30 November 2018

30/11/2018 - Ag tosnú ar an gcleith nú an gheaifil


Bhí na ulóige ar maos sa ola thar oíche agus thógas amach iad ar maidin le triomú.

Ina dhiaidh sin ghreamaíos na cléataí nua don gcrann le gliú APV (aicéatáit pholaivinile) agus scriúnna. Nílim cinnte cé chomh láidir is a bheidís, ach gheóbhad amach luath nú mall is dócha.


Na nithe beaga sin déanta, thosnaíos leis an bpríomh-saothar an lae - an geaifil, nú an chleith a thosnú.
Bhí mearbhall orm fén focal sin le tamall. Ní rabhas cinnte ar an téarma ceart. Tá easaontas idir na foclóirí ar fad fé, ach dar le muintir Gaeilge Amháin ar Facebook, is é "geaifil" an téarma ceart, agus is é sin a úsáidfead as seo amach.


An jab a bhí le déanamh inniu ná dhá aghaidh ar an maide a dhéanamh cothrom agus cearnach óna chéile. Faraor nuair a thriomaigh an t-adhmad, lúb sé ar nós banana. Tá an-chuid oibre fós le déanamh.

29 November 2018

29/11/2018 - Fós ag pleidhcíocht leis an gcrann


Nílim socraithe fós.
Thosnaíos ar maidin ag líonadh na bearnaí sa chrann le puití.



Ansin líonas dhá bhuicéad le meascán ola róis, pairifín, ola bhí agus ola danmhargach agus chuireas na ulóige nua isteach ann.

Do bhí sé ar intinn agam ón gcéad lá mo ulóige féinig a dhéanamh, ach smaoiníos an iomad air agus loiceas ansin. Cheannaíos na cinn deasa seo ó Detleff ag toplicht.de. Táid déanta as cruach dhosmálta, agus adhmad ón gcrann lócaiste nú 'Black Locust'. Cheannaíos mo rigín reatha ón Uasal Löll ag an am céanna.

Nílim cinnte conas a cheanglaíonn na báid eile an líne taca an tseoil mhóir, ach ní foláir é a cheangail áit éígin in aice bun an crann, mar sin chinneas cléata a chuir ar chúl an crann féin. Bhuel, ó loisceas an choinneal loiscfead an t-orlach, chinneas cléata eile a chuir ar aghaidh an crann chun an háilléar brataí nú háilléar jibe a cheangail ann freisin.
D'aimsíos sean-chléata sa phuball agus dheineas dealbh de. Ansin d'aimsíos píosa iorócó mar ábhair na cléataí nua.

Ghearras amach iad leis an bpreabshábh agus chóiríos  leis an dtarscamhaire iad.


Lá ghearr eile a bhí ann. Éiríonn sé dorcha sa phuball go luath um an tráth seo den bhliain.

28 November 2018

28/11/2018 - Lá gearr ar an gcrann


Níos lú ná leath lá sa chlós inniu. Tá meathlaíocht éigin orm sa seachtain seo. Ní féidir liom socrú síos i gceart sa phuball. Caithim leath an ama ag siúl idir an bpuball agus an bothán, ag fáil uirlisí agus araile.

Ar aon nós, do bhí an eapocsach crúite ar an sliastán nua agus leanas ar aghaidh lena chríochnú.



Ansin d'fhéachas ag bun an crann. Bhí an tionúir fós le déanamh, agus ag an deiridh, d'úsáideas mo shábh tionúir chun tionúir a dhéanamh.



Ach do bhí sin é inniu, cé go rabhas ag súil le níos mó dul chun cinn.

27 November 2018

27/11/2018 - Miotalóireacht ar an gcrann


 Nuair a bhíos ag obair an turas seo, chaitheas an-chuid ama ag ag féachaint ar an ndearadh den gcrann i leabhar Liam. D'fhéachas air an-chuid fótagraif de na gliomadóirí eile agus báid traidisiúnta eile. Agus chaitheas an-chuid ama ag smaoineamh ar cad is brí le "Towelsail Yawl". Máis rud é gur bhain siad úsáid as an teabhall mar sheol uaireanta, conas ar dhein siad é sin? Cá chrochfá seol mar sin?

