13 March 2018

13/03/2018 - Deiridh ré eile

Bhuel, an seal abhaile seo nach mór thart leanas ar aghaidh gan stad inniu. Ar dtús d'iniúchas na píosaí briste ó inne. Dob fhéidir liom iad a dheisiú, ach tarlóidh sé arís sara bhfad. Mar sin, ghlanas suas iad chomh maith agus ab fhéidir liom  agus chuireas isteach ina áit iad.

Ar ais ag na urláir arís ansin. Níl sé deacair, ach níl sé ró-shuimiúil ach an oiread.
Pé scéal é, bhí níos mó dul chun cinn ag deiridh an lae ná a bhíos ag súil ag tús an lae.
Dála an scéal, is méadar próifíle í an uirlis oráiste sin. Níor chualag fén a leithéid riamh go cúpla lá ó shin nuair a chonac ceann ar físeán ar Facebook. Cheapas díreach ansin go mbeadh sé in a chabhair mhór leis an urlár. Bhí An Bas i mBAC ag an deiridh seachtaine agus dúras léi gan teacht abhaile gan an uirlis suimiúil nua seo. Stop sí ag Woodies ar a slí abhaile agus ghlaoigh sí ar ais orm "Ar mhaith leat ceann 10 orlach nú 12 orlach?". Níos mó, níos fearr a d'fhreagair mé agus mar sin cheannaigh sí an ceann 12". Ach an chreidfeá, tá sé ró-fhada dul idir na frámaí agus mar sin ní rabhas ábalta é a úsáid ar aon chor.
Dá mbeadh an luas céanna agam nuair a tiocfad abhaile an chead uair eile tá súil agam go bheidh an urlár críochnaithe agam tar éis trí lá.
Ina dhiaidh sin tá an cófra agus na taftaí lé déanamh taobh istigh. Agus ina dhiaidh sin féachfad ar an taobh amuigh arís.


12 March 2018

12/03/2018 - Lá na feirige

An chéad rud le déanamh ar maidin ná an píosa urlár le chríochnú. Tá rabóid beag le déanamh ar a shuíonn sé ar na frámaí.
Táim beagán buartha fén méaróg ar an bpíosa seo - níl sé ach ceangailte le píosa adhmaid beag agus caol tar éis an rabóid a ghearradh amach.
 
Ach ar a laghad tánn sé ag suí isteach go deas anois.

Ansin thosnaíos ar an taobh eile. An uair seo ní dheineas dearúd an dealbh a chasadh thart. Caithfead é seo a dhéanamh toisc go ndearnas an dealbh ag an áit a mbeidh bun an píosa ag suí, mar sin is cruth bun an píosa atá ann.
Agus na beibhil gearrtha mar bhun an píosa freisin.
An uair seo shuigh sé isteach i bhfad níos fuiriste. Ansin mharcáil mé amach na rabóidí freisin.
Agus ghearras amach iad. An scéal céanna anseo leis an méaróg.

Ansin thosnaíos leis na gnáth cláir urláir. Tá siad seo déanta as gnáth déil bhán as an ceannaí earraí tógála Barry's sa Sciobairín.

Ní raibh a lán ama fágtha agam, cé lé daoine ag glaoch orm ar an bhfón agus araile ach pé scéal é bhíos sásta leis an dul chun cinn an lae.
Ach ar an slí amach, nuair a bhíos ag iarraidh an cábla sínteach a phlugáil amach, bhualas i gcoinne an bairille agus thit an dá phíosa casta siúd ar an urlár. Cad eile a bheadh ann ach na méaróga a bhíos buartha fúthu briste anois. Bhuel, níor mhair siadsan ró fhad! 
Bhíos ar buile, ach socróidh mé amárach iad. Níl an tarna rogha agam.









09 March 2018

09/03/2018 - Tús an urláir

Thosnaíos ar an tarna bhata rungála ar maidin.
Bhíos ag smaoineamh air thar oíche agus bhí idéanna agam conas an ceann seo a dhéanamh níos fuiriste agus níos cruinne.
Ar dtús, cosúil le inné thógas an spiling agus ghearras an bun-cruth amach. Ansin scriúáil mé isteach go sealadach é. Ansin dheineas an-chuid gearrthacha cothrománach, síos go dtí an imeall in aice na frámaí. Ansin bhaineas an bata de.
Ansin phlánáil mé síos go dtí an imeall sin, comhthreomhar leis na gearrthacha siúd.
Chuireas líne dúch ag an mbun ag an imeall céanna le go mbead a fhios agam go rabhas ag dul ró-fhada. Le bheith foirfe, d'imeodh rian na gearrthacha as radharc agus bheadh an dúch le feiscint ag an am céanna agus insan sliseog céanna as an locar.
Sin déanta, chuireas an bata isteach arís, agus bhí sé nach mór foirfe. Ní raibh ach beagáinín cóiriú le déanamh.

