29 February 2016

29/02/2016 - Boltáil na frámaí


An chéad jab inniu ná an áit timpeal an crios-sábh a ghlanadh suas. Beidh John ag tosnú ar bhád nua amárach agus tá an frámáil beagnach críochnaithe ar an ngeál.
Tá a lán connadh ann cinnte.


An fíor obair inniu ná na hurláir a bholtáil isteach i gceart. Dhein John a chinn níos tibhe ná an gnáth orlach is trí ochtú, dá bhrí sin ní mór dom cinn na boltaí nó na leicneáin agus na cnónna a bhádh beagáinín san adhmad.









Do bhí an obair an-chiotach in áiteanna toisc go raibh an druilire agus an bhéalmhír ní ba fhaide ná an bearna idir ná frámaí. D'éirigh liom ag an deiridh, ach ní raibh an obair ró-shlachtmhar faraor.









26 February 2016

26/02/2016 - Urláir


Ag leanúint ar aghaidh leis na hurláir inniu, John ag gearradh amach agus mise á fheistiú.


Ó bhó. Bhrisas an bairbín ar urlár u. 20. Bhí an-chuid feistiú le déanamh ar an bpíosa seo ach ceapaim ná fuil aon fíor dochar déanta.
Dheinas na hurláir deireanacha mé fhéin.







Tá fabhtanna ag teacht in san adhmad toisc go bhfuil sé ina luí ar an talamh ar feadh seal ró-fhada ar fad. Tuar olc atá ann a bheith ag déanamh obair dheisiúcháin fé seo, ach níl rogha eile agam. Moladh dom roinnt puití luaidhe dhearg a mheascadh suas le prímeálach agus na bearnaí a líonadh leis.
De gnáth bíonn é seo déanta ar sean-bháid. Is olc an tuar é.







25 February 2016

25/02/2016 - Ag gearradh agus ag feistiú urláir.


Tá roinnt urláir le déanamh. Cosúil leis na frámaí tá beibheal le ghearradh amach ortha, agus ansin caithidís a bheith feistithe.


Seo deilbh urláir nua a dhein John ar son uimhir a seacht déag. Tá an difríocht idir an ceann seo agus an bun-deilbh soiléir le feiscint.



John ag baint píosa breise de bolta a thagann tríd an post deiridh agus an cnaí deiridh.




Ag gearradh amach an urlár a fiche.



Bhí céim beag idir an cnaí agus an post deiridh.



24 February 2016

24/02/2016 - Glacadh agus leanúint ar aghaidh.

Agus é ag obair ina aonar, dhéin John an-chuid deilbh nua. Bhí a fhios agam go raibh roinnt de na deilbh i ndroch-ordú, ach bhí níos mó ná sin i gceist. Bhí difríochtaí idir na sean-deilbh agus na deilbh nua agus na frámaí. Mar shampla ag deiridh na báid, frámaí 17, 18 agus 19 ach go háirithe.

Is cosúil go bhfuil an eang i bhfad níos ísle ar an gceann seo.


Beidh cruth níos ramhra ná na geáil teabhal-seol eile ar mo bhádsa de réir dealraimh.




I roinnt de na frámaí déanta ag John bhuail sé gnáth tairní isteach iontu agus ní féidir iad a tharrac amach anois. Do bhí ormsa tairní báid a chuir isteach in aice leo.


Feistiú aisteach ar fráma uimhir a 20.







Tar éis an bád a iniúchadh labhair mé le Liam arís - go príobháideach an uair seo. Mhínigh mé dó go raibh mé thar a bheith curtha amach leis an méid a dhein sé. Gur bhris sé an margadh a bhí againn. Go raibh mé amhrasach fén gcaighdeán obair a bhí déanta i mo as láithreacht, agus nach raibh fonn orm íoc as. D'inis mé dó go raibh mé ar tí eirí as an tionscadal ar fad, ach chinn mé anois go leanfaidh mé ar aghaidh.
Ghlac sé é sin agus chas má ar ais go dtí an obair. Cén fáth go bhfuil mé ag leanúint ar aghaidh ag tógáil bád atá truaillithe? Nílim cinnte. Tá na páistí ag súil le bád mór deas nua. Tá an iomad airgead agus obair curtha isteach ann cheana. Agus tá a lán fós le foghlaim agam, is dóigh liom.
Ach fós ag an bpointe seo tá an grá imithe as an tionscadal; ní mothaím anois ach céasta!

John ag gearradh amach urlár éigin.
John ag déanamh dealbh nua ar son ceann de na dealbh ar iarraidh.