24 May 2018

08 May 2018

08/05/2018 - Ag feistiú an deic tosaigh.

Toisc go raibh na codanna le haghaidh an deic déanta agam cheanna féin, níor thóg sé an iomad ama iad a fheistiú ar maidin. Ní raibh ach píosa deiridh lé déanamh le dhul trasna na bunanna agus cúpla phíosa beaga chun na bearnaí beaga a líonadh. Ach ar dtús chuireas cóta Danboline taobh istigh sa locar.

Sin iad na píosaí deice gearrtha siar.
Agus feistithe.
An plean a bhí agam ná gach píosa a dhéanamh ró-thiubh agus iad a phlánáil cothrom leis an gunail, ach chomh luath agus a d'fheistigh mé iad thugas fé deara gur ghearras an rabóid ró-dhomhain ar ceann de na píosaí clébhoird. Tá cuid de níos lú ná leibhéal an ghunail anois agus dá bhrí sin ní bheidh an deic cothrom.
De gnáth d'athróinn é ach níl an t-am agam é sin a dhéanamh anois. Seo mo lá deireanach inniu agus táim fé bhrú. chaithfead é a ghlacadh nach mbeidh gach rud críochnaithe i gceart an samhradh seo. Tá súil agam go mbead ábalta dul ar an uisce i mbliana ach beidh rudaí le athrú an geimhridh seo chugainn.

Pé scéal é, leanas ar aghaidh leis an gcorcáil.
Táim ag úsáid Sikaflex seachas luaidhe dhearg ar an deic.
Tá cuma uafásach ar an Sikaflex anois, ach an chéad lá eile bead ábalta é a ghreanáil siar agus beidh sé inghlactha ansin.

Agus sin ea é an turas seo seachas na uirlisí a chuir i dtaisce agus an clúdach a chuir thart.
Tá súil agam go mbeidh an-chuid dul chun cinn an chéad turas eile agus go mblásóidh sí an sáile fé dheiridh.







07 May 2018

07/05/2018 - An bhulcaid críochnaithe.

Leanas ar aghaidh gan stad leis an mbulcaid ar maidin. Ba iad an dá cheann ag na taobhanna na cinn is deacra, só bhí an dul chun cinn sách tapaigh inniu.
Tá na cláir ag an mbun ag suí díreach os cionn an garma rungála. Ní foláir leis an garma sin teacht amach más gá, ach ag an bpointe seo nílim cinnte an mbeidh sé sin indéanta.

Bun an haiste gearrtha amach.
Agus ar deiridh na píosaí beaga ag an mbarr.
Anois chaithfead na píosaí breise a sciotadh.
Tá an clár amháin atá ró-bheag ag cuir as dom ag an bpointe seo ach níl an t-am ná an t-adhmad agam é a athrú. Líonfad an bearna beag sin le cadás agus luaidhe dhearg agus ní bheidg faic le feiscing ag an deiridh, ach mar sin féin...

Anois an corcáil.
Chaithfead a bheith thar a bheith cúramach leis an iarann agus an mailléad anseo - níl an bhulcaid chomh láidir is atá an chabhail agus bheadh sé éasca rud éigin a bhriseadh anois.
Agus sin é. An deic amárach.

04 May 2018

04/05/2018 - Tosnú ar an mbulcaid

An chéad rud ar maidin ná cóta prímeálach ar gach rud atá déanta agam le cúpla lá anuas.
Agus é sin ag triomú d'fhéachas ar an inneall. An fhirinne a rá táim beagáinín scanraithe roimh an inneall, ach chaithfead déileáil leis.
Inniu bhaineas an píobán uisce fuaraithe den inneall agus chuas suas go dtí Evans Engineering.
Tá an dá léaráid thíos agam ó Yanmar maidir leis an gcóras sceite. Sa chéad ceann tá an uillinn fuaraithe os cionn an líne snámha agus sa tarna cheann tá sé fén líne snámha. Nílim céad fén gcéad cinnte cá bheidh an líne snámha i mo bhád-sa fós, ach tá sé an-íseal agus seans maith go mbeidh sé os cionn an uillinn fuaraithe.




De réir an léaráid seo chaithfead an píobán fuaraithe a ardú 300mm os cionn an líne snámha agus comhla folúis a chuir ag an mbarr. Is ionann iad an comhla folúis agus an bristeoir siofón a cheannaíos ag an margadh roinnt lá ó shin. Bhuel, tá súil agam go bhfuil siad ar aon nós!

Ba mhaith an rud é go raibh píobán oiriúnach acu in Evans, cé go bhfuil an balla níos caoile sa cheann seo ná an ceann bunúsach.
Cuirfead an bristeoir siofón ann agus ceanglód an píobán go néata leis an bhfráma tar éis an chéad babhta péinteála eile.

Sásta léis sin, d'fhilleas ar ais go dtí an bhulcaid.

Táim ag iarraidh go mbeidh gach clár sa bhulcaid ag an leithead céanna, naoi ceintiméadar.
Ag an bpointe seo tá sé deacair croí-adhmad dhúghlais 9cm ar leithead a fháil.


Agus sin é inniu é. Táim ag tosnú arís ón taobh eile ionas go mbeidh an clár deireanach, nach mbeidh 9cm ar leithead, sa lár, díreach os cionn an lárlíne.


03 May 2018

03/05/2018 - Tosnú ar an locar.

Níl a lán dhúghlas maith fágtha agam agus bhíos ag iarraidh é a choimeád i gcomhair bosca an innill, ach tar éis cúpla botúin agus cur amú adhmad, chaithfead ceann de na píosaí deasa deireanacha a úsáid anois.
Íomhá scáthánach ó inne atá ann inniu.



Siad réidh, thógas anuas arís iad agus thosnaíos ar an mbulcaid. Bhíos ag iarraidh a bhith cinnte go raibh an t-adhmad ceart ann le haghaidh an deic. Níl an caighdeán chomh ard sin chomh tábhachtach sa bhulcaid.
Nílim ach ag úsáid scriúnna curach dhosmálta chun na lataí seo a cheangail.

02 May 2018

02/05/2018 - An deic tosaigh


Chríochnaíos an tógáil suas don bíoma ar dtús ar maidin, ach ina dhiaidh sin bhíos buartha fé mo phosta bréige. Conas tuilleadh tacaíocht a thabhairt de? Chinneas ar bíoma beag eile a dhéanamh os comhair an ceann eile. Cinnte bheadh sé i bhfad níos fuiriste an ceann seo a dhéanamh roimh an ceann mór, ach sin mar a bhíonn rudaí agus tú ag déanamh suas agus tú ag gluaisteacht ar aghaidh.

D'úsáideas boltaí chun an bíoma a cheangail do fráma a dó ach níor úsáideas ach pionnaí darach chun an bíoma fad loinge a cheangail leis, toisc go mbeidh orm é seo a phlánáil síos ar ball.

Ansin thógáil mé suas an bíoma beag...ar éigin.
Ansin dob fhéidir liom tosnú ar an deic ceart.

Dheineas rabóid ann chun é a fheistiú go daingean leis na bíomaí.
Agus arís.
Tús maith...