollamair na frámaí istigh na áit in Ellen. Dhaingnítear le chéile iad le crampaí agus thógamair amach iad le tholladh agus le bholtáil. Arís, tá na frámaí i bhfad níos láidre ná na líosaí, agus bheadh sé éasca cruth (nú múnla) na líosaí a athrú trí thimpiste (i ngan fios duit).
Dála an scéal, b'fhearr liom an briathar "tarathraigh", ag Ó Dónaill "v.t. (vn. -rú m, gs. -ithe).Bore with auger", ach go háirithe nuair a bhíos ag úsáid béalmhír tharathair (béalmhír, f. (gs. ~e, pl. ~eanna).Tls: Bit. ~ bhíseach, chaolchosach, chaseitreach, láir, spúnóige, tharathair, worm-, taper-, twist-, centre-, spoon-, auger-, bit".
01:41 - "...dheintear dhá cheann an scair a dhaingniú le tairní." Ní rabhas cinnte cad a bhí i gceist aige fé "scair" anso, ach tugann Ó Dónaill an míniú seo dúinn "3. Overlap. Tá scair ag na leacáin ar a chéile, the tiles overlap".
02:33 - Tá sé suimiúil le feiscint cé chomh éasca a chuireann sé an tairní siúd isteach sa seaimféar. Nuair a bhíos ag déanamh an jab céanna, ba mhinic a tháinig scoilt sa fráma, nú bhriseas píosa den deireadh. Ceapaim go raibh mo thairní ní ba thuibhe ná na cinn atá aige. Cinn Davey aige ceapaim. Fuaireas mo chinn ó Nioclás Ó Conchubhair i gConamara, ach tháinig siad ón India, ceapaim.
02:37 - "...tairneáltear an fráma taobh thuas agus taobh thios don scair, leis na maidí a choineáil gan casadh, agus iad a choineáil ina áit...". Níor thugas fé ndeara go dtí anois díreach, ná fuil ach bólta amháin ag coiméad na codanna de na frámaí lé chéile. Bhí dhá cheann i gcónaí in Ellen. Sa chás so, bheadh na tairní ní ba thábhachtaí ná atá siad in Ellen. Chomh maith leis sin, beadh na frámaí ní ba eatroime, agus ní ba shaoire freisin!
02:47 - 02:54 - "..an chéad maide eile a dhaingneofar ná an stána, nó an bend." Níl a fhios agam caidé an litriú ceart ar "stána" agus níor éirigh liom é a aimsiú sna foclóirí. D'fhéadfá an téarma "sheer wale" a úsáid air i mBéarla. Is dóigh liom ná fuil aon rud mícheart leis an dtéarma "bend" ach an oiread, agus so thíos an iontráil atá ag téarma.ie ar "wale".
03:00 - 03:00 - Gearrthóg deas ina chímid na saora ag feistiú an stráca uachtair go breá cúramach. Is mór an trua nár thaispeáin siad dúinn an próiseas cruth an stráca a fháil agus conas é a chruthú.
03:11 - "..gan an iomarca anró a chuir ar an adhmad.". Is maith liom úsáid an focal "anró" ansan. Is dóigh liom go n-úsáidfinn an focal "strus", ach tá "anró" níos fearr.
03:27 - "Obair do bheirt atá in sna strácaí" a deir sé, agus tá an ceart ar fad aige. Tháinig Liam chun cabhrú liom ó am go chéile, ach formhór den am, bhíos i m'aonar ag feistiú na strácaí ar Ellen, rud nach fuirist le déanamh i do aonar.
03:59 - "...na tairní atá déanta ar nós geanntrachaí...". Focal nua eile dhom, ach tá sé ag Ó Dónaill "geann1, f. (pl. ~tracha) = ding1.". Ba é an focal "ding" d'úsáideas féin i gcónaí.
04:21 - "...roinnt de na strácaí uachtair acu agus na box-gunalachaí déanta...". Tá cúpla rud suimiúla anso.
Tá réimse focal ar fáil ar "gunwale". Tá "s. Slat f boird, gunail f." ag de Bhaldraithe. Tá "béalbhach", "bord", "gar-adhmaid", "gunail" agus "gunbhál" ag Ó Dónaill. Tá "gunail" agus slat bhoird" ag foclóir.ie agus téarma.ie araon. Is cosúil go bhfuil "gunail" mar an téarma is coitianta, ach tugann siad "gunailí" mar fhocal iolra.
Agus cad atá i gceist fé "box (bocs?) gunail"? Is é sin an trí thaobh de cearnóg atá déanta leis an "sheer wale", an "capping piece" agus an "inwale". Theip orm teacht ar téarmaí Gaelainne ar aon ceann acu, seachas b'fhéidir "bind" ar an "sheer wale", nú "stána" mar a duirt de Buitléar é féin.
04:13 - 04:40 - Gearrthóga deasa anois ag an saor ag feistiú na cnaíocha (nú glúnna mar a deireann de Buitléar) timpeall an tafta (nú seas). Tá "cnaí" ag Ó Dónaill "cnaí2, f. (gs. ~, pl. ~ocha).(Of wood) Knee; angle-block (in currach)" agus "glúin" ar "knee" ag de Bhaldraithe "2 Mec.E: Const: Glúin f". D'úsáideas "cnaí" i gcónaí sa bhlag toisc gur luí sé ní ba fhearr liom mar fhocal farraige.
