11 May 2015

11/05/2015 Ag cóiriú an scarbhalt

Bhíos ag obair i m'aonar inniu. Ní rabhas ach in ann an gearradh a dheinas inné a chóiriú.
Bhí Nick ag obair in aice liom ar crann an Willing Lass agus thug an-chuid comhairle dom. Ach de réir a chéile thug mé fé dara go raibh a lán fós le déanamh agus ní bhíodh mé ag déanamh an scarbhalt inniu. Ní raibh aon phointe le leanúint ar aghaidh toisc go rabhas ag dul ar ais ag obair ar an gCéadaoin agus bhíodh orm fanacht sa bhaile ar an Mairt. Bhí a lán inleadh le déanamh, ach saothar in aisce a bheadh ann.

Chuireas gach rud i dtaisce agus d'imigh abhaile.
Tá súil agam go mbead ar ais i gceann ceithre sheachtain.





09 May 2015

08/05/2015 An scarbhalt

Nuair a tháinig mé anuas go dtí an bádchlós inniu bhí Liam agus Fachtna agus John go léir gnóthach leis an dtrálaer mhór ar an bhfánán. D'ordaigh Liam do Paul Campbell cabhair a tabhairt dom, nó múnadh dom conas an scarbhalt a dhéanamh sa chíle.
Is siúinéir den scoth é Paul, agus sórt spailpín fánach ag taisteal ó áit go háit agus ó phost go post. D'oibrigh sé ar an Dunbrody agus tá aithne aige ar roinnt daoine a bhfuil in aithne agam óna bhíos féin ag obair uirthi i 2006.

Ar dtús mhol sé dom aghaidh amháin den dá phíosa a phlánáil deas cothrom. Ansin bheimis ábalta na uillinneacha go léir a leagan amach i gceart ón aghaidh sin.

Sin déanta, fuaireamar píosa sraithadhmad agus dheineamar deilbh den scarbhalt. Ansin bhreacamar an líne ón deilbh amach ar an dá phíosa den cíle.


Paul ag marcáil amach an deilbh nua.

Na línte déanta.

Mhúin Paul an cleas cliste seo dom: Thomhas sé an bearna idir imeall an sábh ciorclach agus an lann féin. Ansin mharcáil sé líne eile amach, comhthreomhar le líne an scarbhalt agus an fad sin uaithi.
Ansin theanntaigh sé píosa adhmad díreach síos ar an líne nua.

Níorbh le déanamh anois ach an sábh a choimeád i gcoinne taobh an píosa adhmad agus mé ag gearradh.


Bhí sin ceart go leor, ach beidh sé níos deacra iad a chuir le chéile díreach agus cothrom. Ach sin jab lá eile.



07/05/2015 Ag tosnú ar an gcíle





An jab inniu ná an cíle a réiteach. Cheapfá go mbeadh sé sin an chéad jab den tionscadal, ach ní gnáth tionscadal é seo, is cosúil.

Dúirt Liam an dá phíosa a leagadh amach agus iad a sciúradh leis an gcriosghreanóir. Ní féidir iad a chuir tríd an bplánóir toisc ná fuil siad ró-thiubh agus thógfadh an plánóir an iomad díobh.

Ar aghaidh liom mar sin.



Agus mé ag sciúradh, chonac píosaí snáithe bána nó airgead in san adhmad. Fuaras amach ní ba dhéanaí go rabhadar mar charbónáit chailciam. Nuair a bíonn an crann faoi straois agus é ag fás leagann sé an carbónáit chailciam síos sa snáithe. Bíonn an t-adhmad sin an-chrua, cloch-chrua, agus maolaínn sé uirlisí go tapaigh.




Sin déanta chuas abhaile; ní raibh éinne le cabhrú liom inniu.