18 May 2017

18/05/2017 - Ag leagaint an feistiú

Ar aghaidh gan stad ar maidin. Ar dtús ag cinntiú go bhfuil an plainc mar a chéile ná an dealbh.

Tá sé go maith ach tá roinnt cuasáil fós le déanamh ar an gcúl.

Ar an taobh amuigh chaithfidh sé bheith dronnach ach taobh istigh caithfidh sé bheith cuasach.
An locar cuasáil i bhfeidhm arís.

Nach mór réidh.
Ansin, den tarna uair, bhí orm an píosa fadhbach sin a bhualadh amach.

Ach bhí coinne eile agam le John Cronin. Bhí sé réidh mo fheistiú a leagaint agus bhí orm dul chun an spota ceart a roghnú agus cabhair leis.
Chuireas é seo in eagar cúpla mhí ó shin, agus mé ag ceapadh go raibh seans ann go mbeidh an bád ar snámh sa samhraidh seo, ach tá a fhios ag an saol anois nach tarlóidh sé sin. Ach pé scéal é, cuirfimid an feistiú síos anois agus beidh sé réidh liom.

Tá bloc ollmhór coincréit ceangailte fén rafta seo.



Tá an slabhra seo cruaite laistigh sa coincréit. Tá an bulla ceangailte leis an slabhra le rópa.



 

Ag gearradh a téad chun an bloc a sheoladh go grinneall na farraige.
Ag socrú an bloc (leis an unlas ar bhád John) le bheith cinnte ná fuil sé ina luí ar an slabhra.




Ansin, chomh tapaigh agus ab fhéidir liom, thógas marcanna compáis ar pointí feiceálach inar dtimpeall chun suíomh an feistiú a chinntiú:
Caiseal na Rinne marc 030ºC
Spuaic na hEaglaise marc 296ºC
Caladh na Rinne marc 090ºC
B'fhearr liom marc trasdul (nó transit bearing i mBéarla) a fháil, ach bhí an-deifir orainn  agus ní raibh ceann ar bith go soiléir dom ag an am. Ach beidh deiseanna eile agam é sin a dhéanamh.

Ach ar aon nós, bhí obair ag fanacht liom ag an gclós.

Nuair a bhí an plainc craiceáilte  as an slí, dheineas dealbh nua, ionas nach mbeadh aon dul amú an uair seo.
Ansin d'aimsíos píosa adhmad an-oiriúnach . Tá an píosa seo gearrtha ina cheathrún, agus i bhfad níos láidre dá bhrí sin.
An gnáth scéal, plánáil, beibhil, bun.

Beagáinín cuasáil freisin.
Agus ligh prímeála.


No comments:

Post a Comment