Deireann Éamon linn anois go bhfuil na taftaí, na cnaíocha agus araille déanta tar éis an chéad cúpla stráca. Déarfainn go bhfuil an nós sin i bhfad níos fearr ná an méid a dheineas ar Ellen. Dheineas an plancáil ar fad sara thosnaíos na rudaí laistigh a fheistiú.
Is maith liom an caoí atá sé ag daingniú an cnaí freisin. Níl ach tairne mór aige, nú "dump" b'fhéidir, sechas na boltaí móra ciotacha d'úsáideas féin.
04:32 - "...agus ansin na maidí ceangail nú "stringers", agus...".
Tá "stringer" ag de Bhaldraithe mar "2 Const: Maide m ceangail", agus tá "maide ceangail" ag Ó Dónaill mar "maide ceangail, snaidhmthe, tie-beam". Ní rabhas cinnte an raibh an téarma san fíor oiriúnach do báid - b'fhéidir níos oiriúnaí do cursaí tógála foirgneamh, is araile.
Tá téarma iomlán eile ag téarma.ie - "rungás", agus tá sé soiléir go bhfuil sé i gceist acu gur focal muirí é. Chinneas an focal san d'úsáid sa bhlag, ach ag éisteach le de Buitléar anois, nílim cinnte an bhfuil an cinneadh ceart déanta agam.
05:26 - "Tá na "partners" isteach anois...".
Níl ach breis is mí thart óna bhíos ar obair ar na "partners" in Ellen. Ní rabhas in ann teacht ar téarma sásúil ortha, agus chinneas ar "pairtí criann" d'úsáid, cé go raibh a fhios agam nach raibh an téarma cuí.
Chím anois go bhfuil "páirtnéir" ag téarma.ie, ach fén gceanntásc "Seoltóireacht", seachas "Cabhail".
05:39 - "Beidh an crann daingnithe isteach, idir an dá pháirtnéir, ag an nglas criann.". Is téarma deas é sin "glas criann". Ní fheicim é in foclóir ar bith, ach tá "tochta » ~crainn, ~ seoil, thwart in which mast is fixed" ag Ó Dónaill.
05:55 - Chímid anois an saor ag snoí rabóid fada amach as an gcíle. Jab deacair atá ann, ach go háirithe go bhfuil sé ag obair ar a ghlúinne, ar urlár cruaidh. Ní bheadh an jab so leath chomh mór má bhí bunchlár os cionn an chíle. Muna mbíonn bunchlár ar húicírí, sin maith go leor ach pé scéal é, bheadh sé i bhfad ní ba éasca (agus ní ba thapúla) tál d'úsáid seachas siséal agus casúr.
06:00 - Chím anois go bhfuil na líméir tollta aige cheanna féin. Tá sé soiléir gur tholl sé iad le druillire. Sin a bhí i gceist agam le déanamh mé fhéin, ach mhínigh Liam dom caoí eile lena dhéanamh. Ag déiridh na dála, dhineas mo chinn ró-bheag in ainneoin comhairle Liam, ach ceapaim go bhfuil na cinn seo níos lú fós!
06:04 - An bhfuil sé ag rá go mbeidh "...sé deacair an bád a chrú ar ball."?
Is dóigh liom go bhfuil sé ag rá go mbeidh an bád leagach, nú sní, muna bhfuil an rabóid i gceart, agus tá an ceart aige.
Nílim cinnte, ach más san atá á rá aige, níl "crúigh" sa chomhthéacs san in foclóir ar bith. An rud is giorra leis ná so in Ó Dónaill "Tá an bairille crúite acu, they have drunk the contents of the barrel".
I ngach foclóir, tá iontráil cosúil le so ann "bail4, v.tr. (Of water) Taoscaim, taomaim".
06:09 - 08:20 - Chímid feistiú agus daingniu an stráca íochtair sna gearrthóga san. Úsáideann de Buitléar "stráca íochtair" ar dtús ach an focal Béarla "garboard" as san amach. Níl "garboard" ach in fóclóir amháin, téarma.ie, agus tugann siad "stráca íochtair" dúinn.
De réir cosúlachtaí, níor bhain na saora úsáid as gal chun na strácaí íochtair a chruthú. Tá ionadh orm fé sin, ach ag an am céanna, níl an méid céanna casadh sa stráca so is atá in cinn Ellen. In ainneoin sin, tá a gcuma an-chosúil lena chéile ag an gcéim céanna.
07:14 - Is breá liom an crampa urláir sin! Canathaobh nach raibh ceann nó dhó agam nuair a bhíos ag plancadh!
08:42 - Táimid tar éis léimt mór chun tosaigh a dhéanamh arís. Tá an saor ag déanamh "plugs".
- Arís tá réimse focal ar fáil le haghaidh "plug". Chinneas "dallán" d'úsáid sa bhlag - "m. (gs. & npl. -áin, gpl. ~).1. Plug, stopper" ag Ó Dónaill. Ach úsáideann Éamon "stopallán" - "m. (gs. & npl. -áin, gpl. ~).1. Stopper, plug. ~ a chur i mbuidéal, to put a stopper in a bottle. ~ a chur i bpoll, to plug a hole. ~ scriú, screw-plug. Cuir ~ ina bhéal, (of child) put a teat in his mouth, give him something to make him stop crying", (Ó Dónaill arís).
An focal ceart ag de Buitléar déarfainn anois.
- Agus cad is "sraitheoir stopalláin" ann ach "plug cutter", ach níl trácht ar bith air in foclóir ná bunachar ar bith.
08:54 - "...déantear mín an dromchla ar fad le hinnil páireacha?" An é sin atá á rá aige? Níl ach "greanóir" ag téarma.ie.
