30 August 2018

20/08/2018 - Ag eirí as.

Phléas an scéal le Joanne (An Bas) aréir, agus táimid in aon comhairle fén scéal.
Más rud é go gcaithfead fanacht go dtí Dé Céadaoin nú Déardaoin leis an lainseáil, agus más rud é go bhfuil seans mór go mbeidh fadhbanna móra agam le déanamh uisce agus cá bhfios cén rudaí eile - tá seans mór ann go mbead ceangailte leis an mbád an t-am ar fad go mbead ag filleadh ar ais ag obair.
Ní bheinn ábalta aimsir a chaitheamh leis na buachaillí sa seachtain deireanach na laethanta saoire agus seans maith nach mbeimid ábalta úsáid a bhaint as an mbád ar aon nós.
Bhíos an-dóchasach go mbeadh mé in ann an bád a cuir ar an uisce an tsamhraidh seo, ach is cosúil gur theip orm.
Ach ar a laghad tá súil agam go mbead ábalta é sin a dhéanamh i mí Deiridh Fómhar dá mbeidh aimsir oiriúnach againn.
Le croí trom, ghlanas suas den uair deireanach agus chaitheas roinnt buicéad sáile isteach sa bhád mar aguisín. B'fhéidir go súfaidh an t-adhmad suas an uisce thar na chéad cúpla sheachtain eile, agus beidh na plainc ata sara fhillfead ar ais. B'fhéidir. 😑

19 August 2018

19/08/2018 - Leath lá

Tagann an Domhnach timpeall arís agus mé fós ag obair sa chlós. Ní raibh sé in intinn agam ach leath lá a chaitheamh inniu, lá fada amárach agus ansin an lainseáil mór ar an Máirt.
Ach gan choinne bhuaileas leis na leaids ag obair ar an Ilen - Matt agus James. Dúirt Matt liom nach mbeadh Liam ar ais ag an gclós go dtí Dé Céadaoin, nú b'fhéidir Déardaoin. Chuir sé sin as dom - do bhí a fhios agam nach mbeadh sé ann ar an Luain, ach muna mbeidh mé ábalta i a lainseáil go dtí Dé Céadaoin nú Déardaoin ní bheidh ach an deiridh seachtaine amháin agam le gach rud a shocrú agus roinnt úsáid a bhaint astaí roimh dul ar ais ag obair ar an Máirt nú ar an gCéadaoin.
Leis na smaointí siúd ag dul tríd mo aigne, leanas ar aghaidh leis an obair.

An chéad rud ná na poill a tharathraigh tríd na leapacha agus an ghunail ar son na cnogaí.





Agus cóta prímeálach dar ndóigh!




Agus an phéint ag triomú, d'fhilleas ar ais go dtí an maide stiúradh.
Bhí roinnt deisiú le déanamh ar an tionúir ar dtús.
Agus ansin cruthú agus cóiriú.

Um an dtaca seo, agus mé ag obair suas is anuas leis an tarscamhaire, agus an maide bándearg ag éirí níos cruinne an t-am ar fad, rith sé liom go raibh sé an-chosúil le bod bréige ollmhór! Beagáinín cosúil le rud éígin a chífá ag an bhFéile Kanamara sa tSeapáin.
Go beagán míchompordach ina dhiaidh sin, leanas ar aghaidh ag cuimilt suas is anuas le mo lámha, agus le mo uirlis dar ndóigh! 😳
Ag fágaint é sin go leataobh tamall, ghearras barr an stiúir freisin.
An rud deireanach an lae ná an chéad píosa de fleasc an chíle a fheistiú.
Ar dtús bhí orm an bád a ardú ceintiméadar nú mar sin chun an bloic ag an gcúl a bhogadh as an slí. Ansin dhreapas síos fén mbád ar mo dhroim leis an locar, an druilire agus scriúnna agus thosnaíos ag suiteáil.
Bhí ag éirí go maith liom, cé go raibh sé an-míchompordach, ach go tobann chonac solas ag teacht tríd bearna idir an stráca íochtar agus an chéad stráca eile (deasbhoird). Bhíos ábalta bearna a fheiscint ar fad níos mó ná méadar, agus de réir dealraimh tá na plainc tar éis crapadh leis an aimsir an-thé sa samhraidh agus ceapaim go bhfuil cuid den puití titim amach freisin.

Go han-éadóchasach, chuireas mo uirlisí i dtaisce agus d'imíos abhaile.

11 August 2018

11/08/2018 -Leath lá, an maide stiúradh.

Tá na páistí abhaile arís agus ní féidir liom an t-am ar fad a chaitheamh sa chlós. Ar a laghad níl an-chuid fós le déanamh sara chuirfead ag snámh í.
Ceapaim anois níl ach:
  • An maide stiúradh le déanamh agus an stiúir a chríochnú.
  • Poill a tholladh le haghaidh na cnogaí.
  • Fleasc an chíle le feistiú.
  • An umar breosla a shuiteáil.
  • Roinnt ballasta a chuir ann.

OK, sin a liosta - an chéad rud ná an maide stiúradh. Thosnaíos le dealbh a dhéanamh.


Ghearras an cruth amach as píosa mór tiubh Dúghlais.
Agus ghearr mé an tionúr ag an gcríoch.
Bhíos as am um an bpointe sin, ach bhí smaoineamh amháin eile agam (thug John dom é i ndáiríre) - roinnt sáile a dhoirteadh isteach sa bhád le go mborradh na plainc beagáinín agus cabhróidh sé leis an mbád bheith uisce-obach nuair a chuirfead ag snámh í.
Mar a bhíos ag súil, nuair a dhoirt mé an chéad buicéad isteach thosnaigh roinnt uisce ag sileadh amach.

