16 February 2020

15/02/2020 - Ag leagaint amach na línte.

Tá an t-am tagtha na brait a leagaint amach agus na línte a mharcáil amach ortha.
Tá an t-ádh liom go bhfuil mé mór leis an leas-príomhoide sa Gaelscoil Dr. Uí Shuilleabháin, agus thug sí cead dom an halla spóirt a úsáid ar feadh cúpla uair a chloig.

Ach, dála an scéal, táim ag déanamh an próisis seo droim ar ais.
Ba cheart dom na línte a scríobh ar an urlár agus na héadaí a leagaint tharstu. Ach ní raibh an spás agam, nú t-am agam sa halla iad a dhéanamh sa chaoi sin. Pé scéal é, ní bheadh cead agam piocadáin a chuir san urlár sa seomra suí, ná an halla spóirt nua ach go háirithe.


Bhíos ag smaoineamh ar maidin, conas ab fhéidir liom na huillinneacha ceart a dhéanamh ar na héadaí agus mé ag líníocht amach na seolta?
Shocraíos ar deilbh a dhéanamh ar scála 15:1, agus bheinn ábalta na huillinneacha ortha siúd a meaitseáil leis na línte ar na héadaí.


An chéad rud a rith liom nuair a leagamair na brait amach ná go raibh siad ní ba chothroime ná a bhí mé ag iarraidh. Ach thugas fé deara nach raibh na himill díreach; bhí siad ag spré amach mar gheall ar an bolg sa lár. Gan priocadáin, ní rabhas ábalta iad a shíneadh amach díreach arís.
Tá súil agam nuair a ghearraim ná línte le cuar, chuirfidh sin dóthain bolg sa seol.

Bhíos ag úsáid líne cailce chun na línte díreacha a mharcáil, ach ansin (le mo lucht cabhair) d'iarramair cuarlíne cóir a dhéanamh leis an mbata líneála, ach bhí an bata ró-thiubh agus ró-righin, agus dá bhrí sin bhí sé deacair. N'fheadar an bhfuil dóthain cuar ann ag an deiridh.

Chomh maith leis sin, bhí sé deacair go leor na tomhais cearta a dhéanamh le chéile leis na huillinneacha cearta.
Do bhí an-chuid tástáil agus earráid ar bun, ach ar deiridh d'éirigh liom cruth éigin a dhéanamh. Tá súil agam go hoibríodh na seolta, ach níl siad díreach mar a chéile leis na dearaí.







Ag an bpointe seo, déarfainn go bhfuil leath an oibre déanta.
Fós tá bandaí neartaithe, bandaí taca, cringleacha, cringleacha rífeála, cróna súilíní, ribíní agus aighrí a dhéanamh.
Tógfaidh sé tamall fós!




An lucht oibre toilteanach! 



Aguisín 24/02/2021:

Agus mé ag cíor tríd an idirlíon ag lorg fótagraif de seolta traditiúnta, d'aimsíos an pictiúir seo - seolta nua don gliomadóir nua i Mericeá, Fiona.
Ba bhreá liom é so a fhescint roimhe mo sheolta a leagaint amach.


Tá an comhlacht so ag déanamh seolta álainne thall i Mericeá.






09/02/2020 - Ag leanúint ar aghaidh leis an tseol cinn.


Maidin De Domhnach agus bhí díocas orm leanúint ar aghaidh leis an seol, ach an uair seo bhí cabhraí in éineacht liom!

Ag ullmhú an uaim rádail.

Cathal ag cabhrú liom an t-éadach a thiomáint tríd an inneall fuála. Seisean ag tarrac agus mise ag stiúradh.

Foireann den scoth!


Agus an painéal deireanach.


Níl Luas chomh tugtha leis an méid seo ar siúl sa seomra suí!


Bhíos chomh sásta leis an dearadh a bhí agam den seol cinn, chinneas ceann a dhéanamh ar son an príomh seol, agus an lár iarrachta a fháil amach.



08/02/2020 - Ag tosnú an seol cinn.

An chéad rud ná go bhfuil sé i bhfad níos éasca é seo a dhéanamh le dearadh nú líníocht ceart déanta cheana féin.
Tá an seol seo i bhfad níos lú, agus cabhraíonn sin freisin.

An chéad thomhas.

An chéad líne fuáil den uaim bréaga.

Ag tomhas an tarna phainéal.

Ag cuir an chéad dá phainéal le chéile le uaim rádail.

Ag fuáil an uaim rádail. Tá an lár iarrachta marcáilte agam ar an seol cheanna féin. Bhíos in ann é a thomhas ón líníocht, ach n'fheadar an bhfuil sé cruinn, ach tá súil agam nach mbeidh sé i bhfad mícheart. Nod amháin atá ann.

30 January 2020

30/01/2020 - Ag déanamh réidh leis an tseol cinn.

Bhí súil agam go mbeadh an bád ar an leantóir ar chúl an tí ag an am seo, ach tá sí fós sa bhád-chlós. Tá sí greamaithe i measc an-chuid báid eile, fé chúram, an clós go dtí an t-earrach.
Bhí súil agam go mbeinn ábalta an crann a sheasadh agus gach tomhas i gcomhar na seolta a thógaint go cruinn.
Bhíos ag súil le an-chuid rudaí, nach féidir liom a dhéanamh anois.

Mar sin, do bhí orm dul chuig an clós agus tomhais a dhéanamh ar an mbád agus an crann mar atá siad.
N'fheadar cé chomh cruinn is atá siad, ach ní thig liom níos fearr a dhéanamh anois.


Seo iad na torthaí a fhuaireas. Tá súil agam go bhfuil siad i gceart.



Ar ais sa bhaile, líníos amach na tomhais siúd, ag tógaint síneadh an t-éadach san áireamh.
Tar éis féachaint sa leabhar arís, chinneas ar ghearradh ingearach a dhéanamh leis an seol seo.


Agus seo an dearadh a thagann amach ag an deiridh.
Bheadh sé níos fearr má bhí dearadh soiléir mar seo nuair a thosnaíos ar an bpríomh seol.




29 January 2020

29/01/2020 - Painéal 5

Painéal a cúig inniu..

Mar is gnáthach anois, an chéad rud ná an uaim bréaga.


Tá gach painéal níos faide ná an ceann roimhe, ach chom maith le sin, tá an brat féin ar éirí mór go leor.



Sin leagtha amach, tá sé in am iad a chuir le chéile le uaim rádail.



Tá sé deacair anois na painéil a shíneadh amach díreach, bíonn meáchan ag teastáil ar chríoch amháin ionas gur féidir liom beagáinín teannas a chuir ar na dlúthchiumhaiseanna.


Leanas ar aghaidh leis an fuáil ansin.
Bíonn botúin agam i gcónaí, (teannas mí cheart ar an snáithe is minicí), ach de gnáth bím sásta leis na torthaí ag an deiridh.

Seo an deiridh leis an oibre bunúsach ar an bpríomh seol, agus ar éigin a bhí mo dhóthain snáithe agam. D'úsáid mé i bhfad níos mó ná a shíl mé.
Táim ag baint úsáid as snáithe cadáis 100%. Níl sé "mercerised" ar chor ar bith, agus tá sé deacair teach air.
Tá orm fanacht anois go mbeidh tuileadh agam go tosnóidh mé an seol tosaigh.