Sin iad na garmna rungála críochnaithe, tá sé in am anois tús a chuir leis an urlár ceart.
Táim ag tosnú ag deiridh an báid, ba mhaith liom cófra beag a bheith ann. os cionn an feadán. Da bhrí sin caithfead píosa urlár an-chasta a dhéanamh. Tógfaidh sé seo tamall.
Thosnaíos le dealbh.
Ansin d'aistríos an dealbh go dtí clár adhmaid.

Ansin shocraíos an beibheal ar an sábh agus ghearras amach an cruth.
Ach nuair a thógas an píosa go dtí an bád thugas fé ndeara go raibh an dealbh bun os cionn ar an adhmad. Bhíos ag iarraidh an taobh ar chlé a ghearradh amach ach anois, mar gheall ar na beibhil, bhí orm an píosa seo a úsáid ar an deasbhoird - agus bhí an-chuid feistiú de díth.
Ach ag an deiridh shuigh sé isteach. Tá tuilleadh feistiú le déanamh amárach áfach.

08 March 2018

08/03/2018 - Bataí rungála


Nuair a thriaileas as na garmna ar maidin do bhí na duail ró-chúng sna poill. Mar sin d'oscail mé ná poill beagáinín le mo raspa.

Sin an taobh tosaigh déanta ar feadh tamall.

Tar éis é a phlé le Liam, chinneas breis tacaíocht a thabhairt do na garmna i ndeiridh an báid.



Mhol Liam breis tacaíocht a thabhairt i lár an báid freisin. Ina thuairim tá an urlár ró-ard ar fad agus deir sé go mbeidh fadhbanna agam leis.
Dheineas bata cothrom leis an ngarma sa lár agus d'fheistigh mé le scriúnna é.
Déanfad an ceann deasbhoird amárach.

07 March 2018

07/03/2018 - Na garmna rungála tosaigh.


Tá smaoineamh agam maidir leis na garmaí rungála tosaigh, ach táim cinnte nach mbeadh Liam i bhfách leis.
Ar dtús caithfidh gach rud a bheith cothrom, mar is mian liom.

Ansin cheapas go mbeidís go breá leis an bhforluí seo, an t-aon fhadhb amháin ná go sleamhnaídís chun tosaigh. Ach bhí réiteach i mo aigne agam leis sin.

Fuaireas an píosa iorócó seo as scipe bruscar in aice an Dunbrody i n2005. Bhí a fhios agam go mbeadh sé úsáideach luath nú mall! Anseo táim ag déanamh spásairí as.
Sin mar a bheidh sé, leis an gcrann ag dul síos eatarthu agus isteach sa cheap treo.
Anois caithfead an taobh tosaigh a shocrú.
Anse táim ag déanamh dual darach. Oibríonn sé ar nós bioraitheoir peann luaidhe, ach i bhfad níos mó.


Táim ag cuir na duail isteach sa bhíoma agus tá poill chomhfhreagrach sna garmna rungála.

Suífidh na garmna ar na duail agus mar sin ní bheidís ábalta bog chun tosaigh.
Tháinig Liam isteach gar le deiridh an lae, thug sé féachaint amháin air agus d'imigh sé gan tada a rá!

06 March 2018

06/03/2018 - Na biomaí rungála tosaigh.

Tá mo aird dírithe ar tosach an báid anois.
An chéad rud inniu ná dealbh beag a dhéanamh le haghaidh an píosa tacaíochta ag fráma a trí. Os comhar fráma a trí beidh an cófra ann.
Táim buartha nach mbeidh mo dhóthain adhmad fágtha agam ach ar a laghad bhíos ábalta  an píosa seo a fháil as gearrthóg beag darach.
Shuigh sé isteach go foirfe an chéad uair.
Cóta prímeálach agus ansin cúpla tairne lena choimeád ann.

Ag úsáid an píosa sin mar mharc airde, d'úsáideas na leachtleibhéil aird  na bíomaí rungála a fháil.



Ina dhiaidh sin dheineas deilbh astú.
Agus ghearras amach iad.


Ansin an píosa tacaíochta a chuir leis.
Agus an chéad ceann eile.
Maith go leor, ach caithfead a rá go ceapann Liam go bhfuilim ag dul ar an jab seo go mícheart. Níl a fhios aige cén fáth go bhfuilim chomh tiomanta go mbeidh an urlár cothrom sa díriú fad loinge chomh maith leis an díriú ó thaobh taobh.
Níl freagra iomlán agam dó. Ní féidir liom a rá cén fáth seachas nach mbeidh an cuma ceart air aon chaoi eile. Tá seans ann nach mbeidh ár ndóthain spás ann sa deiridh dá bhrí sin. B'fhéidir go mbeidh na taftaí ró íseal ag an deiridh, toisc go bhfuil an urlár ró-ard. Níl a fhios agam, tá súil agam go mbeidh gach rud ceart go leor ag an deiridh. Pé scéal é, beidh a fhios agam go luath.