Ach tar éis cúpla bhuicéad eile do bhí an t-uisce ag doirteadh agus ag sileadh amach gach áit.
Ní rabhas ag súil leis an méid sceitheadh sin.
Bheinn buartha fé ach táim ag imeacht san iarnóin, ag triail ar Chorca Dhuibhne chun seachtain a chaitheamh i mBrú na Gráige. Is féidir liom imní air nuair a tiocfaimid abhaile.

10 August 2018

10/08/2018 - Cnogaí

Do bhí na leapacha iomartha déanta agam cúpla mhí ó shin, ach ní raibh an deis agam iad a fheistiú.
In sna sean-ghliomadóirí fadó ní raibh ach trí mhaide rámha acu - rámhaí amháin ag deiridh an bháid (ag suí ar an dtafta stiúrach?), rámhaí amháin ar an bpríomh-thafta agus rámhaí amháin eile ar thafta scaoilte i dtosach an bháid. Bheadh maide rámha fada amháin ag ceachtar acu seachas dhá mhaide bheaga an duine, cosúil leis na cuid is mó na curcaigh. Ach i mo chás-sa táim ag cuir dhá leapa os comhar a chéile amach ag an tafta idir an bpríomh-thafta agus tafta stiúrach ionas go féidir liom an bád a iomramh i mo aonar, más gá. Cuirfead leapacha eile ann thar a geimhreadh.
Tá na leapacha feistithe lé tairní agus le scriúnna. Beidh an cuid is mó den fórsa agus fuinneamh óna maidí rámha ag dul tríd na cnogaí seachas tríd na leapacha.



Rith sé liom aréir go raibh na taftaí feistithe do na cnaíocha, agus na cnaíocha feistithe don bád, ach ní raibh na taftaí feistithe don bád fós.
Chinneas gan boltaí ná scriúnna cóiste a úsáid toisc go bhfuil seans mór go mbead ag athrú an eagar go suntasach go gairid. Mar sin d'úsáideas pionnaí darach arís. Níl siad chomh láidir, ach bheidís éasca le gearradh amach sa todhchaí, más gá.







An chéad jab eile ná na cnogaí a dhéanamh. Bheadh sé ní ba éasca obair le píosaí darach níos faide agus iad a ghearradh síos go dtí an fad ceart, ach níl aon píosaí daracha fada fágtha agam.
Thóg an tasc seo níos mó ama ná a shíl mé, ach ar a laghad bhí an tarscamhaire cuartha nua agam, agus bhí sé ní ba éasca dá bhrí sin.


Le péint fliuch i ngach áit thosnaíos ag smaoineamh ar fleasc na cíle. Tá barra cothromach cruach dhosmálta agam le haghaidh an fleasc ach chaithfead poill a chuir ann le haghaidh na scriúnna agus chaithfead na boltaí sa chíle a sheachaint ag an am céanna.
Ar dtús d'fháisceas an barra ar thaobh an chíle agus mharcáileas air na háit ina bhfuil na boltaí sa chíle.

Ansin thógas an barra go dtí an druilire seastáin agus ghearras amach na poill, agus leacaigh mé iad le béalmhír mhór freisin.
B'in mo dhóthain inniu.







09 August 2018

09/08/2018 - Lá an-fhada eile

Ní féidir liom an frithbhréantán a phéinteáil ar an gcabhail fós, toisc go gcaithfí é sin a dhéanamh níos lú ná 24 uair a chloig roimh dul isteach san uisce. Ach ag an am céanna ba mhaith liom an téip chumhdaigh a bhaint den líne snámha, mar sin chinneas an chéad 10 ceintiméadar nú mar sin a dhéanamh. Ceapaim go bhfuil an líne snámha marcáilte ró-ard ar aon nós, ach ní dhéanfaidh sé aon dochar pé scéal é.
Ní foláir an teip a bhaint mar más rud é go bhfuil sé greamaithe ar rud amháin le tamall (níos faide ná seachtain, abair) éiríonn sé an-chrua agus deacair le baint gan dochar a dhéanamh don péint.


Agus sin ag triomú thosnaíos ar an mór-saothar an lae - an bosca innill a dhéanamh. Cheannaíos clár nua sraithadhmad muirí (leath orlach ar tiús) le haghaidh an jab.
Níor dheineas bosca adhmad cosúil le seo le tamall - an ceann roimh ré ná an bosca uirlisí sa chlós a dheineas ag tús an tionscadal - ach déarfainn gur éirigh i bhfad níos fearr liom an uair seo ná ceann ar bith eile. Is cosúil go bhfuil beagán feabhas tagtha ar mo scileanna siúinéireachta thar a trí bhliain anuas, nú mar sin.


"An Bas" tagtha chun an dul chun cinn a iniúchadh.

Sin déanta agus ag fanacht leis an gcéad chóta péint le triomú, thosnaíos ag feistiú an frith-siofón agus an líne thar bord ón gcaidéal ruma
Críochnaithe laistigh, bhíos ábalta cóta Pre-Kote a chuir ar na taftaí.


Agus ansin d'fheistigh mé an treorán tosaigh le pionnaí darach agus scriúnna cruach dhosmálta.


Cóta péint eile ar gach rud agus bhí sé thar am dul abhaile.