15 May 2017

15/05/2017 - Ag feistiú an chuid tosaigh den stráca íochtair.

Leanas ar aghaidh leis gcuid tosaigh den stráca íochtair ar maidin.
Bhíos chomh díograiseach nuair a bhíos ag galú an mhí seo chaite gur chaitheas an plainc seo isteach sa phota gan a bheith réidh in aon chor.
Tá sé ró-ard ar fad agus ró-thiubh. Tá sé ró-dhéanach anois aon rud a dhéanamh fén tiús, ach bhí orm rud éigint a dhéanamh fén ard. Mar sin ní raibh an tarna rogha agam seachas é a tabhairt anuas.

Ar dtús, thriaileas as an tslat a leagaint amach ar an gclár chun é a líniú, ach tá an clár i bhfad ró-chasta anois ina dhiaidh an galú chun líne cóir a dhéanamh.
Bhí smaoineamh eile de dhíth.
Mar sin, leagas an tslat amach ar na frámaí chun an líne cóir a haimsiú agus thomhaiseas  aníos as an rabóid agus an chíle le haistriú trasna go dtí an stráca.





Agus an stráca anuas, ghlacas an deis an rabóid a phéinteáil arís.

Ainm an bháid.
Ansin chuireas an stráca suas arís agus thosnaítear an feistiú agus an ceirfáil.


Tá cúrsaí ag dul chun cinn ach níorbh fhéidir liom an feistiú a dhéanamh i gceart leis an rádal fós ann ag an mbun.
Thógas anuas arís é leis an mbun a ghearradh agus ghlacas an seans fótagraif a fháil ar an méid casadh atá ann tar éis an galú.


Agus ar ais ag feistiú.
Sin é anois é.


No comments:

Post a Comment