27 November 2015

Éad!

Bhuel! Agus mé ag dul tríd Facebook inniu, cad a chonac ach an fótagraf seo thíos ó Kevin O'Farrell. Cad atá ann ach Fachtna ag gearradh amach an rabóid deiridh ar mo bhádsa - agus mé as láthair!
Bhuel, tá sé deacair liom cuir síos a dhéanamh ar na mothúcháin a bhí ag dul tríom ag an am san. Bhí sé cosúil le féachaint ar duine éigin ag sárú mo bhean, nó m'iníon b'fhéidir. Fearg, díomá agus ag an deiridh - éad.

Déanta na fírinne, dúirt Liam liom nuair a bhíos ag fágáil an bádchlós an Máirt seo chaite, go raibh sé chun Fachtna a ordú an rabóid deiridh a dhéanamh ar thaobh amháin, agus gur féidir liom an taobh eile a dhéanamh nuair a tiochfad abhaile. Ní rabhas sásta leis, agus dúras amhlaidh, ach chuir sé ina luí orm go mbeadh sé mar an slí is fearr chun cinn, nó ar a laghad sheas sé a fhód agus bhí sé chun é a dhéanamh pé scéalé
Is cuma - nuair a chonac an fótagraf sin, bhíos mímheanmnach agus croí-briste ar fad.

23 November 2015

23/11/2015 - Ag boltáil na frámaí, ag gearradh treoir-pholl don feadán seafta agus ag déanamh 'dump' sa phost deiridh.


Tá neart fótagraif agus físeáin inniu toisc go rabhas ag obair le Leo McDermot agus bhí sé lán sásta an ceamara a úsáid agus mé ag déanamh rudaí.

An chéad jab le déanamh inniu ná boltaí a chuir tríd na frámaí atá déanta againn cheann féin. Roimh ré bhí Liam ag caint fé 'jig' nó díreog a úsáid/déanamh chun na poill seo a dhruileáil. Ag an am san, cheapas go raibh meaisín nó gléas éigin i gceist aige, ach ní raibh! Níl sa dhíreog ach bata adhmad díreach fáiscthe ar thaobh an chíle le eang gearrtha amach i gcomhar an bunchlár agus ag an leithead ceart go mbeidh an taobh díreach ceartingearach agus go foirfe os comhar lár na cíle. D'úsáidfimis an bata seo chun ingearacht an bhéalmhír a amharc.


D'fhéach Leo ar an mbéalmhír agus thug sé treoracha dom an druilire a bhogadh go raibh sí ina líne leis an mbata.

Thógamar ár gcuid ama, agus bhí orainn an bhéalmhír a athrú leath slí tríd (400mm go 600mm), ach ag an deiridh tháinig sí amach go foirfe i lár na cíle. Bhí ríméad orm fé sin; bheimis i bponc má tháinig sí amach ag taobh na cíle.



Dheineamar uimhir a hocht ar dtús agus d'éirigh go maith linn; mar sin leanamar ar aghaidh le uimhir a trí. Bhí fráma a trí i ngar le bolta tríd an cnaí tosaigh agus de deascadh sin bhí orainn an ceann seo a ghearradh ceartingearach sa treo trasnach ach ag díriú siar beagáinín sa treo fad loinge.


D'éirigh linn arís agus leanamar ar aghaidh le uimhreacha a 5, 12 agus 16. Ní bheimid ábalta na boltaí a chuir isteach i 5 agus 16 toisc go bhfuil siad díreach os cionn na smutáin fén chíle. Chuireamar scriú isteach sa dá cheann sin chun iad a choimeád san áit ceart ar feadh tamall.

An chéad chéim eile na dalláin a dhéanamh agus iad a chuir isteach i mbun na poill. Úsáidtear iad siúd chun an bhéalmhír láir a suí i gceart-lár na poill le go mbeimid in ann cinn na boltaí a bhá isteach sa chíle.










Bhí na poill beagáinín ró-scaoilte i gcomhar seaftaí na boltaí, mar sin bhí orainn Sikaflex a chuir orthu le bheith cinnte go mbeidís uisce-obach. Chomh maith le sin chuirtear cúpla chasadh chadás timpeall an seafta in aice an ceann sara fáisceadh an cnó.




Uimhir a hocht déanta.

Ag féachaint tríd an bpoll i uimhir a 12.
Dhein Leo an poll leacaire i gcomhar uimhir a 12.



An bolta clúdaithe le Sikaflex ag dul isteach sa pholl.

An chéad jab eile ná an treoir-pholl a ghearradh i gcomhar an feadán seafta. Caithfidh mé a rá ag an bpointe seo ná fuil sé in intinn agam inneall istigh a chuir sa bhád. Tá súil agam go mbeidh mé ceart go leor leis na seolta, na maidí rámha agus inneall trasnán (ó am go chéile). Ach ó eagla go heagla go mbeidh orm inneall istigh a shuiteáil sa todhchaí beidh sé i bhfad níos éasca dá mbeadh feadán seafta ann cheanna féin.

