31 March 2017

31/03/2017 - An cuid tosaigh den stráca íoctair.



Thosnaíos ar maidin ar an chuid tosaigh an stráca íochtair. Pé mar an chuid eile, bhí orm spiling a dhéanamh taobh thiar den deilbh siar go dtí fráma a 9.
D'úsáid mé ceann de na cláir nua le haghaidh an píosa seo agus bhí sé cosúil le dodgems ag seachaint na cranraí.

Ag líneáil amach.

Arís an preabshábh agus an sábh ciorclach ag obair le chéile.

Ansin chomhairligh Liam an stráca ag an mbarr a ghearradh amach freisin ionas go mbeimid ábalta an trí chinn a ghalú le chéile.
Thosnaíos ag sadhláil é sin.
Agus é a ghearradh amach ar an gnáth slí.






Agus na beibhil a chuir ann.

An uillinn ag an stuimine.

Bhí beagán cuasáil, nó tolladh amach le déanamh chomh maith.
Cheannaíos an locar cónra seo sa mhargadh sa Sciobairín foinnt míonna ó shin agus d'athraigh mé é le bheith mar locar cuasáil, agus oibríonn sé go thar barr.
Deiridh lá eile.

30 March 2017

30/03/2017 - Ag tosnú ar an stráca íoctair ar deiridh

Maidin nua agus céim nua.
Agus mé ag ceapadh go bhfuil an deilbh i gceart, bhí sé in am é a ghearradh amach. Ach ar dtús, bhí orm slat spadhlála a ghreamú leis agus an spiling a dhéanamh suas go dtí fráma a 9.


Ag marcáil amach.

Ag líniú amach an chuid leis an spiling.

Ag gearradh an píosa cuartha leis an bpreabshábh agus an chuid eile leis an sábh ciorclach.

Réidh anois leis na beibhil.


Agus anois an slat arís chun na leithid a dheimhniú.
Ag féachaint tríd na frámaí ón taobh istigh ag iarraidh líne cóir a fhescint.
Píosa beag le baint de.

Agus amárach an chuid tosaigh.

29 March 2017

29/03/2017 - Deilbheacha le haghaidh an stráca íochtair


Anois, do bhí sé in am na leithid an stráca a mharcáil amach ar na frámaí. Tá na leithid ón Hanora sa leabhar, agus tharraing mé ar na frámaí iad. Ansin, shíneas slat thart orthu le feiscint an rabhadar cóir.



Tar éis cúpla choigeartú bhíomar sásta agus mharcáil mé na línte nua ann agus ansin thomhas mé na leithid suas ón gcíle.
Agus mé ag féachaint ar an rabóid, ní rabhas sásta go fóill agus chinn mé beagáinín obair eile a dhéanamh air. Bhuel, maith go leor go dtí gur bhualas leis an bolta ag dul tríd lár an cnaí. Úps!


Ansin, bhí orm deilbheacha a dhéanamh le haghaidh an dá rabóid. Threoraigh Liam mé chun bataí beaga  chuir ar na frámaí. Bheadh tiús na bataí siúd agus tiús an sraithadhmad cothrom le tiús an stráca.

Ag déanamh an deilbh le haghaidh an tosach.

Chonac an teicníc seo le haghaidh deilbh a dhéanamh ar físeán ar Facebook cúpla lá ó shin, agus chinneas ar triail a bhaint as. D'oibrigh sé ceart go leor ach, agus mé ag féachaint air anois, ceapaim go mbeadh sé níos éasca an dheilbh an rabóid a úsáid chun bun an dheilbh seo a mharcáil amach.




Pé scéal é, bhí sí nach mór ceart ar an gcéad dul síos.
Ach ní foirfe.
Méaróga chun an bearna a líonadh.