26 June 2016

25/06/2016 - Ag críochnú leis an Samhraidh.

An lá deireanach den babhta seo. Ba é seo mo sheans deireanach an stráca sin a chríochnú go dtí Mí Deiridh Fómhar agus sin a fáth a thánag isteach ar an Sathairn.

Ar dtús leagas amach slat chun na leitheadaí a fháil agus ansin dheineas an spiling.



An cuas snoite ar an dtaobh eile, bhí beagán plánáil le déanamh ar an dtaobh amuigh chun an cruth corr a fháil.
Do chonac spiling ní ba mheasa ná sin cheanna!


An stráca déanta bhí sé in am glanadh suas. Bhí min sáibh agus go leor scamhacháin adhmaid i ngach áit agus gearrthóga mórthimpeall. Níorbh féidir liom an áit a fháil i mo dhiaidh mar seo.
Níos fearr.
Anois, tá an t-am agam mo shásamh a baint as féachaint ar thorthaí mo chuid oibre.






Sin déanta, jab amháin eile le déanamh. Moltar dom nach mbeadh sé críonna na plainc go léir a fhágáil mar seo thar an samhraidh, mar sin dheineas suas meascán olla, 3 chuid pairifín:cuid amháin ola rois le cuir ortha.








Níl a lán fágtha agam seachas gearrthóga.


24 June 2016

24/06/2016 - Stráca eile tosnaithe. Dul ag féachaint ar adhmad.

Tá mo shaoire beagnach imithe agus ba mhaith liom an stráca seo a chríochnú roimh dul ar ais ag obair, bheadh an bád deas siméadrach ar a laghad!
Cosúil leis an gceann deireanach ar an dtaobh clébhord, beidh an stráca seo leathan, cam agus le cuas mór ann.

Tá cuma ceart go leor air agus é gearrtha amach, anois ní foláir dom na beibhil a chuir ar an imeall.


Ní raibh an spiling ró-dhona.
Ach ní raibh sé foirfe ach an oiread. Cúla spota chruaidh le choiriú ar dtús.

An cuas snoite amach agus an bun líneáilte amach.
Roinnt maith cóiriú ar an bpost agus na frámaí.


Le tamall anuas bhíos ag iarraidh adhmad breise i gcomhar an plancra. Tá mo chairn Dhúghlais beagnach ídithe agam. Bhíos ag plé le Donal O'Laoire le trí mhí anuas fé cúpla omhna learóg a fháil uaidh, ach in ainneoin a chuid gealltanais níl an t-adhmad agam go fóill agus tá sé ag éirí práinneach.
Mar sin bhí orm dul á lorg in áiteanna eile agus inniu chuas féin agus Liam chun cuairt ar Josh Mortimer i nDrom Dhá Liag. Tá omhna Dhúghlais aige a d'fhás in eastát seachas i bhfáschoill, atá breis is fiche troigh ar fad, at breis is nócha bliain d'aois agus le snáithe deas cúng.






Tar éis é a fheiscint mhol Liam dom é a cheannach. Dar leis bead ábalta an bád a chríochnú leis an mbata seo.
I gcónaí ag lorg deis, chonaic Liam go raibh omhnaí daracha ar fáil ann agus chuir sé suim leo.


Tá roinnt bachalla daracha ag Josh chomh maith.


Ar ais ag an mbádchlós do bhí obair fós le déanamh, an planc a lascadh suas.


Na gnáth fadhbanna, ach ceart go leor ag an am céanna.


23 June 2016

23/06/2016 - Leanúint ar aghaidh ar an dtaobh deasbhoird.

Leanas ar aghaidh leis an stráca sin ar maidin. Bhí an spiling ceart go leor ach ní foirfe, ach go háirithe ag an mbun, fiú nach planc fada ab ea é. Ach ní raibh sé chomh dona nach rabhas ábalta é a chóiriú.





Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil na plainc ag craiceáil i gcónaí agus mé ag tairneáil, ach bhí an ceann seo go hainís.




Tar éis an cóiriú agus feistiú ar an gcuid seo den bplainc bhí an bun ró chaol agus dá bhrí sin bhí orm beagán plánáil a dhéanamh ar an gcuid eile.


Ina dhiaidh sin thosnaíos ar an gcead ceann eile.