03 December 2014

Adhmad

Dar leis na saineolaithe, bíonn cineál adhmad áirithe is fearr fé choinne gach ball don bhád.
Thug Liam liosta adhmad le ceannach dom:

Cíle, tosach, trasnán agus deiridh - Dair - 2½" x 10", 22' ar fad.
Casadhmad (frámaí/easnacha) - Dair - 2", sáfa ó bhun go barr, 8' ar fad. Fiche a fháil.
Glúine - Dair - 4", sáfa ó bhun go barr, 8' ar fad. Ceithre cinn ag teastáil.
Stráicí (plancra) agus tochtaí - Learóg Eorpach - 1⅛", sáfa ó bhun go barr, chomh fada agus is féidir a fhail. Dhá scór ag teastáil.
Crann - Giuís Dhúghlais - 5½" x 5½" x 26'.
Geaifil - Giuís Dhúghlais  - 4" x 4" x 17'
Crann spreoide - Giuís Dhúghlais - 4½" x 4½" x 14'

Níor thóg sé ach cúpla nóiméad an liosta sin a scríobh amach, ach níl sé chomh éasca an t-adhmad sin a fháil. Níl adhmad mar sin suite ar an tseilf in Woodies.

Thug Liam ainmneacha agus uimhreacha de scata muilte sábhadóireachta dom agus d-fhág sé domhsa é.

Do chuireas glaoch ar Dónal Ó Laoire i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Do bhí píosaí deasa darach aige ach níl learóg Eorpach le fáil in áit ar bith. Réitíomar go thiocfadh mé féin agus John aníos chun an t-adhmad a ghearradh in éineacht leis go díreach.





John ag iniúchadh an chéad omhna (lomán).

Ag baint an fionn (sú-adhmad) den omhna.

Ag gearradh an chéad stiall.



Omhna eile. Sé troigh déag ar fad an ceann seo.


Súil an saineolaí.

Do bhí an fionn lofa ar an gceann seo, ach féach ar an gcroí-adhmad, go hálainn ar fad!


Ag leagann amach le triomú agus ag glanadh an min astu.

Obair déanta. Caithfaidh muid iad a fhágáil anois ar feadh tamall.


Níl an méid go léir gearrtha fós. Níl seo ach an casadhmad (cuid maith de, ar aon nós) agus na glúine.

Tá súil agam go atosóidh obair arís in Mí Eanáir.




01 December 2014

Na báid.

Nílim chun an leabhar go léir a athscríobh amach anseo, ach ba mhaith liom cúpla nótaí a chuir síos maidir leis an cineál bád seo.

Tar éis an Gorta Mhór, thosaigh muintir Inis Uí Drisceoil ag gliomadóireacht timpeall cósta an taobh thiar theas. Úsáidtear báid beaga le seol cleite amháin ar dtús ach de réir a chéile do thógadar báid níos mó agus d'athraigh siad an rige go slúpaí le seol mór geaifil. Ag an deiridh do bhí an cuid is mó na báid idir 22 troigh agus 24 troigh ar fad, agus b'fhéidir dhá thonna go leith meáchain.

http://oldirishmaritimephotos.tumblr.com/post/47045570237/ilur-heres-the-same-one-with-the-lug-sail-up

Sa chéad scór bliain an naoú aois déag (nó mar sin), do bhí na gliomadóirí ag úsáid potaí déanta as brilleoga. Do bhí breis is céad póta acu sa bhád ag an am. De gnáth bhí triúr sa criú. Chuadar amach ag iascach ar feadh suas le sé seachtain (nó níos mó) ag an am ach do thánadís isteach go Ceann tSáile nó An Cóbh ag an deiridh seachtaine chun na gliomaigh a dhíol.

http://oldirishmaritimephotos.tumblr.com/post/47642597548/towelsail-yawls-rafted-up-at-the-pier-in-union


Do bhí saol án-chrua ag na mairnéalaigh seo. Chónaigh siad i gceann an báid faoi píosa canbhás dá raibh ainm "teabhall". Uaireanta d'úaiseádtar an teabhall mar sheol breise, dá bhrí sin an t-ainm "Towelsail Yawl".

http://oldirishmaritimephotos.tumblr.com/post/53205451895/a-towelsail-yawl-aka-heir-island-lobster-boat-in




Do bhí an-chuid eolais muirí ag na sean-iascairí seo, agus piseoga chomh maith.





Scaip an tionscal seo ó Inis Uí Drisceoil go dtí áiteanna eile timpeall Loch Trasna, Cléire ina measc ach tar éis Cogadh Domhanda a Dó do bhí athrú mhór ann. Thosaigh bádóirí ag baint feidhm as inneall agus chuir siad an ruaig ar na crainn agus seolta. Ní raibh ach duine nó beirt sa chriú anois agus níor fhan siad amuigh ar an bhfarraige chomh fada a thuilleadh. D'athraigh cruth agus tomhas na báid freisin, mar gheall ar na n-inneall. B'in deiridh leis na Towelsail Yawls go dtí gur aimsigh Nigel Towse an Hanorah sa chlábar gar leis An Scoil.

http://www.tradboats.ie/projects/south/Hanorah/constructionplan.pdf

http://www.tradboats.ie/projects/south/Hanorah/linesplan.pdf


D'aimsíos an podchraolta seo trí thimpiste inniu (02/03/2017), is fiú éisteacht leis, cliceáil ar an bhfótagraif thíos..
https://www.podomatic.com/podcasts/giantleapproductions/episodes/2014-11-15T14_43_37-08_00



An beart.

Mar a dhúras cheanna féin, ní saor báid mé. Mar sin, conas bád mar seo a dhéanamh? An freagra, glaoigh ar na saineolaithe!
Tá an t-ádh orm go bhfuil bádchlós án-ghar liom sa tSeanchúirte ag Liam Hegarty. In san chlós seo do bhí an Hanorah atógtha agus bíonn a lán obair ar bháid traidisiúnta ar siúl ann i gconaí.

Do bhí aithne agam ar Liam agus a dhearthár John roimh ré, mar sin do chuas síos chun cainte leo.

Sea, tá na múnlaí (cruthanna) acu.
Sea, tá spás i mbothán acu.
Sea, is féidir leo comhairle a thabhairt dom fé ábhair (adhmad agus eile) le ceannach.
Sea, is féidir liom na n-uirlisí mhóra a úsáid.
Sea, tá an n-oilteacht acu, cinnte is féidir leo cabhrú liom, ag €30 an uair a chloig!

Thug Liam liosta adhmad dom agus cúpla uimhir fón i gcomhar muilte sábhadóireachta. Shocraíomar go bhfaighidh mé na hábhair chomh luath agus ab fhéidir agus tosóidh an obair i Mí Eanáir 2015.

An beart sin déanta againn, do chuas abhaile ag smaoineamh "Cad atá tosaithe agam anseo?". :-)