09:58 - Níor chualag cheann fé Sudalflex. Bainimíd úsáid as Sikaflex sa lá atá inniu ann, ach chím anois go bhfuil Sudalflex fós ar fáil.
09:03 - "...is féidir é a mhiniú anuas le páirín." Á, míniú ar an scéal. Focal eile ná raibh ar eolas agam roimh ré, Ó Dónaill "páirín, m. (gs. ~, pl. ~í). Sandpaper". Níl "páirín" ag téarma.ie in aon chor, ach "páipéar gainimh" agus "greanpháipéar" amháin.
09:37 - Is iontach an stuif é Deks Olje, ach daor go leor. Nílim cinnte an fhuaimnítear mar sin é, ach an oiread 😂.
10:08 - "...bhí haiste ar bhord na heangaí...". Phléas an téarma so cheanna anso. Níl gá é a dhéanamh arís.
Ó Dónail - "bord » ~ na heangaí, weather-side. ~ na sceathraí, lee side. (Of boat, ship)".
10:20 - "...sraithadhmad mara...", Ní dóigh liom go raibh sraithadhmad sa Ava Maria!
10:25 - Nílim cinnte go bhfuil smaoineamh maith ann an Feltfix a chuir idir an iorócó agus an sraithadhmad. Más féidir le aon uisce teacht isteach fén Sudalflex, bheadh sé greamaithe idir an Soudalflex agus an Feltfix, gan triomiú amach riamh. Is maith an tadhmad é iorócó, agus réasúnta marthanach, ach dá mbeadh sé ag suí in uisce marbh, ní mhairfadh sé ró-fhada.
10:45 - :...clár an deireadh thiar.". Ó Dónaill - "deireadh » (Thiar) sa ~, (back) aft".
10:54 - 12:16 - Chímid feistiú an clár aimsire sna gearrthóga san.
10:58 - "Ar bharr an bhacs-gunail...". Cuir é sin sa bhunachar, a mhuintir téarma.ie, le bhur dtoil!
11:00 - "... tá an clár aimsire, seacht n-orlach ar airde...". "Washboard" atá ann, mar is eol ag téarma.ie "washboard s▼ breakwater s▼ GA clár fir1 aimsire cinn▼.
"...in a sheasamh ar a thaobh, le cáitheadh na farraige agus an mhín a choineail amach as an mbád."
Ó Dónaill "cáitheadh » ~ farraige, mara, na dtonn, spindrift, spume".
Nílim cinnte cad atá i gceist aige fé "mín" sa chomhthéacs so, b'fhéidir scaird mhín ón bhfarraige.
11:52 - "...siar chomh fada leis an mullard..."
Dar le Waterways Ireland (Michael Tyrell), is "Extension of transom or forward frame, port and starboard, used for making fast mooring ropes and towing ropes" é "mullard", ach tá míniú eile ag na foclóirí Gaelainne.
Ó Dónaill - "mullard, m. (gs. & npl. -aird, gpl. ~).1. Bollard. 2. (pl.) Bitts".
De Bhaldraithe - "bollard, s. Mullard m".
Téarma.ie - "Muirí » Seoltóireacht » Cabhail » Cíle, GA mullard fir1▼gu mullaird, ai mullaird, gi mullard EN timber head s"
12:00 - "...ar aon líne leis an gcloigeann siar ag seac an crann spreoide...". Ní chaitheann Ó Dónaill ná de Bhaldraithe aon sholas ar an abairt seo, ach cabhraíonn na áiseanna nua aimseartha linn.
Téarma.ie - "bowsprit heel chock s▼GA seac fir1 an bhoghspriot▼seac fir1 crainn spreoide▼"
Foclóir.ie - "chock noun TRANSP ding fem2, seac masc1"
Ní thugann Ó Dónaill agus de Bhaldraithe ach "ding" ar "chock".
12:25 - Nach aisteach na boltaí atá aige? Téann an snáithe nach mór an slí ar fad suas, ach ansin tá píosa beag gan snáithe, agus píosa beag snáithe eile ag an mbarr. Níl ceann ar an mbolta, ach cnó. Níor chonac bolta (nú barra snáithithe) cosúil le seo riamh.
12:36 -14:27 - Tá míniú deas sa phíosa so ar chonas an stráca a chruthú.
12:44 - "...atá ina luí ansin á stálú...". Focal deas eile!
Ó Dónaill - "Adhmad a stálú, to season timber".
12:50 - "An caoí a bhfaightear an ¿déanamh? atá ar an stráca atá á chuir isteach, leagtear an clár spíle, nó spiling board, isteach le taobh an clar deireanach a chuireadh isteach."
- Nílim cinnte an é "déanamh" é an focal sin, ach tá sé soiléir go bhfuil sé ag plé cruth an stráice, an cuar atá ann, agus araile.
- "an clár spíle". Ce chomh fada a bhíos ag cuardach ar focal nú briathar ar "spiling"? Ag pointe amháin bhíos ag dul as mo mheabhair leis, agus chumas mo fhocal féin air "slat spadhlála"! Ach ní raibh ga ann, bhí focal ann ag de Buitléar agus TG4 an t-am ar fad, ach bhí siad ag coimeád ina rún é.
13:00 - "Leagtear an clár spíle isteach ar na maidí, gan é a ardú ná a isliú..." Tá san fíor tábhachtach, agus b'fhéidir an fáth nach raibh mo chuid spiling ró-mhaith. Tá se deacair an clár fada tanaí sin a lámhsáil gan é a lúbadh beagáinín suas nú anuas agus tú ag obair i do aonair.
