30 November 2016

30/11/2016 - Cóiriú ar son na rungáis.


Ar dtús ar maidin inniu, thosnaíos ag marcáil amach i gcomhar an rungás dheasbhoird, ach nuair a chonaic Liam é sin d'ordaigh sé an 'rungás uachtar' a dhéanamh roimhe sin. Bhí beagán mearbhall orm as sin toisc gur cheapas go rabhas ag déanamh an rungás uachtar, ach ansin thugas fé deara go raibh an inwale i gceist aige. Is é sin an ball den bhád chomhthreomhar leis an stráca lagbhoird agus fén slat boird. B'in an fáth ar mhol sé na trusanna a bhogadh síos - le go mbeidh mé ábalta barr na frámaí a chóiriú i gceart.




Thosnaíos ar an taobh deasbhoird ag marcáil amach an líne céanna ortha go léir, ach ní raibh Liam sásta leis. Dúirt sé liom blocán adhmad, 3 orlach ar leithead, a fháil agus é a úsáid chun marc a dhéanamh ag an mbarr agus ceann eile ag an mbun, agus ansin líne a scríobh eatarthu.

Sin déanta, do thosnaigh an fíor obair. D'úsáid mé an tarrscamhaire, an tál agus an locar leictreach chun iad a ghearradh siar go dtí an líne sin.
Bhí mo hailt scríobtha agus beo agus mo bhosa beo le spuaicí. Bhí mo dhroim stromptha agus mo ghlúnta nimhneach, ach d'éirigh liom fé dheireadh an lae.























29 November 2016

29/11/2016 - Cóiriú taobh istigh.

Lean mé ar aghaidh leis an cóiriú ar maidin, ar an taobh deasbhoird an uair seo. Chomh maith le sin, agus mé ag leanúint ar aghaidh, d'úsáid mé an greanóir fithiseach chun an taobh istigh na strácaí a chóiriú beagáinín freisin.




Mhol Liam dom na trusanna a bhogadh síos chun níos mó spás a thabhairt, rud a rinne mé.

Ansin bhí sé in am na crampaí a bhaint den stráca uachtar agus le fáil amach an raibh a craic greamaithe i gceart. Chonac go raibh cuid beag de fós gan gliú ar bith agus mhol Liam roinnt tairní fada cré umha a chuir isteach ann síos-suas. Chuireas beagáinín eapocsach eile isteach sa chraic, mar ab fhéidir liom.




Cuma nua ar an scéal ta éis mo chuid saothar inniu!



Ag deiridh an lae, chuireas cóta eile ola ar an gcabhail, agus iontas na n-iontais, thosnaigh roinnt de sna cranraí ag titim amach. Níos fearr anois ná lá éigin eile amuigh ar an bhfarraige.





28 November 2016

28/11/2016 - Ar ais ag an gclós.


Ar ais ag an gclós arís, agus tá a lán le déanamh agam. Is iad na rungáis atá mar a gcéad chéim eile, ach go háirithe na rungáis uachtair. Ní úsáidim na focail 'rungás uachtar' nó 'upper stringer' de gnáth ar son na baill sin de bháid, ach is é sin a deireann Liam, mar  a fuaireas amach ar ball. B'fhearr liom an focal inwale, ach ní féidir liom leagan gaelach a haimsiú de sin. Ach pé scéal é, tá an-chuid ullmhú le déanamh sara mbeidh aor rungás ar bith sa bhád seo.

An chéad rud ná pointí a sciotadh de na tairní atá a gobadh amach as an adhmad.


Is ansin, cóiriú ar na frámaí ar an taobh istigh. D'úsáid mé an tál, an dioscóir agus an tar scamhaire chun é seo a dhéanamh.



Ag deiridh an lae bhí taobh amháin déanta, ach do bhí mo dhroim bríste as a bheith ag cromadh síos an t-am ar fad is ag lámhacán thart ar na frámaí.