15 March 2016

14/03/2016 - Ag críochnú an chéad stráca.


Do thanaigh roinnt de na boltaí nua aréir ó GWS i gCorcaigh. Ní rabhas ró-thugtha leis an gcaighdeán dóibh - Tá an cos nó seafta níos caoile ná a cinn a fhuaras i Sasana an samhraidh seo chaite. Nílim ró-chinnte fén gcaighdeán an galbhánú ach oiread, ach sin an méid atá agam anois.
lean mé ar aghaidh ar maidin ag boltáil an taobh deasbhoird den transam.


Agus ansin ar ais go mo phlanc.
Mhol Liam beibheal beag a chuir ar an taobh uachtarach den gclár, ionas nach mbeidh aon uisce greamaithe idir an stráca seo agus an stráca uachtair. Tá traidisiún in Iarthar Chorcaí an stráca uachtair a dhéanamh mar clinse, sé sin le rá go forluíonn an stráca uachtair thar an tarna stráca.
Sin a dheineas ar dtús.
Ní raibh spás dom sa bhothán, mar sin bhíos ag obair amuigh fén aer úr.

Ansin, bhí orm an rabóid a ghearradh arís.




Réidh anois.
Ócáid mhór atá inti - ag tairneáil an chéad stráca. Bhí Liam ag cabhrú liom, ach láithreach bonn bhí fadhb againn. Chuaigh an chéad tairne isteach i gceart, ach tháinig an tarna ceann i gcoinne bolta agus níorbh fhéidir é a chuir isteach go hiomlán. Dúirt Liam é a fhágáil ag an am seo agus cuirfimid caoi air ar ball.
Lean mé ar aghaidh i m'aonar ansin. D'éirigh u. 2 liom ceart go leor.

Damnú! Tháinig an chéad tairne amach as taobh u. 2. Thógas amach arís é agus chuireas isteach arís é ar an tarna uair, ach níl sé go maith. :-(

Agus arís ar u.3! Níor tháinig sé amach ar fad ach phléasc sé an dromchla agus tá an pointe díreach fé. :-(


Ní mó ná sásta a bhí mé, ach ar a laghad ní raibh aon tubaistí eile agam.

Sin críoch an chéad planc. Bhí orm é a ghearradh ansin, leath slí trasna an fráma. Nílim cinnte conas a tharla sé ach níl an gearradh díreach ceartingearach. Ní raibh sé ró-dhona ach oiread, ach beidh orm bheith níos cúramaí an chéad uair eile.

Roinnt obair eile agus bhí sé in am an tarna phlanc a thairiscint suas...

...agus an líne ceart a scríobh...
...agus a ghearradh...
...agus a thairneáil suas.
Bhíos beagnach críochnaithe nuair a tháinig Liam isteach arís. Dúirt sé go raibh uchtóg ar thaobh an transam agus má chuirfinn an planc ann bhrisfinn é. Bhí sé ró-dhéanach chun aon rud a dhéanamh fé anois agus bead ag dul ar ais ar an bhfarraige amárach, mar sin gheall Liam go socróidh sé é agus mé imithe. D'fhágas dornán tairní do agus d'imíos abhaile liom.

Coicís ó shin bhíos croíbhriste. Bhíos réidh an tionscadal a fhágáil.
Anois, conas a bhraithim?
Níl a fhios agam. Níl an sceitimíní agus a grá céanna ann a thuilleadh, ach tá mé ag tnúth leis an mbád a chríochnú agus i a sheoladh - uair amháin ar a laghad.
An díolfaidh mé í? Níl a fhios agam, níl a fhios agam. Tá bóthar fada romham go fóill - fan go chífimid.





11/03/2016 - An tarna chuid den chéad stráca

Plánáil, plánáil, plánáil ar maidin. Tá sé sórt aisteach uirlis dearadh chun dromchla cothrom a dhéanamh a úsáid chun dromchla cuartha a dhéanamh. Ach mar sin féin sin a bhí á dhéanamh agam!
An aidhm a bhí agam ná plánáil síos go dtí an líne agus an líne a ghearradh de, ach na poill beaga óna tairní a fhágáil. Chomh maith le sin cuar réidh mín a fháil.

Níos mó ná sin, mhol siad dom garbhphlána (plána an-fhada) a úsáid.
Níl garbhphlána agam féin, mar sin bhí orm ceann ón gclós a úsáid. D'aimsigh mé ceann ach bhí sé maol. Chaitheas tamall maith ag cuir faobhar géar ar an iarann agus ina dhiaidh sin ghearr sé go deas.

Sin déanta (chomh maith agus ab fhéidir liom), lean mé ar aghaidh leis an spiling i gcomhar an tarna chuid den stráca. Bhí Liam gnóthach cuid maith den lae agus dá bhrí sin bhíos ag obair i m'aonar ar feadh tréimhsí fada; ó am go chéile bhíos beagáinín neamhchinnte agus bhí orm triall roinnt rudaí as cúpla uair, ach ag an deiridh bhí cruth an stráca leagtha amach agam.
Ag cuir an spiling batten suas ar na frámaí.
Ag marcáil an fad céanna ag gach fráma síos ón gcaolach.

An caolach leathan (spiling batten) marcáilte amach.

An caolach leathan leagtha amach ar an gclár Dhúghlais.

Ag aistriú na marcanna ón gcaolach go dtí an clár le tairní.

Ag leagaint amach an caolach líneála idir na marcanna.


Ag aistriú na toisí ón bhFionn suas ón gcaolach líneála.

Ag leagaint an caolach líneála ar na toisí chun an taobh eile a líneáil amach.

Mhol Liam dom leithead breise a fhágáil ar an bplanc ionas go féidir linn é a fheistiú cothrom agus cóir leis an gcéad phíosa. Scríobh mé líne eile comhthreomhar agus orlach amháin ó bun an planc.

Agus ghearras amach é.

Agus arís leis an bplána, ach an uair seo ní raibh an méid céanna breise ón líne.
Beagnach ann.
Ina dhiaidh sin, bhí roinnt eile ullmhú le déanamh ar na frámaí agus ansin bhí sé in am an planc a chuir suas le feiscint conas a bhí sé.







Dul chun cinn.