12 May 2017

12/05/2017 - Feistiú 7 tairneáil an stráca íochtair.

Ar ais arís agus an stráca íochtair fós fáiscthe leis an mbád.
Ach do bhí deacracht ann. Níorbh fhéidir liom é a thairneáil toisc ná raibh sé feistithe. Níorbh fhéidir liom é a thógaint anuas le feistiú toisc go raibh sé casta thart ar na frámaí. Bhuel, conas é a fheistiú mar sin?
Mhol Liam é a cheirfáil, ach bhí sin an deacair é sin a dhéanamh mar gheall ar an casadh ar an rabóid. Thriaileas as ach níor éirigh liom ar scor ar bith. Ansin rith sé liom gurbh fhéidir liom é a cheirfáil leis an tum-sábh.
Tá an lann an-chaol sa sábh seo agus is féidir liom é a sháigh isteach sa bhearna idir an stráca agus an chíle nú an cnaí agus é a ghearradh mar sin.










Ar deiridh (tar éis am lón) bhí Liam sásta leis (an cuid deiridh) agus thosnaíomair leis an tairneáil.
Níor chuir sé a dhóthain muinín ionam agus dhein sé na tairní ba thábhachtaí é féin.





Ansin d'fhág sé na cinn simplí domsa!

Ansin chomhairligh sé roinnt acu a fhágáil go mbeidh an chéad stráca eile ina áit os a chionn.

Táim buartha fén scoilt beag seo, ach dúirt Liam é a fhágáil mar is atá.

Ansin ghearras an bun, arís leis an tum-sábh (agus beagáinín glanadh suas leis an siséal.


Ansin bhí sé in am an méid go léir a dhéanamh arís ar an gcuid tosaigh.


Féach chomh mór is atá an bearna sin!

Lá maith le an-chuid dul chun cinn a bhí ann, ach thugas fé deara freisin go bhfuil an stráca achrannach sin, a bhí orm a dhéanamh dhá uair cheanna, scoilte arís. Bhuel, mar a deirtear, bíonn an tríú uair sona (tá súil agam ar aon nós!).

No comments:

Post a Comment