04 July 2016

04/07/2016 - Ag gearradh adhmad arís.


Ní rabhas ag súil go mbeinn ag caitheamh an lá ar fad inniu i nDroim Dhá Liag ag féachaint ar adhmad á ghearradh ag duine eile, ach sin a tharla.
Nílim ach díreach ar ais ó saoire beag deas in Londain agus bead ag dul ar ais ag obair amárach agus b'fhearr liom an lá seo a chaitheamh ag déanamh rud éigint eile. Abair fé pleananna!


Josh ag fáil an stoc sin lean alpaire.








Tá muileann sábhadóireachta iniompartha ag Josh agus nach iontach an gléas atá ann.


Ag fásáil an omhna leis an sábh ciorclach.




Faraor bhí an stoc ró-fhada ar son an muillean.






Ní raibh an lann ciorclach sách mór an omhna a ghearradh tríd agus tríd, mar sin bhí air an sábh slabhrach a úsáid. Ach ceann neamhghnách atá ann, tá gléas air a choimeádann an barra deas cothrom agus é ag gearradh an stiall.








Obair mall a bhí ann, agus bhí fadhb ag Josh leis an sábh. Mar sin ag deiridh an lae, ní raibh ach trí stiall déanta ag an deiridh. D'iarr mé air an méid eile a dhéanamh agus mé imithe ag obair agus baileoidh mé iad nuair a tiochfad abhaile.