30 January 2020

30/01/2020 - Ag déanamh réidh leis an tseol cinn.

Bhí súil agam go mbeadh an bád ar an leantóir ar chúl an tí ag an am seo, ach tá sí fós sa bhád-chlós. Tá sí greamaithe i measc an-chuid báid eile, fé chúram, an clós go dtí an t-earrach.
Bhí súil agam go mbeinn ábalta an crann a sheasadh agus gach tomhas i gcomhar na seolta a thógaint go cruinn.
Bhíos ag súil le an-chuid rudaí, nach féidir liom a dhéanamh anois.

Mar sin, do bhí orm dul chuig an clós agus tomhais a dhéanamh ar an mbád agus an crann mar atá siad.
N'fheadar cé chomh cruinn is atá siad, ach ní thig liom níos fearr a dhéanamh anois.


Seo iad na torthaí a fhuaireas. Tá súil agam go bhfuil siad i gceart.



Ar ais sa bhaile, líníos amach na tomhais siúd, ag tógaint síneadh an t-éadach san áireamh.
Tar éis féachaint sa leabhar arís, chinneas ar ghearradh ingearach a dhéanamh leis an seol seo.


Agus seo an dearadh a thagann amach ag an deiridh.
Bheadh sé níos fearr má bhí dearadh soiléir mar seo nuair a thosnaíos ar an bpríomh seol.




29 January 2020

29/01/2020 - Painéal 5

Painéal a cúig inniu..

Mar is gnáthach anois, an chéad rud ná an uaim bréaga.


Tá gach painéal níos faide ná an ceann roimhe, ach chom maith le sin, tá an brat féin ar éirí mór go leor.



Sin leagtha amach, tá sé in am iad a chuir le chéile le uaim rádail.



Tá sé deacair anois na painéil a shíneadh amach díreach, bíonn meáchan ag teastáil ar chríoch amháin ionas gur féidir liom beagáinín teannas a chuir ar na dlúthchiumhaiseanna.


Leanas ar aghaidh leis an fuáil ansin.
Bíonn botúin agam i gcónaí, (teannas mí cheart ar an snáithe is minicí), ach de gnáth bím sásta leis na torthaí ag an deiridh.

Seo an deiridh leis an oibre bunúsach ar an bpríomh seol, agus ar éigin a bhí mo dhóthain snáithe agam. D'úsáid mé i bhfad níos mó ná a shíl mé.
Táim ag baint úsáid as snáithe cadáis 100%. Níl sé "mercerised" ar chor ar bith, agus tá sé deacair teach air.
Tá orm fanacht anois go mbeidh tuileadh agam go tosnóidh mé an seol tosaigh.


28/01/2020 - Painéal 3 & 4.


Lá fada cromtha os cionn an inneall a bhí ann inniu, ach dá bhrí sin, tá dul chun cinn maith déanta agam.

Tá fótagraif níos fearr agam inniu, agus is féidir liom gach céim de próiseas an uaim rádail a thaispeáint.

An chéad chéim ná an forluí ceart a shocrú agus coimeád ann le bioráin dúnta.


An chéad chéim eile ná líne greama díreacha a chuir ann in ionad na bioráin.
Do bhí fadhb agam leis an inneall agus mar sin níl na greama i gceart sa phictiúr seo, ach níl siad seo tábhachtach do nirt an uama go fad téarmach.

Ansin , ní foláir an forluí sin a chasadh thart chun an rádal ceart a dhéanamh - an  cruth "S" sin.
Cuirim na bioráin isteach arís ionas go féidir liom é a láimhsiú  gan an S a bhogadh óna chéile.

Ansin cuirim an méid go léir tríd an inneall, ag déanamh greama fiarláin ag imeall an rádail.
Tógaim na bioráin amach ceann i ndiaidh a chéile nuair a thagaim chucu.


Nuair atá taobh amháin déanta, casaim an méid ar fad thart agus deinim amhlaidh ar an taobh eile. Níl bioráin ag teastáil um an dtaca seo.

Gan sos gan stad, thosnaíos ar phainéal a ceathair.
Tá sé déanta díreach cosúil leis na cinn eile, ach tá gach painéal níos faide ná an ceann roimhe, agus dá réir sin bíonn siad níos deacra a láimhsiú.
Sa dá phictiúir seo thíos, tá an uaim bréaga leath déanta agus an forluí línte amach ag an imeall.

Agus anseo an chéad uaim rádail eile tosnaithe.

Tá an t-éadach chomh bog agus solúbtha, n'fheadar conas é a dhéanamh gan na bioráin, fiú amháin le beirt ag obair le chéile.

Nuair atá an chéad líne greama fiarláin déanta, bíonn sé níos fuiriste an obair a láimhseáil.

23 January 2020

23/01/2020 - Ag ullmhú an triú phainéal


D'ullmhaigh mé an tríú phainéal inniu.
Tomhas agus gearr, agus ansin an uaim bréaga a mharcáil agus a fhuáil i dtrí céim. An caoi céanna ná na cinn roimhe seo, ach an uair seo bhíos níos cúramaí na greama a chuir ag imeall na lúibe.

