26 May 2019

25/05/2019 - Turas farraige

Lá breá gaofar a bhí ann, agus bhí sé in am Dún na Séad a fhágáil. Tá an féile bád adhmaid le haghaidh báid seoil agus níl seol ar bith agam...fós.
Ach chaithfead a rá go raibh sé an-deas na báid go léir a fheiscint ag seoladh inár dtimpeall agus sinn ag dul amach, ach go háirithe Cara, an bád álainn ag Kevin O'Farrell. Thug Kevin beannacht dom agus sé ag snámh thart, díreach mar a thug sé comhairle agus tacaíocht dom i rith mo thionscadal. Go raibh míle maith agat a Kevin.


Ach lá teaghlaigh a bhi insan lá seo.
Bhí an bas agus na páistí ag súil go mór le turas breá farraige agus beagán iascaireacht, agus ná fuil sé tuilte acu. Turas fad a bhí ann teacht go dtí an pointe seo agus bhí foighneamh dochreidte acu liom an slí ar fad.
Go raibh míle maith agaibh Jo & Tadhg & Odhran & Cathal. Tá súil agam go mbeidh spraoi agus spórt agus eachtraí éagsúla againn go léir le chéile in Ellen le blianta fada romhainn.










Stopamar ar thaobh an fhoscaidh de Oileán Dhúlaing chun triail as an iascaireacht ann, ach ní raibh greim ar bith againn.
Leanamar ar aghaidh, timpeall Ceann Tuaithe agus isteach go Bá Cuas an Ghainimh.



Bhí an t-adh orainn anseo agus fuaramar cúpla pollóg.




Nuair a bhí na páistí ag iascaireacht bhíos féin ag iarraidh na leictreacha a obair amach. Táim sa dorchadas fós ó thaobh an tacaiméadar de.



Níor éirigh ró-mhaith le Odhran leis an iascaireacht faraor.



Ní raibh ár dtriail bainte amach againn fós agus leanamar ar aghaidh isteach i gCuan an Chaisleáin (Gleann Bearcháin).

Beidh sé seo an baile ag Ellen as seo amach, cé go mbeidh uirthi dul i dtír ait éigin gach geimhreadh
Tá mothúcháin casta agam ag féachaint uirthi ag suí go suan ag an feistiú seo.
Tá bród agus áthas orm gan amhras, ach rudaí eile freisin, nílim cinnte.
Tá an chuid obair fós le déanamh go mbead ábalta a rá go bhfuil sí críochnaithe - tá cnaíocha le déanamh agus le feistiú, tá obair le déanamh timpeall an crann, tá pionnaí ceangail le déanamh, tuilleadh maidí rámha le déanamh, agus tá na seolta go léir fós le déanamh - ach marc mór i saol Ellen is ea é seo. Tá súil agam go mbeidh saol fada aici, agus againn le chéile.


24 May 2019

24/05/2019 - Ar snámh arís

Labhras le Liam inné go raibh sé ar intinn agam an bád a chuir ag snámh inniu, ach bhí lár an lae i mo aigne agam. Nuair a thánag chuig an clós (cuimseach moch) bhí siad fós gnóthach ag iompair báid leis an crein agus ag cur ag snámh iad. "Are you ready to go afloat yet or what?" a dúradh liom ar an bpointe. Ní rabhas, ach thosnaíos ag fáil réidh láthreach.

An chéad rud ná roinnt ballasta a chaitheamh amach, do bhí sí róthrom chun tosaigh anuraidh.
Agus go gairid ina dhiaidh sin bhí na crocháin uirthi agus bhí sí ag seoladh tríd an aer.


Cheanglaíos suas in aice bád mór do díreach. Ní rabhas réidh le seo fós!
Chaitheas tamall ag déanamh téad ghraidhpe agus téada tíre/tharraingthe, rópaí sáraithe agus araile.
Agus ansin gan mórán agó, bhíos ag dul síos inbhear an Aighlinn arís.

Agus ag an deiridh, feistithe suas ag an pontún i nDún na Séad le haghaidh an Féile Bád Adhmaid.

Agus anois tosnaíonn an imní. Amuigh anseo thar oíche ina aonar - tá súil agam go mbeidh Ellen ceart go leor!




23 May 2019

23/05/2019 - Ainm an bháid

Bhíos ag caint le Bob (n'fheadar a shloinne) cúpla lá ó shin nuair a bhí sé ag déanamh sínscríbhneoireacht ar bhád éigin. Tagann sé chuig an clós go minic ag péinteáil ainmneacha agus araile ar na báid agus longa iascaireachta éagsúla.
D'iarras air cabhrú liom an ainm a phéinteáil ar Ellen, toisc nach raibh an t-am agam é a dhéanamh, agus dhéanfadh seisean jab i bhfad ní ba fhearr ná mise pé scéal é.
Bhí Bob chomh maith leis a fhocal agus bhí sé ann ar maidin. Cé go raibh drochaimsir ann, bhíos sásta sheasadh siar agus féach ar máistircheardaí ag obair.
An t-aon fhadhb leis sin go raibh orm éisteacht leis ag an am céanna!







Do bhí gach rud déanta de lámh ag Bob. Níor úsáid sé líne díreach ná téip tomhas ná aon rud eile. Ceard sonraíoch a bhí ann.

Idir an dá linn, bhíos féin ag leanúint ar aghaidh ag iarraidh na míle nithe beaga a chríochnú, an urlár mar shampla.
Agus an maide rámha.
Bhíos gnóthach ag péinteáil mé féin, ach pé mar is gnáthach, ag meán-lae casas an raidió thart go dtí RnaG. Agus mé ag leanúint ar aghaidh leis an obair, cheapas gur chualag glór áitiúil. Stad mé chun éisteacht i gceart, agus cé a bhí ag plé na gliomadóirí ar An Saol Ó Dheas ach Cormac Levis é féin. Níor luaigh sé mo bhádsa na an blag seo ach an oiread, faraor!

Tar éis an lón d'fhill Bob chun a obair a chríochnú.







Nuair a bhí Bob imithe, bhaineas na cosa den bád agus dheineas mo dhoicheall snas a chuir ar an péinteáil fúthu.


D'fhéadfadh sí a bheith níos measa, cé ná fuilim iomlán sásta léi fós.