Tá an cuid eile den abairt réasúnta deacair le chlois, agus mar san féin tá sé tábhachtach freisin. Mar san, scríobhfainn amach é mar a chloisim é, chomh cruinn agus is féidir liom -
13:05 - "...agus san áit a bhuaifidh sé an clár os a chionn, tógtar soir agus siar uaigh toisí, agus tomhaistear ó ceathrú orlaigh go dtí ceithre orlaigh déarfaimid, de réir mar atáthar ag tomhas soir agus siar ón áit a bhfuil an clár spíle á bhualadh. Nuair atá na toisí marcáilte leis an lata atáthar tar éis á thógáil ón gclár spíle, is fiú a bheith cinnte ná fuil aon ghleanntán ná cnocán ag faobhar an maide, ach go bhfuil cuar deas leanúnach ann."
Tá a fhios agam cad atá i gceist aige anso, toisc go bhfuil sé déanta agam sa fíor saol, ach n'fheadar an mbeadh duine eile, gan an saghas tathaí sin, in ann é a thuiscint.
13:35 - "Dar ndóigh, chaithfidh an beibheal ceart a bheith ar fhaobhar an chlár, de réir mar atá na stráicí chun dul ag obair, mar ar an gcinn is ar éigin go mbeadh aon bheibheal, agus sa lár an bháid, ar bholg nó ar fliuchadh an bháid, taobh istigh a chaitheas an beibheal a bheith. Agus dé réir mar a gabhfá siar faoi na ¿t-uisceadaí?, is ar an taobh amuigh a chaitheas a beibheal a bheith.
OK, glacaim leis, ach níl sé chomh simplí sin.
14:00 - "Thógfadh cuid de na saora, beibheal an chláir in aghaidh chuile mhaide le uillinn bheag a bheadh déanta as lann hacksaw, briste ina dhá leath agus tairne tríd an dá pholl. Mharcáilfidis gach aon beibheal ar phíosa de chlár agus nuair a bheidís ag plána ar fhaobhar an stráice, bhí siad in ann an beibheal a shocrú ón gcláirín a bhí sé liostálta air."
Is uirlis féin-déanta atá i gceist aige, agus is "fiarbhacart" é, dar le de Bhaldraithe agus "beibhealbhacart" dar le téarma.ie. Baineann gach éinne úsáid astu in Hegarty's, ach deineann siad as píosaí adhmaid iad.
N'fheadar liom conas na beibhéil ar thaobh (nú faobhar) an stráice a fháil gan iad.
14:54 - "...déantear plánáil leis an mbeibheal ceart a chuir ar an gclár a fhilleas go cuar an bháid."
15:50 - 16:15 - Chímid na saora ag ullmhú na frámaí chun an stráice a ghlacadh (rud a bhí déanta i bhfad níos túisce i dtógáil Ellen).
15:51 - Canathaobh go bhfuil sé á bhualadh an fráma le siséal mar san? Ná fuil tál acu?
15:54 - "...ní mór a bheith cinnte go bhfuil na maidí cothrom lena chéile."
Sa Bhéarla déarfá go gcaithfidh siad a bheith "fair". Níl sin mar a chéile le "cothrom" mar a thuigim an focal, ach seans maith ná fuil an tuiscint sin ceart - níl ionam ach foghlaimeoir ag deiridh na dála. Déantear "dubbing" nú "fairing" chun an cruth "fair" sin a fháil, sin atá á dhéanamh aige leis an siséal.
Sa bhlag, bhaineas úsáid as an bhfocal "cóir" le haghaidh "fair" agus an briathar "coiriú" le haghaidh "fairing" agus "dubbing".
Ó Dónaill - "cóir1, f. (gs. córa, pl. córacha). 4. Proper condition. Rud a chur i g~, to put sth. right, in order. Má tá sibh i g~, if you are ready, dressed. Tá gach ní i g~, everything is in order, in readiness". "cóir3, a. (gsm. ~, gsf., npl. & comp. córa). Rud a dhéanamh mar is ~, to do sth. properly". "cóirigh, v.t. & i. 1. Arrange, dress. Cloch a chóiriú, to dress stone. Leathar a chóiriú, to curry leather".
16:03 - "...agus muna mbeidh an lata ag luí leis an maide go hiomlán, bainfidh sé scláimhín amach as leis an siséal - slímiú a thugtar ar sin."
Seans go bhfuil sé seo an aibirt is tábhachtaí sa scannán ar fad (bhuel, seo agus "clár spíle").
Ag an deiridh, focal cinnte ar "fairing". Slímiú.
Níl sé in Ó Dónaill, ná de Bhaldraithe, ná Ua Maoileoin, ach tá sé ag téarma.ie, ach i gcomhthéacs eitleáin.
16:26 - "...mar gur phíosa de clár díreach é, a chaitheas na cuair nua seo a thógáil suas, ní fhéacfar é a bhrú ró-thobann isteach ina áit.".
Sin deiridh leis an tarna chuid.
Ar aghaidh go dtí an triú chuid...
00:40 - Tá an plancadh ag dul chun cinn go maith, agus tá an cruth álainn ag teacht amach aisti anois.
00:58 - Cuir cúpla stráice suas in lá oibre amháin? Más fíor san, d'oibrigh na saora san i bhfad ní ba thapúla ná mé! Thógfadh sé cúpla lá dhom stráice amháin a dhéanamh, a fheistiú agus a dhaingniú, agus san amháin da mbeadh gach rud a dul go maith, gan deachracht éagsúil.
