23 May 2017

23/05/2017 - Ag obair sa dorchadas - lá gan aibhléis.


Níl aon aibhléis sa chlós inniu, mar sin nílim ag caitheamh a lán ama amú ag tabhairt cuairt ar Josh ag lorg tuilleadh adhmad.
Do thaispeáin sé na maidí seo dom. Táid sé troigh déag ar fad agus níl aon cranraí soiléir ortha.
Dúras leis ceithre chinn a ghearradh dom; dhá cheann 6" x 6" le scarbhalt le chéile mar chrann agus dhá cheann 4" x 4" fé choinne an geafáil agus an crann spreoide.
Ar ais ag an gclós agus bhí orm obair sa smearsholas. Ach pé scéal é leanas ar aghaidh leis an shutter.
Agus an barr beibhealta thomhas mé síos agus mharcáileas an líne ag an mbun.
Agus an beibheal ag an stuimine.
Tá cuas ar chuid maith fad an planc seo.

An píosa tosaigh déanta, thosnaíos leis an spiling le haghaidh an chuid deiridh.
Mhol Liam dom na frámaí a mharcáil ar na strácaí os cionn agus fén shutter toisc nach mbead ábalta iad a fheiscint agus an shutter ann.
Ceapaim go mbeinn ábalta an chuid deiridh a fháil as an gclár seo, ach chaithfidh mé é a chuir tríd a tiúsóir ar dtús le bheith cinnte. Tá an-chuid sú-adhmad ann toisc go bhful a clár seo ón dtaobh amuigh den maide. Ach gan an aibhléis níorbh fhéidir liom é sin a dhéanamh inniu.

 Mar sin chas mé ar ais chuig an píosa tosaigh agus bhí orm é a ghearradh amach le mo shábh láimhe! I ndáiríre ní raibh sé chomh deacair is a cheapas, ach bhí sé mall, b'in an méid.

Tá beagán feistiú le déanamh air go fóill.


No comments:

Post a Comment