23 May 2017

22/05/2017 - Ag tosnú ar an 'shutter'.

Níl ach stráca amháin le dhul isteach ar an taobh clébhoird. I mBéarla tugtar an 'shutter' ar an gceann áirithe seo agus ina dhiaidh an stráca íochtair is é an stráca is deacra sa bhád.
Ní mhór de a bheith beibhealta ag an mbun agus ag an mbarr agus chaithfidh sé a bheith ag an leithead ceart ar fad a fhad nó bheadh bearnaí ann nó bheadh sé dodhéanta é a chuir isteach.

Thosnaíos leis an spiling. Dheineas an spiling ar an mbarr toisc go raibh sé sin an taobh is mí-chóir.

Bhí ag éirí go maith liom go rabhas nach mór críochnaithe ag gearradh amach an taobh sin.

Agus an gearradh beagnach déanta scoilt an cláir trasna an líne.
Ansin do chonac go raibh síog roisín ag rith tríd an planc gar leis an gcríoch.

Bhí an t-ádh liom nach raibh sé chomh fada ón líne agus bhíos ábalta an líne a bhogadh síos ceathrú orlach.
D'fhágas a clós go luath inniu agus mé sa tóir ar adhmad le haghaidh an crann agus na sparraí. Chuas ar fud fud Iarthar Chorcaí á lorg adhmad 26 troigh ar fad adhmad glan (gan cranraí) ach theip orm. Ní rabhas in ann píosaí níos lú le scarbhaigh a fháil fiú.
Raghad ar ais go Josh Mortimer amárach le fáil amach an bhfuil aon rud oiriúnach aige dom.

No comments:

Post a Comment