01:24 - Tá Johnny Jimmy MacDonncha ag déanamh praiseach de immeal na strácaí leis an iarann corcála so, chaithfidh mé a rá. Ach tá a fhios agam go bhfuil sé deacair aon rud a dhéanamh i gceart le ceamara i do aghaidh agus tú ag iaraidh obair.
Mhol Liam dom an séama a oscailt leis an iarann corcála ar dtús, agus ansan dul ar ais thart arís chun an cadás a chuir ann. Chomh maith leis sin, chuireas prímeálach ar fhaobhar na stráicí sara bhfeistítear iad, agus ceapaim gur thug sé sin beagán tacaíocht don imeall.
01:36 - 01:43 - Tá an chéad abairt eile deacair le clois freisin - "Tá an bád seo corcálta le snáth bog cadás. Le cadás a chorcáltaí na sean-luamh na rástaí agus na bháid phléisiúr sna sean-laethanna. Bhí sé níos ealaíonta.". N'fheadar fé san. Fad agus is eol domsa, braitheann sé ar tiús an stráice. Bíonn ócam níos oiriúnaí do stráicí móra, agus an cadás bog oirúnach do strácaí beaga, ach is dóigh liom go raibh ócam ní ba shaoire ná cadás fadó, agus dá bhrí sin d'úsádfadh na daoine bochta Chonamara é.
01:55 - Tá se soiléir anso ná fuil leithead na strácaí díreach mar a chéile ar an dá thaobh den bád. Bhí an fhadhb céanna agam le Ellen. Ní dheineann sé aon difríocht practiciúil, ach dar le Liam, is féidir go chuirfeadh sé cuma nach deas ar an mbád. Bhíos beagán buartha fé ag an am, ach anois ní chím é in aon chor.
02:43 - So buntáiste amháin le crann scóide ar an seol mór - is féidir an scód a fheistiú os comhair an liagóir/fear stiúrach. Níl gá "barra transaim" a fheistiú in aon chor.
02:45 - 03:34 - Tá sé go deas saothar an gahbha Paddy Murphy a fheiscint freisin anois, agus a "ceárta inaistrithe" ag an gceardlann aige.
03:04 - "Anseo tá sé ag críochniú amach an chain plate a thabharthas tacaíocht do stoc an criann.".
Tá "iarann scriúta" ag téarma.ie ar "chain plate", agus san d'úsáideas sa bhlag.
Tá ionadh orm fé úsáid an focal "stoc" anso freisin. Tá "(a)~ crainn, trunk of tree" ag Ó Dónaill, ach ní rabhas ag súíl le úsáid an focal sa chomhthéasc so. Fíor suimiúil.
03:09 - "Seo é crúca an bum, nó an goosneck, a théas isteach sa bum...". Níl "crúca an bun" ná "gooseneck" sna foclóirí, ach tá "gúsnaic fir4▼ gu gúsnaic, iol gúsnaicí, scrogall fir1▼ gu scrogaill, ai scrogaill, gi scrogall" ag téarma.ie. Tá "gúsnaic" ag foclóir.ie chomh maith.
Más rud é go bhfuil "gúsnaic" sa ghnáth caint, tá san maith go leor, ach cad as a dtagann "scrogaill"? Agus cad fé "crúca an bun"? Más rud é go bhfuil sé sa chaint, canathaobh ná fuil sé in sna foclóirí nú sa bhunachar? Muna bhfuil sé sa ghnáth chaint, cá bhfuair de Buitléar é?
03:12 - "Téann an lúb isteach sa coiléar le go mbeidh an bum in ann ba dhul ó thaobh to taobh."
Níl "bum" ag Ó Dónaill ná de Bhaldraithe, ach tá sé ag téarma.ie agus foclóir.ie.
Tá "crann scóide" agus "bumaile" ag de Bhaldraithe agus "bumaile" nú "bumba" ag Ó Dónaill. Níl bum, ná bumaile, ná bumba, ná crann scóide in Ellen, agus dá bhrí sin ní rabhas buartha fén bhfocal so in aon chor!
03:21 - 03:35 - N'fheadar caidé an píosa miotalóireachta san atá siad á phlé. An deireann an saor "...old iron..." nú "...cold iron..."? An é an iarann craein é, nú píosa ón gcrann spreoide, nú rud éigint eile?
03:35 - 04:20 - Tógáil an crann. Crann breá mór atá ann - 10.7m ar airde, agus déanta as píosa Dhughlais amháin. 33cm ar tiús ag an mbun, agus 17.8cm ar tiús ag an mbarr.
04:07 - Tá fabht le feiscint sa chrann anso. Tá sé an-dheacair iad a sheachaint go hiomlán, ach go háirithe in crann déanta as stoc mór amháin. Fad is atá na fabhtanna ag dul leis an snáithe, ní bheidh mórán fadhbanna ann.
Ó Dónaill - "fabht, m. (gs. ~, pl. ~anna). ~ in adhmad, shake in timber".
Ó Dónaill - "snáithe, m. (gs. ~, pl. ~anna). 2. Granular texture, grain, grit, fibre. Adhmad a bhfuil ~ réidh ann, timber with an even grain, timber which is easy to cut. Gearr ar an ~ é, cut it along the grain, on the straight".
04:12 - Is breá liom é go bhfuil na sliastáin snoite as an stoc crann féin, seachas píosaí breise cruthaithe agus feistithe níos déanaí, mar a bhí sa chás ar chrann Ellen.
