28 February 2018

28/02/2018 - Leath lá - Lá an sneachta!


Tá an tír ar fad imithe as a meabhair tar éis cúpla ceintiméadar sneachta thar oíche. Tá na scoileanna dúnta agus na páistí ag tógáil fir sneachta.
Tá sé fuar go leor cinnte, ach bhí na bóithre maith go leor teacht chuid an clós.




Faraor, leis an bhfuacht fuair na ceallraí i mo fhón agus mo cheamara bás agus ní rabhas ábalta níos mó fótagraif a fháil.
Ar dtús dheineas dealbh agus ansin ghearras amach agus d'fheistigh mé an príomh bíoma rungála.
Cóta tapaigh prímeálach agus chuas abhaile le haghaidh cogadh mill sneachta.


27 February 2018

27/02/2018 - Leath lá - Na garmaí rungála

Thug Liam cuairt orm maidin inniu agus phléamar an leagan amach an urlár, na píosaí eile a theann timpeall an inneall agus eile.

Ina dhiaidh sin, leanas ar aghaidh ag feistiú na bíomaí rungála.


B'fhearr liom gan é seo a dhéanamh, ach mothaím go bhfuil an urlár beagáinín ró-ard.



An-chuid plánáil le déanamh ansin anois.
De réir a chéile shuigh siad isteach i gceart néata.




26 February 2018

26/02/2018 - An innil feistaithe agus tús na garmaí rungála.


B'fhéidir go bhfuilim ag déanamh é seo ró-luath, ach táim bréan ag féachaint ar an inneall ag bogadh timpeall an báid.
Tá sé in am é a fheistiú.
Amach leis an dtomhsaire braite agus ailíniú an inneall go foirfe leis an seafta.
Sásta leis sin, marcáil na poill sna gléasanna innill le marcóir.
Agus ansin bog an inneall as an slí uair amháin eile.

Ansin tarathraigh na poill le haghaidh na scriúnna cóiste agus sleamhnaigh an inneall isteach ian áit arís.
Daingnigh na scriúnna agus sin é. Tá súil agam nach mbogfaidh an inneall seo as an áit sin arís go deo na ndeor!
Ansin d'fheistigh mé an cúplán R&D.
Tá seans maith ann go mbeidh roinnt mion-ailíniú le déanamh arís, ach thig liom é sin a dhéanamh sara dtosnaím an inneall den chéad uair.

Anois, táim ag tosnú ar chéim nua sa tionscadal, an urlár a chuir sa bhád.
Chaithfidh gach rud a bheith cothrománach go foirfe as seo amach, mar sin ba é an chéad jab eile ná an bád féin a chuir ar chíle chothrom. Ansin bead ábalta an leachtleibhéal a úsáid le muinín as seo amach.

Leagas corr dhíreach trasna an bháid ag fráma 11 agus chuireas an leachtleibhéal ann. Bhí sé soiléir láithreach bonn nach raibh sí chothrom cheanna féin!

Ach beagáinín obair ag na cosa agus bhí réiteach agam leis an bhfadhb sin.
Nach mór ann. Buail amháin eile agus b'in é.

Anois tá cinntí le déanamh maidir le airde an urlár, cá bheidh na céimeanna ann agus araile.

Féachann sé seo an-ard, ach ní fheicim aon caoi eile lena dhéanamh.

Ag gearradh amach an chéad píosa rungála.
Réidh le feistiú amárach.


25 February 2018

24/02/2018 - Leath lá - An tarna chóta Danboline

An tarna chóta péint ruma inniu.
Tá an aimsir ag éirí an-fhuar agus tá an teocht nach mór as an raon teochta inghlactha ag an péint áirithe seo. Mar sin tá deifir orm é a chríochnú chomh luath agus is féidir, ach mar sin féin ní féidir liom níos mó ná cóta amháin a dhéanamh an lae.



Táim sásta leis an bpéint seo, tá sé tiubh go leor agus líonann sé na bearnaí beaga in áiteanna. Ach tá dath an prímeálach fós le feiscint i bpaistí.



24 February 2018

23/02/2018 - Leath lá, an chéad cóta Danboline


Is péint speisialta í Danboline le haghaidh rumaí, bun, nú bolg an báid. Cosnaíonn sé an t-adhmad ó ola agus rudaí eile nach deas a bíonn i mbun báid ó am go chéile.


Tugann an dath bán cuma an-difriúil ar an mbád. Tá súil agam nach mbeidh aiféala orm sa todhchaí as an dath sin a phiocadh le haghaidh an ruma, ach ag an bpointe seo cuireann sé cuma álainn air.




Sin déanta, (ach fós le bearna nú holiday mór timpeall an inneall) ní rabhas ábalta níos mó a dhéanamh le mo lámh tinn. Mar sin bhualas an bóthar ag triall ar Dún Mánmhaí agus ceannaí earraí tógála darbh ainm Atkins' (nú McMahon's). Dúradh liom gur féidir iorócó agus déil dhearg a fháil ann, agus beidh adhmad éigin ag teastáil uaim le haghaidh na garmaí rungála.

Ag an ndeireadh shocraíos ar iorócó, 5" x 2", trí phíosa.
Suas ar an díon leo agus abhaile liom.

22 February 2018

22/02/2018 - An cóta deireanach prímeálach (laistigh)


Tá sé fuar go leor agus bíonn mo mhéar nimhneach go minic, ach tá an samhraidh ag teacht agus a lán obair fós le déanamh.
Is maith an rud é go bhfuilim ábalta scuab agus rollóir a úsáid.

Sin an tarna chóta déanta, seachas an áit a bhfuil an inneall ina shuí.





Ina dhiaidh sin bhíos ag múitseáil thart ag lorg rudaí eile i mo chumas a dhéanamh le mo lámh ar chlé.
Thosnaíos leis na dalláin a sciotadh.




Ansin chuas ar misean taiscéalaíochta go dtí an Fionn le fáil amach conas a bhí na garmaí agus bíomaí rungála leagtha amach agus feistithe, agus chun roinnt toisí a fháil.










Agus an lá oibre ag teacht chun deiridh, d'aimsíos cúpla jab ciotógach le déanamh.