15 January 2016

15/01/2016 Tuilleadh frámaí

Bhí mo dhroim briste ina dhiaidh an dreapadh isteach agus amach fé'n crann damnaithe sin! Dá bhrí sin chinneadh mé nach raghad go dtí an clós inniu, chun mo dhroim a shábháil, ach chuas (le mo bhean, Joanne) síos timpeall a deich chun na frámaí a phéinteáil sara raghad ar ais ag obair an tseachtain seo chugainn.  Agus cad a bhí aimsithe agam nuair a chuamar ann, ná John ag leanúint ar aghaidh leis an obair. Is cósúil nach bhfuair sé mo théacs ar maidin!
Pé scéal é, chinneadh mé fanacht sa chlós leis an lae agus lean ar aghaidh leis an obair.

 An chéad rud a chonac nuair a bhíos ag péinteáil ná go ndéanamar dearúd na tairní a chuir i gceann de na frámaí a déanamar inné.
Dhruileáil mé an dá pholl ach faraor is cosúil go ndearna mé botúin éigin mar scoilt mé deiridh an píosa barr agus me ag bualadh an chéad tairne isteach. Chuaigh an tarna ceann isteach ceart go leor.

Leanamar ar aghaidh ag déanamh frámaí u.1, 2 agus 4. Chaith mé an-chuid ama ag feistiú u.4 anseo.


Uimhir 1, réidh le gearradh amach.
Ag feistiú u.1.
An radharc ag deiridh an lae. Tá sí ag teacht le chéile :)

14 January 2016

14/012016 Frámaí 6, 7, 9, 10, 11.

Ar ais ag obair le John inniu. Ar maidin chríochnaíomar barra u.6 & u.7 agus bholtálamar le chéile iad, ansin thairneálamar na cinn síos. Ní raibh aon fhadhb agam leis an tairneáil an uair seo toisc go bhfuil an t-adhmad sách úr, nó glas.
Ina dhiaidh sin chasamar ar u. 9, 10 agus 11 a chríochnú.






















13 January 2016

13/01/2016 Ag déanamh frámaí

Bhíos ag obair le John Hegarty inniu, agus nach mór an difríocht a bhí ann. Ceapaim gur tháinig sé mar ionadh do John, níos mó ná a tháinig sé domsa! Tá seantaithí ag John ag tógáil puntaí agus ag obair ar na báid móra is na báid beaga sa chlós, ach níor thóg sé geál riamh. Uaireanta i rith an lae do bhí cuma míchompordach agus neamhchinnte air, ach leanamar ar aghaidh pé scéal é!

An chéad rud le déanamh ná an sparradh amach a chríochnú. Ar dtús bhí roinnt obair ar an rabóid de díth.






Ansin tharraingíomar amach na stiallacha le u.6, u.7, u.9, u.10 agus u.11.

An chéad fhadhb a chonaic John ná go raibh an marcáil amach déanta mícheart agam. Bhíos cinnte go ndúirt Fachtna dom nuair a bhíomar ag déanamh ná céad frámaí go mbíonn an deilbh ar an dtaobh tosaigh de na fráma i gcónaí, ach dar le John caithidís a bheith ar an dtaobh deiridh. Mar sin bheadh na beibhil go léir mícheart agam.
Níba dhéanaí thug mé fé deara conas a chuas ar strae. Toisc go gclaonann an sábh ar shlí amháin agus athríonn an bheibheal ó thaobh amháin go dtaobh eile i lár an báid caithfidh na deilbh a bheith ar aghaidh na frámaí sa leath tosaigh agus taobh thiar na frámaí sa leath deiridh.
De dheasca sin, bhí orainn gach ceann a marcáil amach arís ar an dtaobh eile de na cláir.




Ansin thosnaigh an feistiú.

Ag ath-marcáil amach.

























08 January 2016

07/01/2016 Ag díol adhmad.


Mhol Fachtna dom tamall ó shin gan an adhmad lofa seo a úsáid arís. D'íoc mé €750 as na stiallacha darach seo, só ba mhaith liom roinnt den airgead sin a fháil ar ais. Ní fhuaras  aon sásamh as John Harringer sa muileann sábhadóireachta i gCill Chóiche mar sin labhair mé le Charlie Huffer sa margadh sa Sciobairín agus d'aontaigh sé iad a cheannach díom le €350 i gcomhar cathaoireacha agus boird agus eile.







Faraor, nuair a bhíos ag iompar na cláir móra le Charlie bhris mé mo fón i mo phóca. Níor thugas fé dara é go dtí go rabhas réidh le suigh isteach sa charr, agus is cosúil nach raibh mo aigne ar an jab nuair a thiomáin mé amach as mo spás páirceála mar scríob mé taobh an carr ar leantóir báid agus mé ag casadh timpeall.
Is cosúil nach shábháil mé an €350 sin ag deiridh an lae :-(

06 January 2016

06/01/2016 Glanadh suas


Ag deiridh an lae inné bhíos ag obair sa dorchadas agus sa bháisteach agus ní rabhas cinnte inniu go raibh gach rud déanta i gceart, ach go háirithe le u.20. Chomh maith le sin, cheapas, b'fhéidir le roinnt athrú bheaga go mbeadh mé ábalta an taobh deasbhord u.18 a dhéanamh ina iomlán as píosa amháin.





D'éirigh liom, ach nílim cinnte go ghlacfadh Fachtna iad (nó cuid maith den méid ar fad atá marcáilte agam) nuair a feicfidh sé iad ar an Luan!