04:42 - 05:04 - Is breá liom an íomhá imeacht ama.
05:06 - Agus leis sin, tá sí saor ón gceardlann anois, tús le saol breá, fada, bríomhar, tá súil agam.
05:27 - Fé dheireadh, ainm an príomh saor bháid sa thionscadal so - Johnny Healion.
05:43 - "...duga grávála...". Téarma deas eile. Is minic a bhíos ar an spota san, ach tá Comhlacht Calafoirt Átha Cliath ag iarraidh é a dhíol, nú é a líonadh isteach fé láthair, fad agus is eol dom.
06:11 - Agus gan trácht ar an "Dyflin" in aice léi!
06:32 - "Sa deireadh thiar, tá na stothanna, nú na scriútaí tomhaiste sa fhad ceart."
San focal nua orm, "stoth". Ó Dónaill - "stoth3, f = stagh". Tá sé soiléir go dtagann an focal "stagh" as an bhfocal "stag" sa sean-Lochlainnis, ach n'fheadar fé "stoth".
06:40 - Tá "spladhas" agus "com" ag Ó Dónaill. D'úsáideas "com" sa bhlag i gcónaí.
Ó Dónaill - "spladhas, m. (gs. -ais, pl. -dhsanna). Splice". "com2, m. (gs. coim, pl. ~anna). Knot on rope, etc., to prevent ravelling".
Tá litriú difriúil ag téarma.ie "splice s▼ GA spladhs fir4▼ com fir1▼gu coim, iol comanna".
Níl "com" ag de Bhaldraithe, agus ceapaim anois go mbeadh "spladhas" ní ba fhearr.
06:55 - An é "...súil deor tuilteach..." atá á rá aige? Foclaíocht níos deise ná "teardrop deadeye" sa Bhéarla máis é. "...de bhár an déanamh atá air.". "Déanamh" mar "cruth" sa chás so. Go deas.
07:17 - "Nuair atá chuile tabhairt ar an gcrann, an rigeáil, na stothanna agus na láinnéir, scaoiltear an crann isteach sa cheap treo, atá ar an tsraith úrláir, agus daingnítear an crann idir an dá pháirtnéir." OK, tá an-chuid le inniúchadh ansan.
- "tabhairt", má cloisim i gceart é. Ní bheinn ag súil leis an bhfocal san, sa chomhthéas san, ach is maith liom rud nua mar sin a fhoghlaim.
- "an rigeáil". D'úsáideas féin "rigín' i gcónaí sa bhlag, ach chím anois go bhfuil "rigeáil" inghlactha freisin.
De Bhaldraithe - "rigging, s. 1 a Rigeáil f. b Mec.E: Fearais mpl (innill). 2 Rigín m, culaithirt f. Main rigging, an rigín mór. Standing rigging, rigín seasta".
- "láinnéir" - Tá dhá bhrí ag téarma.ie ar "láinnéar", "láinnéar fir1▼gu láinnéir, ai láinnéir, gi láinnéar, EN halyard" agus "GA láinnéar fir1▼gu láinnéir, ai láinnéir, gi láinnéar EN lanyard s▼".
Ach níl ach míniú amháin cosúil le sin ag Ó Dónaill air "láinnéar, m. (gs. & npl. -éir, gpl. ~).1. Lanyard. 2. (a) Tatter. (b) Person in tatters. (Var:lainnéir m)"
Níl ach "háilléar" ag de Bhaldraithe ar "Halyard" agus "láinnéar" aige ar "lanyard".
Mar gheall ar so, nílim cinnte cad atá i gceist ag Éamon anso mar sin. Um an dtaca so, bheadh sé buntáistiúil da mbeach na háilléir go léir ar an gcrann, ach ag an am céanna, bíonn láinnéir ag bun na scriútaí (nú stothanna) freisin. B'fhéidir go bhfuil an dá rud, agus rudaí eile nach iad, i gceist aige. Seans maith go bhfuilim ag smaoineamh an iomarca air chomh maith!
08:10 - 10:42 - Chífimid anois conas na seolta a thomhas, and a leagaint amach. Is iontact an radharc isteach é seo ar sean-ceard atá an-míchoitíanta sa lá atá inniu ann.
08:16 - "...sa chaoí go mbeadh an ¿culaith cóir ag an gcuradh? is sa méid cheart le haghaidh seoltoireachta.". Is léir go bhfuil sé ag plé meid agus cruth na seolta, ach ní thig liom na focail áirithe a fháil amach anso.
08:18 - 08:37 - Is breá liom an teicníc seo chun na toisí cearta an seol a fháil. Bhíos ag iarradh é a dhéanamh mar a chéile le seolta Ellen, ach mar gheall ar droch-eagrú, bhí orm na toisí a fháil agus an crann leagtha sios ar an mbád.
- "...go mbeidh sí píceálta mar is ceart...". Cinnte "peaked" atá i gceist anso, (is é sin le rá go bhfuil an stuaic suas a dhóthain) ach ní thig liom teacht ar an téarma coitianta so in aon fhoclóir ná bunachar ar bith.
- "...agus an bum á chrochadh sa chaoi nuair a bheadh ann i do shuí ar an tile, go mbeadh an bum anonn is anall gan do chloigeann a bhualadh.
- Ó Dónaill - "tile, m. (gs. ~, pl. -lí).1. Lit: Board, plank (of boat). 2. Nau:(a) Sheets. ~ tosaigh, deiridh, fore-, stern-, sheets. (b) Poop. Ag teacht thar ~, (of waves) pooping. S.a. ráille". Is í an Bhéarla atá casta sa chás so, ach go háirithe Béarla mara. Ní hé an scód atá i gceist anso le "sheets" ach an úrlár sa bhád. Úsáidtear "fore sheets", "sole" agus "stern sheets" ortha, i measc téarmaí eile.
