31 January 2021

31/01/2021 - Ag tosnú and triú chúrsa.

Saor ón óstán coraintín, thógas an seol suas go dtí doichead na loinge chun é a shíneadh amach agus a mhesúnú.
Thomhaiseas suas 65cm ón dtarna chúrsa agus mharcáileas an triú chúrsa ann.

Beidh na preabáin réasúnta beag ag an triú chúrsa. Tá súil agam nach mbeidís ró-bheag.



Seo mar atá sé ag an triú chúrsa - fós ró-mhór b'fhéidir i ngaoithe láidre, ach nílim cinnte fós cé chomh láidir go mbeadh an ghaoth le bheith "ró-láidir".
Ag an bpointe sin ní bheadh an tarna rogha agam ach é a chornadh agus leanúint ar aghaidh leis an seol cinn amháin.

Tá rún agam seol ainlithe (seol gaoithe móire) agus jib gaoithe móire a dhéanamh freisin, ach sin jab le haghaidh coraintín eile measaim!

Dála an scéal, tá taoibh na cearnóga siúd ar an úrlar 60cm ar fad.
Ritheann sé liom díreach anois go féidir liom achar an seol a mheá leis na cearnóga siúd.

Más buann mo chuimhne, chun an achar a thomhas, ní mór duit gach cearnóg lán a áireamh, agus gach ceann atá níos mó ná leath-lán.
Measaim go bhfuil 28 cearnóg san áireamh mar sin.
28 x (0.6 x 0.6) = 10.08m², beag nú mór. Ceapaim anois, nuair a bhead críochnaithe leis an tseoil, déanfad an mheá chéanna ar an dtarna chúrsa, an chéad chúrsa agus an seol iomlán.

Ceist tábhachtach eile ná - cá bhfuil an lár iarrachta?
Ag féachaint ar an tseol sínthe amach anois, déarfainn go bhfuil sé gar le cearnóg 13 sa fótagraif thuas.
Ní fólair leis an bpreabán teanntaithe a bheith ag díriú i dtreo an spota sin.
Measaim anois go bhfuil an preabán teanntaithe an dtarna chúrsa ag díriú ró-ard sa seol.


Sin déanta, ní raibh le déanamh ach dul ar ais go dtí an fuáil.
Thosnaíos le preabán an taca ar dtús.




28 January 2021

28/01/2021 - Deiridh an tarna chúrsa agus deiridh an coraintín.

An chéad rud ar maidin ná an tarna sraith greamanna an preabán íochtar an tarna chúrsa a chríochnú.

Sin déanta, leagas amach preabán an droma, agus dheineas an dá sraith greamanna ann.


Leis sin bhí an cluaisín críochnaithe.

Ansin, ní raibh ach an taca le déanamh chun an tarna chúrsa a chríochnú, rud a dheineas láithreach.

Seo an tráthnóna deireanach mo coicís coraintín i dTaipei, agus níl aon phointe leis rud nua a thosnú.
D'fhilleas an seol suas agus chuireas ar ais isteach sa mhála é.
Tá an chuid obair fós le déanamh. Bhíos ag súil le níos mó dul chun cinn ag tús an coicís seo, ach bhí an lámh-fuáil níos moille ná a shíleas.
Pé scéal é, táim níos giorra le mo thriail ná a bhíos coicís ó shin, agus chabhraigh an obair liom an t-am a chaitheamh gan dul as mo mheabhair.
Tá sé seachtain fós le chaitheamh agam ar an long, agus tá súil agam go mbead in ann roinnt obair a dhéanamh in mo chuid aimsir breise.


 

27 January 2021

27/01/2021 - An tarna chúrsa.

 An chéad rud le déanamh inniu ná an chéad sraith greamanna a chríochnú ag taca an chéad chúrsa...

...agus ansin an tarna sraith.

Leis sin bhí na preabáin an chéad chúrsa críochnaithe agus do bhí sé in am an tarna chúrsa a leagaint amach.
Cosúil leis an chéad chúrsa, shíneas amach an seol chomh chothrom agus ab fhéidir liom agus thomhaiseas suas 65 ceintiméadar (ar fhad tosach agus droim an tseoil) suas ón chéad chúrsa.


Ansin shíneas líne teann idir an dá phointe sin agus mharcáileas líne cuar síos fé sin.


Ansin mharcáileas amach na preabáin...
...agus thosnaíos á dhéanamh.




Neart déanta, neart fós le déanamh.
Amárach mo lá deireanach sa choraintín, mar sin ní bhead ag chaitheamh an méid ama céanna ag obair an na seolta, ach ar a laghad beidh cuid maith den seol mór déanta agam. Tús maith leath na hoibre.
 

26 January 2021

26/01/2021 - Ag críochnú cluaisín an chéad chúrsa.

Thosnaíos leis  an bpreabán teannta an chéad cúrsa ar maidin.
Ba chóir go mbeadh an "strainer" seo dírithe ar an lár iarrachta cruth an tseoil (leis an chéad cúrsa istigh), ach níl cliú dá laghad agam cá bhfuil an lár iarrachta!
Pé scéal é, dheineas tomhas inné (agus tomhas eile), agus leanas ar aghaidh leis an fuáil inniu.




Leis an bpreabán teannta críochnaithe, thosnaíos le preabán an droma.

Agus leis sin, bhí cluaisín an chéad chúrsa déanta.


Gan aon rómhoill, leagas amach an téadach le haghaidh taca na chéad cúrsa.
Beidh sé an fanacht romham maidin amárach.



 

25 January 2021

25/01/2021 - A críochnú an cluaisín agus tús preabáin an chéad chúrsa.

 Leanas ar aghaidh leis an bpreabán an droma maidin inniu - deiridh an chead sraith agus ansin an tarna sraith greamanna.

Lá breá gréine a bhí ann inniu i dTaipei, agus mé ag obair in aice na fuinneoige, thugas fé ndeara go raibh an solas ag lonrú tríd an tseoil. Bhí sé ar nós X-ré agus bhíos in ann na fáithimí agus na preabáin go léir a fhescint agus chigil sé mé.


Agus sin na preabáin go léir ag an cluaisín déanta. Tá neart obair fós le déanamh ann leis an gcringleach agus an aighre - ach sin scéal do lé eile.


An chéad rud eile ná na preabáin ag an gcéad chúrsa.

Ar dtús shíneas amach íochtar an tseoil agus thomhas mé suas 95cm ón gcluaisín agus ón dtaca.
Shíneas sreangán idir an dá phointe sin agus mharcáileas líne cuar thíos fé leis an rialóir.
Nuair a bheidh an chéad chúrsa istigh, beidh sé seo íochtar nua an tseoil.


Ina dhiaidh sin, mharcáileas amach na preabáin nua an chúrsa - ag an cgluaisín agus ag dtaca.


Agus mar is gnáthach, thosnaíos ag gearradh amach agus ag fuáil