Thomhaiseamar an Fionn arís chun airde agus fána na seafta a fháil, ansin shocraíomar dhá chaolach mar dhíreog i gcomhar an bhéalmhír.



Leo ag amharc an bhéalmhír ar na díreoga.






Seo an treoir-pholl gearrtha amach. Ní féidir solas a fheiscint tríd toisc go raibh Liam ag féachaint isteach ón dtaobh eile nuair a ghlac mé an fótagraf!


An chéad rud eile le déanamh ná dump nó pionna a chuir tríd an post deiridh agus an cnaí deiridh. Ní fheadar an bhfuil fíor focal Gaelainne i gcomhar 'dump', ach is sórt leagan nua-aimseartha de dual nó treenail iad. An rud atá i gceist ná pionna cruach a thiomáint isteach i bpoll chúng chun dhá phíosa a ghreamaigh le chéile.




Leo ag gearradh an pionna ag an fad ceart. Barra leath-orlach (12.7mm) atá ann ag dul isteach i bpoll 12mm ar leithead.


An pionna ag dul isteach.
An pionna beagnach an slí ar fad istigh. Úsáidtear pritil chun é a bhá timpeall orlach ón ndromchla an post.




Sin é arís leis an saor-bádóireacht  go dtí uair éigin tar éis na Nollag.

20 November 2015

20/11/2015 - Ag marcáil amach arís.


Maidin inniu bhallaigh mé suas na deilbheacha go léir chun na beibhil a thomhas agus iad a mharcáil amach.
Tá deilbh urlár a 7 bríste ar thaobh amháin, só thriail mé as ceann nua a dhéanamh. Cheapas go mbeadh mé in ann rian a dhéanamh de taobh amháin agus an deilbh a chasadh thart agus an taobh eile a dhéanamh ansin, ach thugas fé deara ná fuil an deilbh comhchruthach, dá bhrí sin ní n-oibreoidh sé sa chaoi sin. Chuas i gcomhairle le Fachtna agus mhol sé dom é a fhágáil ag an am seo. Beimid ábalta ceann nua a dhéanamh nuair a bheidh na frámaí le chéile idir na caolaigh.

Bhainas an clúdach de na stiallacha darach den chéad uair le tamall. Bhí dromchla bog agus dubh orthu ach ghlanas é sin go héasca leis an bplánóir.

Ansin leag mé amach na deilbheacha, ag déanamh mo dhícheall na cruthanna céanna a aimsiú sa snáithe.


Iad marcáilte amach agam, ghearr mé an chéad leataobh ina cheithre phíosa agus chuiras i dtaisce iad.


Agus arís leis an gcéad leataobh eile.

Bhíos ag obair i m'aonar arís inniu, mar sin nílim cinnte go mbeidh mo roghanna inghlactha do Fhactna nuair a bheimid ag gearradh amach iad, mar shampla an ceann seo thíos; tá an dá chruth beagnach ag baint lena chéile - b'fhéidir go mbeidh sé ceart go leor, ach b'fhéidir nach mbeidh.
Lá breá, geall, fuair a bhí ann - foirfe i gcomhar obair faoin láimh, ach nuair a bhíos istigh sa lochta san iarnóin ag cuardach deilbheacha eile chuala mé báisteach ag titim ar an díon. Amach liom arís agus bhí an spéir fós geall gorm, ach bhí na n-urlisí, na deilbheacha agus an t-adhmad go léir fliuch!
Chuir sé as go mór dom toisc gur leáigh sé na marcanna a bhí déanta agam cheanna agus bhí sé an-deacair marcanna nua a dhéanamh ar an adhmad fliuch.

Marcáilte amach inniu:

U. 1 clébhord 7 deasbhord.
U. 2 deasbhord 7 urlár.
U. 4 deasbhord 7 urlár.
U. 6 bun clébhord.
U. 7 bun clébhord.
U. 9 bun clébhord, urlár 7 barr clébhord.
U. 10 urlár.
U. 11 bun clébhord 7 deasbhord 7 urlár.
U. 14.
U. 15 urlár.
U. 17 urlár.
U. 18 urlár.
U 19 urlár.
U 20 urlár.

Fós le déanamh ag deiridh an lae:

U. 1 urlár - tá an deilbh ar iarraidh.
U. 6 urlár, barr clébhord 7 deasbhord. Tá deilbh an urlár ar iarraidh.
U. 7 urlár, barr clébhord 7 deasbhord. Tá deilbh an urlár briste.
U. 9 barr deasbhord.
U. 11 barr deasbhord 7 clébhord.
U. 14 urlár. Tá deilbh an urlár ar iarraidh.
U. 17 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 18 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 19 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.
U. 20 bun clébhord 7 deasbhord, barr clébhord 7 deasbhord.

Beidh sweeps nua ag teastáil chun an méid sin a ghearradh amach, tá an snáithe ró-dhíreach sna stiallacha atá fágtha agam.