- Bhíos cinnte go bhfuil "fore and aft" i gceist aige le "anonn is anall", ach tá leagann eile ag de Bhaldraithe, "fore(-)and(-)aft, a. & adv.Nau: Ó thosach go deireadh. Fore-and-aft sail, seol ar fhad an bháid".
Tá sé soiléar freisin ná fuil tuiscint maith ag muintir foclóir.ie ar an bhfrása "fore and aft"
"fore and aft1, especially NAUT, AERO, at front and back, ar fhad an árthaigh, ó thosach go deireadh". Ní chialaíonn "fore and aft" "at front and back" 😂. Tugtear "fore and aft" ar aon rud atá comhthreomhar leis an gcíle. Cosúil leis sin, tugtear "up and down" ar aon rud atá ingearach i mbád. Tá siadsan ag smaoineamh ar "for'd and aft", is nath cainte eile é sin.
Tá "fad loinge" ag téarma.ie ar "fore and aft", agus ceapaim go bhfuil sin ceart go leor freisin.
Ar aon nós, anois nílim cinnte ar raibh "fore and aft" i gceist aige, ach gluaiseacht an bum ó thaobh go taobh.
- Dála an scéal, tá an-chuid caitheamh anuas léite agam thar na blianta ar muintir na fócloirí nua agus an bunachar náisiúnta. Bíonn scríbhneoirí áirithe ag tabhairt amach fén gcaighdeán Gaelainne atá ag an dream san, ach nuair a léimse rudaí áirithe, bíonn sé cuimseach soiléir dhom go bhfuil Gaelainn breá acu, ach b'fhéidir ná fuil Béarla ró-dhomhan nú ró-leathan acu. Is dóigh liom go bhfuil an Bhéarla mar tharna theanga (L2) ag cuid maith acu. Ag deireadh ná dála, bíonn jab deacair le déanamh acu go minic.
08:55 - Nach mbeadh sé go diail seolta a leagaint amach ar urlár fairsing, glan agus cothrom mar so!
Ní raibh áis mar so ag na déantóirí seolta fado, ach is dóigh liom go rabhadar ag obair le ábhair ní ba mhataí (cadás, líon, cnáib is araile) ná na éadaigh seoil nua aimseartha.
09:07 - @Múinteoir_Joanne, canathaobh ná raibh cead agam tairní a bhualadh isteach san úrlar an halla spóirt na gaelscoile mar so???
"Tá na marcanna ar fad thíos, Harry Sterling a fhuafaidh san le chéile".
09:11 - Níl a fhios agam cén saghas éadach seoil atá acu, ach de réir dealramh tá sé i bhfad níos troime, níos tuibhe agus níos righne ná an téadach cadás ceaileacó d'úsáideas féinig.
09:40 - Is maith liom an teicníc atá aige anso chun cuar cóir an náprúin a chruthú. D'úsáideas féin lata, mar is móltear sna leabhair, ach do bhí mo lata ró-thiubh agus bhí sé ró-dheacair é a lúbadh. Dá bhrí sin, níl an náprún domhain a dhóthain ar mo sheol. Ach leis an téid seo, agus súil oilte, is féidir pé doimhneacht atá uaidh a mharcáil amach go héasca.
10:07 - M'anam, tá an téadach san tiubh! Cheapfá go raibh brat cúrsa taisdíonach ann!
10:12 - "Tá cáil ar Phat Ciúinín mar fhear seoil..." Cad atá i gceist anso? Fear a dhéanann seolta, nú fear a úsáideann seolta, nú an dá rud?
Ua Maoileoin - "seoltóir » fear seoil; duine a dhéanann seoladh; mairnéalach; tiománaí eallaigh".
De Bhaldraithe - "sail-maker, s. Déantóir m seolta".
- "...agus níl a mháistir ann le seolta a dhéanamh, sa chaoi go mbeidh an culaith ceart seoil ar an mbád.".
Creidim é. Ba bhreá liom roinnt ama a chaitheamh in éindí leis an bhfear uasal so, ach faraor tá sé ró-dhéanach, tá sé imithe ar shlí na fírinne anois. Tá píosa scríbhneoireacht álainn fé le léamh anso.
10:22 - Cruth an tseoil ag teacht le chéile anois, ach níl sé seo ach tús an obair.
10:42 - 11:22 - Táimid tar éis léimt ama chun tosaigh a dhéanamh arís. Tá na seolta déanta agust tá Star of the West réidh lena chrochadh ar a céad aistear. Tá sí ag an gCumann Seoltoireachta Luaimh an Phoill Bhig, is cosúil.
11:23 - Léimt mór eile in ama agus in spás anois freisin. Tá Star of the West in Conamara anois, agus ag an deiridh chífimid conas a sheolann sí!
12:13 - Lá gaothfar atá ann, agus seoladh bríomhar, ach cad atá á dhéanamh ag an mbreall so! Ná fuil crúca báid acu?
12:50 - Tá cúrsa inti mar gheall ar an ngaoth láidir, agus cinneadh ciallmhar a bhí ann, ach de réir dealraimh tá háilléar teap ar an mbum ag cuir isteach as an tseol. An bhfuil sin ann mar gheall ar an gcúrsa?