Tá tiús an uaim rádail línte amach anois agam, tá sé réidh le cuir le chéile leis na cinn eile amárach.


21/01/2020 - Ag cuir an chéad dá phainéal le chéile


Bíonn sé deacair orm, sa lá atá inniu ann, am a chuir go leataobh chun obair ar na seolta, ach d'éirigh liom inniu.
An chéad rud le déanamh ná na uamanna bréaga a chríochnú.
D'fhilleas na lúba síos agus chuas tharstu le greama fiarláin. Ar dtús ar an mbarr, agus ansin chaitheas an t-éadach thart agus dheineas an méid céanna ar an taobh eile.
Measaim go bhfuil na uamanna seo láidir go leor, cé ná fuil siad fíor traidisiúnta.


Ansin bhí sé in am an dá phainéal a chuir le chéile - bíonn uaim rádail ag teastáil chun é seo a dhéanamh, toisc go bhfuil sé láidir, ag dul tríd ceithre brat den t-éadach.
Arís, ní raibh sé éasca dom é a dhéanamh díreach mar atá sa leabhar. Tá an t-éadach ró shólúbtha, agus táim ag obair i mo aonair. B'fhéidir dá mbeadh ceardaí eile ag cabhrú liom bheimid in ann é a dhéanamh ar nós an pictiúir thuas.
Ach níl - mar sin, mharcáileas an séama ar thaobh amháin (leathan ag an mbarr agus ag an mbun, caol sa lár) agus ghreamaigh mé le chéile iad le bioráin dúnta.



Ansin chuireas tríd an inneall iad le greama díreacha tapaigh.


Ansin, bhaineas na bioráin de agus d'fhilleas an dá taobh thart ar a chéile, ar nós litir "S", cosúil leis an líníocht thuas.
Chomh cúramach agus ab fhéidir liom, chuireas na bioráin ar ais arís, ag coimeád an cruth ceart ar an uaim.
Ansin, cosúil leis an uaim bréaga, chuas thar leis an inneall, ag déanamh greama fiarláin ar an dá thaobh.

B'fhéidir ná fuil sé fíor traidisiúnta arís, ach déarfainn go bhfuil sé cuimseach láidir.

18 January 2020

17/01/2020 - Ag tosnú ar na seolta

Tar éis míonna fada ag obair ar nithe beaga timpeall an tí, chasas m'aghaidh ar chúrsaí bádóireachta arís.

Do bhí dhá rolla ceaileacó i mo chófra te le tamall agus bhí sé in am iad a thógaint amach.
Táim tar éis na leabhair "Make Your Own Sails" (ag R.M. Broker agus S.A. Budd) agus "Sailmaker's Handbook 1966" (ag Ministry of Defence (Admiralty)) a léamh, agus táim chomh réidh is a bheidh mé riamh.

Tá a fhios agam nach féidir liom na seolta seo a dhéanamh díreach mar a deirtear sna leabhair, toisc ná fuil lochta seolta agam, mar sin tá plean difriúil agam.
Ag úsáid an dearadh garbh seo, leagfaidh mé amach gach painéal agus déanfad na uamanna bréaga iontu.
Ansin cuirfead na painéil le chéile mar bhrat mór amháin, agus ansin sínfead amach é i halla nú seomra mór éigin, agus ansin marcáilfead na línte amach air.
Bhuel, sin é an plean. Fan go bhfeicfimid conas a tharlódh sé.



An chéad rud le déanamh ná na tomhais ar an gcéad painéal agus é a ghearradh.


Ansin bhí orm uaim bréaga a dhéanamh síos sa láir. Ach conas é sin a dhéanamh?
Féachann sé éasca sa leabhar.
Ach sa fíor saol níl sé chomh éasca sin.
An chéad rud ná, níl mo cheaileacó chomh righin leis an canbhás nú seoléadach atá á úsáid acu sa leabhar.
Tar éis beagán tástáil, chinneas an t-éadach a fhilleadh ina dhá leath agus an uaim a mharcáil ann ar dtús.
Tá an uaim níos leithne ag an mbarr agus ag an mbun (orlach ar fad) ná atá sa lár (leath-orlach). Tá sé déanta mar seo chun bolg a thabhairt don seol.


Ansin thosnaíos ag fuáil.
Bhíos ag iarraidh greamanna díreacha a dhéanamh ar dtús, ach dar ndóigh ní raibh an inneall socraithe i gceart.  Ach tar éis cúpla nóiméad ag útamáil leis, bhíos ag déanamh dul chun cinn.






Sin déanta, d'osclaíos an filleadh arís agus bhí lúb fada á rith síos lár an t-éadach.
An plean anois ná an lúb sin a fhill síos agus a fhuáil cothrom.
Déanfad é sin amárach.

Ar dtús, bhíos díocasach leanúint ar aghaidh leis an tarna phainéal.





Agus mé ag cromadh thar an inneall fuála, thugas fé deara go tapaigh go bhfuil sé ríthábhachtach bheith i mo chompord.

Timpeall an am sin, thug Siobhán Cadogan cuairt orainn, agus chuir sí náire ar Joanne cúpla fótagraif a thógaint díom ag obair 🤣