21 June 2018

21/06/2018 - An lá deirineach, an stiúr crochta.

Ag an gclós breá luaith ar maidin chuireas an tarna chóta péint lonrach bán ar an gcabhail sara chasas ar ais chuig an fíor obair.



Agus na gustúin creimneáilte inne bhíos ábalta iad a thógaint anuas agus an táthú a dhéanamh i gceart ag an mbíse. Cé go bhfuil siad bead, tá an táthú seo beagáinín casta do oibrí amaitéarach cosúil liomsa. Ní hamháin táthú filléadach atá de díth ach táthú ilgheábha freisin.


Ar a laghad bhí mo mhasc táthúcháin ag obair i gceart arís agus bhíos ábalta mo chuid oibre a fheiscint agus mé ag obair uirthí!


Siad déanta, bhíos réidh leis na pionnaí a tháthú leis na strapaí ar an stiúir, ach ar dtús bhí orm spásairí a chuir ar na strapaí.


Bhí an céim seo beagán amscaí le déanamh i mo aonar, ach d'éirigh liom le cabhair ó cúpla chrampa.
Le gach rud ina áit ceart, na gustúin ar an mbád, an barra síos tríothu agus na strapaí ar an stiúir i dteagmháil leis an mbarra, chreimneáil mé an barra leis na strapaí. Ansin bhaineas an stiúir de na strapaí agus chreimneáil mé beagáinín ní ba mhó iad.


Ansin bhí muinín agam nach mbogaidís agus ghearras an barra chun trí phionna a dhéanamh as.
Ansin thógas amach go dtí an bhís iad le tháthú i gceart.

Nach mór ag deiridh an lae, ní raibh ach rud amháin le déanamh, na boltaí a chuir tríd na strapaí. Cheapas go mbeadh jab éasca ann, ach ag an deiridh ba é an rud ní b'amscaí an lae é.
Bhí sé an deacair an stiúir a choimeád socair ar an druilire seastáin agus dá bhrí sin bhris mé a lán béalmhíreanna
Ag eirí tuirseach agus crosta, ag an deiridh bhíos ábalta an stiúir a chrochadh roimh imeacht. Níl sí críochnaithe fós, chaithfead Sikaflex a chuir fé na strapaí, ach sin é.

Is oth liom a rá go bhfuil sé sin é an saoire seo. Táimid ag imeacht ar laethanta saoire amárach ar feadh seachtain agus go gairid ina dhiaidh sin bead ag imeacht ar ais ag obair.
Níos measa fós nuair a bhead ar ais abhaile i mí Lúnasa ní bhead ábalta teacht ag obair ar an mbád toisc go mbeidh na páistí ar saoire ón scoil fós.
Só, mar seo a suífidh sí go dtí mí Meán Fómhar. Níl ach deich lá oibre, nú mar sin go mbeidh sí réidh le snámh ach fanfaidh sí ar an tír tirim thar an tsamhraidh.





20 June 2018

20/06/2018 - Gustúin


An chéad rud ar maidin ná cóta péint lonrach (Toplac Mediterranian White) ar an chabhail. Nach iontach an radharc é?

Ar ais chuig na gustúin arís ansin.
Ar dtús beagán snoí.
Agus ina dhiaidh sin lúbadh an cruach isteach mar strapa.
Agus arís ar bharr.
Tar éis an-chuid ama caite ag druileáil amach na poill le haghaidh na pionnaí (seans go raibh fadhb agam le screamhchruachan sa 316) bhíos réidh leis na gustúin a tháthú do na strapaí.
 Níl sé mar an táthú is deise riamh, ach oibreoidh sé ceart go leor.
Thug Nick barra leath orlach cruinn 316 dom le úsáid mar phionnaí, agus táim an-bhuíoch as. Leis an barra ar fad mar seo bhíos ábalta na gustúin a ailíniú i gceart agus creimneáil ann.

 B'in é inniu, pé scéal é.









19 June 2018

19/06/2018 - Tuilleadh miotalóireacht

An dhá fochóta tirim anois, bhíos réidh leis an péint lonrach a chuir ar an gcabhail. Thosnaíos leis an stráca uachtair, an ghunail agus an rungás uachtair. Táim ag úsáid Toplac Mauritius Blue.
Bhí an-chuid ghearradh isteach le déanamh agus thóg an méid bead seo leath na maidine.



M'anam!

Ach arís, níl an t-am agam a bheith ag seasadh siar ag féachaint ar an radharc álainn, tá miotalóireacht le déanamh.
Beagán snoí le déanamh ar dtús.
Ansin an strapa gearrtha amach.
Agus ansin creimneáilte ina áit.

Ansin píosa eile ar chúl...

...agus píosa eile ar dheis.

Fuair Nick Cutler píosa beag seafta liáin atá 42mm ar tiús agus is féidir liom é a ghearradh suas le haghaidh gustúin.
Ní mór dom poll 14mm ar leithead a ghearradh tríd lár gach ceann.


18 June 2018

18/06/2018 - Miotalóireacht

Leis an trí chóta prímeálach déanta thar an deiridh seachtaine, bhíos ábalta leanúint ar aghaidh leis an fochóta (Pre-Kote) inniu.



Ní eagal liom a rá go baineann an radharc an anáil díom.

Ach níl an t-am agam le bheith ag seasadh siar ag féachaint ar an radharc álainn - tá an-chuid miotalóireacht le déanamh timpeall an stiúir.
Ar dtús snoigh mé amach an rabóid le haghaidh an chéad strapa.
Ansin ghearras an strapa amach agus lúbas timpeall an stiúir é. Táim ag úsáid cruach dhosmálta (316). 

Bhí orm eitre a ghearradh insan cruach ag na cúinní chun cabhrú leis an lúbadh. Agus mar gheall ar sin bhí orm na n-eitrí a tháthú ag an deiridh.
An próiseas céanna leis an tarna strapa.

Ansin bhí na comhpháirtithe le déanamh ar an mbád féin.

B'in ea é leis an miotalóireacht inniu é. Bhí an dul chun cinn mall toisc go bhfuilim an-meirgeach leis an táthú (fiú agus mé ag obair le cruach dhosmálta 😄), agus tá fadhb agam le mo mhasc táthúcháin, ach tá súil agam go mbeidh feabhas ar an scéal amárach.
Rud amháin eile le déanamh roimh imeacht áfach, an tarna chóta Pre-Kote ar an cabhail.