Téarma.ie - "Muirí » Seolóireacht » Rigín » Rigín Reatha, GA háilléar fir1 teap▼ EN topping lift s"
13:10 - Tá sí a tógaint an chuid "weather helm", nú "halmadóir trom" dar le téarma.ie.
Seans go bhfuil an seol cinn ró bheag, nú tá an scód ró-scaoilte acu, nú b'fhéidir go bhfuil sé mar gheal ar an gcúrsa, deacair le rá ón radharc so.
Tá amhras orm fén téarma "halmadóir trom" agus an mhalairt "claonadh fothana" nú "lee helm". Braitheann siad beagán mínádúrtha, agus ba mhaith liom fáil amach an bhfuil éinne i gConamara ag úsáid iad sa chomhthéas so.
13:52 - Tá sí ag treabhadh leí anois. Nach álainn an bád í!
14:58 - Cá bhfuil an té sin ag dul? Shábháilteacht go Tús Áite! 😂
15:22 - Anois, tá san ait go leor (i mo thaithí péarsanta). Cad atá á rá ag an bhfear "D'éirigh as ????? ansin."? Nílim cinnte.
An raibh timpiste ann, nú an bhfuil siad a seoladh mar so d'aonturas?
Níl "parrel beads" acu thart béal adharca an gheaifil, agus tá an seol mór ag feidhmniú anois mar sheol cleithe seasta, b'fhéifir go raibh sé beartaithe acu é a dhéanamh mar so, cá bhfios? Ach ag an am céanna, níl aon bhád eile ag déanamh a leithéid, agus má tá buntáiste ann, canathaobh ná fuil siad go léir?
An bhfuil "parrel beads" ag éinne acu? Ceapaim ná fuil, agus níl téarma Gaelainne ortha in aon fhoclóir. Seans maith nach raibh "parrel beads" riamh ar aon húicéir, agus b'fhéidir seo é an fáth.
Agus sin deiridh le cuid a trí.
Tosnaíonn cuid a ceathair le píosa beag ceol. Nílim chun léirmheas a dhéanamh ar san, ach tá sé soiléir go fear ildánach atá in Johnny Healion.
00:23 - In ainm Chrom, féach ar an bpionta álainn blásta san! Fada an lá óna bhí pionta deas mar san agam, i mbear teolaí, le comhluadar mo chairde agus sinn ag casadh amhrán. Braithim go mór uaim é.
00:39 - 02:34 - Gearrthóga deasa le Star of the West ag déanamh seol, agus húicirí éagsúla ag seoladh farragaí na Gaillimhe ina dteannta.
02:33 - 03:29 - Críochnaíonn de Buitléar an scanán ríluachmhar so le píosa prós álainn, agus ceapaim go bhfuil sé fiú é a athscríobh anso:
"Tá an Star of the West ag seoladh go maith, an buíochas sin do na fir a rinne í. Agus cá bhfios nach músclódh na h-imeachtaí seo misneach daoine tabhairt faoi bád atá acu féin a dhéanamh, mura bhfuil an suim músclaithe cheann fhéin. Is cuid de shaol an iarthar na báid seo le fada an lá. Ach tá athrú intinne ag teacht, tá na saortha sásta a gceard a roinnt. Má bhí tiortáil agus cruatan ag baint leis na báid, bhí mórtas cine agus coimhlint seoltóireachta ag baint leo freisin. Ach tá an tiortáil agus an t-anró thart, is tá an bród agus an mórtas cine agus an athbheochant spéise ag cuir le saibhreas cultúrtha an iarthar, agus le h-uaslacht saol an chósta fri chéile, de bharr na sean-bháid gleoite seo, agus dar ndóidh, na báid nua atá ag teacht, amach ó láimh an tsaoir.".
Agus san é.
Ag deireadh na dála, cad atá le rá agam fén scannán so? Bhuel, ba bhrea liom é da mbeadh sé feicthe agam sara thosnaíos mo thionscadal féinig.
Bhí mo thionscadal i ndá phíosa, mar dhá dhual de rópa casta timpeall a chéile. An chéad phíosa ná an saothar féin. An obair sa bhádchlós, ag foghlaim an ceard agus ag táirgeadh an bád. Agus ina dhiaidh san na seolta a dhéanamh sa chaoi traidisiúnta.
An tarna dual ná an blag so, ag taifead gach céim den proiseas agus an iarracht an tearmaíocht agus foclaíocht is oiriuní a fháil amach. Bheadh an dual san i bhfad níos éasca dá mbeadh an áis seo agam ón dtús, ach b'fhéidir nach mbeadh an méid céanna foghlaimithe agam má bhí.
I mo thuairim, tá sé dódhéanta luach a chuir ar an scannán so, ach bheadh sé ní ba luachmhara fós má bhí fóthéidil Gaelainne ann freisin. Tá a fhios agam go bhfuil fóthéidil Béarla ann, agus d'fhéachas ortha cúpla uair nuair nach rabhas ábalta na focail a chlois i gceart, ach i mo thuairim, níl a lán maith iontu.
Bheadh sé níos fearr freisin ma bhí níos mó mioneolas ar na teicnící d'úsáid na saora sa cheardlann, spiling mar shampla, agus na siúntaí. Go ginearálta, bheadh an scannán níos fearr le níos mó ama caite sa cheardlann seachas amuigh ag féachaint ar na iomhánna álainne na báid ag seoladh.
Ach mar san féin, bhaineas an-sult as an scannán so, agus na cinn eile sa sraith. Bua mór eile ag Éamon de Buitléar i measc an-chuid buanna ar fad a ghairm mar scannánóir.