23 December 2017

22/12/2017 - Abhaile arís

Abhaile arís, chuas síos go dtí an clós ach ag an nóiméad céanna a bhí Liam ag imeacht.
Mhol sé dom gan na leabaí a shuiteáil gan é, agus mar sin bhí mo phlean an lae scriosta.
Chaitheas roinnt ama ag faobhrú mo chuid siséal agus bhogas an t-adhmad darach atá fágtha agam isteach sa bhothán.

Tá na páistí ar laethanta saoire anois agus sin deiridh le mo chuid saor-bádóireacht le tamall.







10 December 2017

07/12/2017 - Teacht an lián agus an seafta.

Tháinig Santaí go luath i mbliana!


Táim ag tnúth leis na boscaí seo a oscailt.

20 November 2017

20/11/2017 - Ag imeacht gan coinne.

Mo léan géar! Fuaireas roimh-phoist go déanach aréir, ní mór dom imeacht ar ais ag obair inniu. Níl an t-am agam na leabaí a phionnáil isteach, níl an t-am agam an innill a chuir suas. Níl ach uair a chloig amháin agam mo uirlisí a ghlanadh suas agus cúpla fhótagraif a ghlacadh.
Tá díomá an domhain orm, ach ní íocfaidh an bád seo as féin!






Sin sin anois go dtí deiridh mí na Nollaig.

16 November 2017

16/11/2017 - Leath lá leis na leabaí


An dealbh réidh, leanas ar aghaidh ag ullmhú an bloc darach.
Ag féachaint siar anois, agus ag féachaint ar an fótagraif thíos, tá mearbhall agus ionadh orm nár thugas an séama lobh ag rith tríd an bpíosa adhmad seo. Beidh sé sin tábhachtach ar ball, ach nílim cinnte fós cé chomh tábhachtach is go mbeidh sé.
Bheadh sé an-simplí an séama sin a sheachaint, cas an bloc thart - sin an méid, ach níor chonac é, agus leanas ar aghaidh, ag treabhadh liom go sásta.
Sách cothrom anois, tharrac mé an patrún amach.
Agus ghearras amach é.
Agus arís an-chuid ama ag feistiú ina dhiaidh sin.
AN uair seo chinneas an cothromú a dhéanamh ag an deiridh.
Um an dtaca seo thugas fé deara go raibh an séama caol lobh i lár an píosa adhmad tar éis oscailt go leathan. Chuireas cóta prímeálach tiubh orthu araon, agus tá súil agam go cuirfidh sin deiridh leis an bhfabht seo, ach is eagal liom go bhfuil fadhbanna i ndán dom leis.
Agus b'in é. Beimid ag dul go Corcaigh amárach ag déanamh siopadóireacht Nollaig, ach táim ag súil lena chríochnú ar an Luan agus an innill a chuir suas orthu.

15 November 2017

15/11/2017 - Na leabaí innill.

Beagáinín obair ar an dealbh ar maidin, agus bhíos réidh le tosnú ar an gcéad leaba.

Ní raibh ach píosa amháin fágtha agam den dair 4" ar tiús. Tá sé breá stálaithe fén am seo, agus cruaidh go leor, ach tá muinín agam nach mbeidh aon fhadhbanna agam le bogadh ná scoilteanna anois.
An chéad rud ná clár a dhéanamh de thaobh amháin.
Agus ansin tríd a tiúsóir leis.
Agus ansin patrún an dealbh a mharcáil amach air agus gearradh amach.
Ansin, bhí orm an barr a dhéanamh breá cothrom leis an locar.
Agus ansin thosnaigh an feistiú.
Chaitheas breis is dhá uair a chloig ag cnagadh leis an siséal, ach ag an deiridh shuigh sé síos isteach ina áit i gceart.



Gan aon phíosa dair sách tiubh an tarna leaba a dhéanamh, d'aimsigh Liam píosa sa chlós áit éigin agus thug sé píosa de dom.
Ach mhol sé dealbh eile a dhéanamh le haghaidh an taobh clébhoird, agus bhí an ceart aige - ní luífeadh an chéad dealbh isteach san áit san i gceart.

14 November 2017

14/11/2017 - Cóiriú an trasnán agus ag ullmhú le haghaidh na leabaí innill

Ar ais ag an gclos go moch ar maidin agus cíocras orm fail amach conas a bhí an post.
Do bhí an Sikaflex cruaite ceart go leor agus anois bhíos ábalta roinnt bearradh a dhéanamh agus caoi a chuir ar na boltaí 'is na cnónna.
Anseo táim ag déanamh spás i gcomhar an leicneán go luífidh sé cothrom leis an adhmad.



Agus mé ag gearradh inné, bhraitheas rud éígint agus mé ag dul thar an bpost istigh, agus féach, scriú eile folaithe ann!




Ag plánáil síos go dtí an líne, fé mar is gnáthach.

Agus anois, seo mé ag déanamh praiseach den trasnán.
Praiseach ceart.
Ach le roinnt comhairle ó Liam, bhíos ábalta an cás a shábháil, mar an chuid is mó.


Féach...bád!



Ansin thosnaíos ar jab tábhachtach eile, na leabaí innill.
An chéad rud ná líne teann a shíneadh go díreach tríd lár an feadán chun treoshuíomh agus ailíniú ceart an innill a fháil.
Dhein Liam roinnt tomhais ar an innill féin, agus ansin ar an mbád, agus ansin ar an líne agus an feadán; agus d'ordaigh sé dom dhá dhronuilleog a dhéanamh as clár-adhmad. Ceann amháin 6 orlach fá 12 orlach agus ceann eile 8 orlach fá 12 orlach.
Bhí orthu a bheith cearnach, díreach agus láraithe ar an tsreang.
Bhí orthu bheith greamaithe leis na frámaí go foirfe cothrománach.
Sin déanta, bhíos ábalta ruaig a chuir ar an tsreang.

Agus ansin thosnaíos ag déanamh dealbh le haghaidh na leabaí.