An fótagraif is tábhachtaí ag an bpointe seo ná an ceann seo thíos.  Is é seo an t-aon ceann a thaispeánann an crann agus roinnt mionsonraí ón rige.
Tá sé soiléir domsa ón bpictiúir seo go bhfuil na sliastáin i bhfad níos airde ar an gcrann seo ná ar an dearadh ag Liam.
B'fhéidir go bhfuil iarsma ann ón éabhlóid ó seol cleithe go dtí seol geaifil.


Cé go bhfuil sé deacair le feiscint, tá fótagraif eile ann ina bhfuil an stíl rige céanna ann. Tá an bád nach mór as radharc sa cheann seo, ar chlé sa phictiúir.

Déarfainn freisin, ag féachaint ar an dá fótagraf seo, go bhfuil beagán ráca chun tosaigh ag an gcrann.

Bhuel, ag cuir an t-eolas sin go léir le chéile, ceapaim nach raibh stuaic chomh ard acu is a bíonn ag formhór na gliomadóirí sa lá ata inniu ann. Chomh maith le sin, an t-aon áit amháin a dhéanann ciall domsa an teabhall a úsáid ach mar bharrsheol. Is é sin an seol a théann os cionn an geaifil.

Thosnaíos ag scríobhadh agus an tarraingt mo smaointí síos ar pháipéir.
Tá sé ródhéanach na sliastáin a bhogadh ar mo chrann (agus nílim chun crann nua a dhéanamh anois!), ach fós b'fhéidir go féidir liom mo rige a dhéanamh cosúil leis an stíl traidisiúnta.

Ag baint úsáid as na léaráidí ón Hanorah, measaim go bhfuil an uillinn timpeall 60°, tugann sin an uillinn ag an geaifil dúinn.


 Tá fad an geaifil agus an fad óna sliastáin go dtí barr an crann ar eolas agam, agus as sin is féidir liom léaráid simplí a dhéanamh.

Tá formhór an cinn nua cosúil leis an líne dearg sa léaráid (féach an Mary Colette thíos). Measaim go raibh na cinn traidisiúnta cosúil leis an líne gorm, agus ceapaim go mbeidh mo cheann idir eatarthu.


Chomh maith le sin, chinneas an rigín reatha a athrú le haghaidh an geaifil. Bogfad an strapa réise síos go dtí lár an geaifil agus cuirfead an dá shíobh leis an háilléar píce le chéile go hard ar an gcrann.

Tá buntáiste leis an stíl nua, oibríodh an seol níos fearr mar aereiteog, ach tá an lár iarrachta níos airde agus bheadh orthu cúrsa a cheangail i ngaoth réasúnta éatrom.
Go theoiric, d'fhéadfainn mo sheol a choimeád lán nuair atá an dream eile ag giortú seol...b'fhéidir.

Ach pé scéal é, táim ar ais ag an mbádchlós anois ach an chéad rud a bhí le déanamh agam ná mo chrann a aimsiú.
Bhí sé tar éis bogadh go dtí an puball.
Thosnaíos go díreach ag feistiú na boltaí cró.




Táim ag úsáid barra snáithithe agus cnónna cró, gach rud as cruach dhosmálta 316.


Nuair atá gach rud fáiscthe i gceart, táthaím iad go léir.

Cinneadh eile agam ná sliastán eile a dhéanamh le haghaidh an stagh tosaigh.


Ba é seo an ceann is deise a dheineas fós, toisc gur smaoiníos ar ghaoin/raspa a úsáid le haghaidh an eitre.
D'úsáideas pionnaí adhmaid agus scriúnna lena fheistiú.

D'fhágas mar sin é, leis an eapocsach ag cruachan, agus chuas chun an bád féin a iniúchadh. Ach an praiseach a d'aimsíos - bhain sé siar asam.

Bhí an-chuid uisce báistí istigh sa chabhail, agus bun an inneall istigh ann.
Thosnaíos an caidéal ruma bun láithreach, ach tá seans maith go bhfuil dochar mór déanta ann. Ar a laghad tá an cúplán meirgithe.

Tuilleadh drochaimsir i ndán dúinn, chlúdaíos an bád arís agus chuas abhaile chun tarpól níos fearr a cheannach.