22 October 2018

22/10/2018 - Gliúáil na sliastáin.

Ba é seo mo lá deireanach sa seal abhaile seo, agus bhí an-chuid le déanamh.

Ar dtús dheineas iarracht cruth níos fearr a dhéanamh ar an sliastán a dheineas inné. Ní raibh dóthain spás ag an mbarr leis an sreang a ghlacadh.

Ansin leanas ar aghaidh ag leis an tarna sliastán.

Ansin tháinig Liam agus phléamar na céad céimeanna eile. Bhíomar ag féachaint ar na léaráidí sa leabhar agus cheap sé go bhful caoi níos éasca an craein a dhéanamh. Seachas struchtúr casta a dhéanamh as cruach, d'fhéadfainn cróbholta a úsáid, le píosa adhmad ann lena thacú.
Leanas ar aghaidh ag feistiú an tarna sliastán agus ina dhiaidh sin dheineas bloc irócó dronuilleach agus d'fheistíos é sin freisin.

Bhíos réidh leis an ngliú eapocsach ansin. Mheascas suas é agus leathas raidhse de ar na sliastáin agus scriúáileas síos an dá cheann le sé scriú cruach dhosmálta.



Ansin ghliúáileas an bloc dronuilleach ar chúl an crann agus phionnáileas síos é le dhá dhual irócó.



Ansin, ó eagla go heagla, chuireas dhá phionna irócó isteach tríd gach sliastán.
Táim ag súil go mór ná fuil spota lag déanta agam sa chrann anseo.

Ní raibh a lán ama fágtha agam agus ní rabhas ag iarraidh an crann a fhágaint mar seo sa bhothán. Tá a fhios agam go bhfuil John ag iarraidh punt nua a thosnú anseo go gairid, agus cá bhfios cá rachadh mo chrann bocht ansin!
Líonas na scoilteanna le puití an-bhog agus ansin chuireas cóta ola air. Pé rud a tharlódh anois, tá cosaint éígin aige.



Cé ná fuil sé foirfe, táim bródúil as na torthaí mo chuid saothair ón coicís seo chaite.
Níor dheineas crann riamh roimhe seo, agus táim ag súil go n-éiríodh an ceann seo ceart go leor. Níl an cuma rógharbh air ach an oiread!




Agus b'in é arís é. Deiridh le seal eile. Chlúdaíos mo chrann agus chaitheas súil thar mo bhád, agus d'imíos abhaile.

19 October 2018

19/10/2018 - Sliastáin

Inniu thosnaíos ag déanamh na fearais le haghaidh an crann.
Ach ar dtús ghearras bun an crann cearnach. Tá an tionúr fós le déanamh ann.

Ina dhiaidh sin bhíos ar ais sa leabhar beag dubh.
Is iad sin na sliastáin na píosaí láidre ar an gcrann a théann na scriútaí tharstu.
Bhíos chun iad a dhéanamh as dair, ach mhol Liam dom iad a dhéanamh as iorócó
Cosúil le gach rud eile, chaithfidh siad breith ar an gcrann agus a bheith feistithe go foirfe.
Do bhí an ga ag mo cuas-phlána rómhór ach do sheiftigh mé uirlis oiriúnach!
An cuas sin nach mór ann bhí sé in am an cruth a ghearradh amach.


Tá sé ag luí in aice an gcrann ceart go leor, ach ní foláir é a chuir beagáinín freisin.


An dá éadan sin seascair anois, bhí sé in am an taobh amuigh a choiriú.

Sin an chéad ceann nach mór déanta.

Thosnaíos ar an tarna ceann ansin. D'aimsíos an píosa adhmaid deas seo agus thosnaíos ag obair leis - ach táim beagán buartha anois go bhfuil mahagaine ann seachas irócó, agus nílim cinnte an bhfuil mahagaine sách láidir don jab.
Pé scéal é, leanfad ar aghaidh amárach.

18 October 2018

18/10/2018 - Ag greanáil

Maidin leadránach a bhí ann inniu.
Ag greanáil, is ag greanáil, is a greanáil, de láimh agus leis an gcriosghreanóir.
Ní foláir dom a bheith an-chúramach leis an gcriosghreanóir ó eagla go ndéanfainn spotaí cothroime ar an gcrann.

D'fhéadfainn níos mó greanáil a dhéanamh, ach an fhirinne a insint táim bréan leis. Tá rudaí níos suimiúla le déanamh.

Mar a scríobhas roimh ré, tá an gcrann rófhada fé láthair. Thomhaiseas fad an chrainn arís (tomhas fé dhó, gearr uair amháin). Ansin chuireas orlach leis le haghaidh an cruth cruinn ag an mbarr.
An píosa bainte de ag an mbarr - thógas abhaile é le úsáid mar choinnleoir.
Ag éirí cruinn. D'úsáideas an blocphlána.
Cruinn. (Beag nú mór). D'úsáideas an criosghreanóir.

Ansin mheascas suas beagáinín eapocsach chun na poill beaga sa scarbhalt a líonadh
Agus an phéinteáileas píosa de ar an gcaipín, ag iarraidh an báisteach a stopadh ó dhul isteach sa snáithe.

17 October 2018

17/10/2018 - Ochtagán go dtí heicsedeacagán go dtí ciorcal.

OK - seo céim a trí, na cúinní an ochtagán a bhaint de chun heicsedeacagán a dhéanamh de.
Tá na línte déanta agam inné, mar sin leanas díreach ar aghaidh ag plánáil ar maidin.
Níor úsáideas uirlisí aibhléise sa chéim seo - ní foláir a bheith an-chúramach ag an bpointe seo.
Órú, is maith liom an athrú seo.

Tá feabhas ag teacht ar an gcruth le gach líne a dheinim.
Nílim ach leath slí fós.
De réir a chéile tá sé ag dul i bhfeabhas.

Cinnte, níl fíor ciorcal ann, ach níl sé i bhfad as ar fad an chuid is mó den gcrann.

Bhogas ar aghaidh go dtí céim a ceathair anois, an arm fé choim ón bhfíseán, an meaisín greanála. Bhíos ag míniú an meaisín sin do na leaideanna ag am lón agus dúirt siad go raibh rud éigin an-chosúil leis sin ag Graham Bailey nuair a bhí sé ag obair ar na sparraí ó Peel Castle. Níos tábhachtaí fós, dúirt siad go raibh sé fós sa chlós, áit éigin. Agus iontas na n-iontas, tar éis cuardach beag, d'aimsíos é seo.
Dar le Nick, ba é seo leagan a haon den meaisín, agus níor éirigh rómhaith léi. Ach b'fhéidir go mbeinn ábalta cúpla feabhsúcháin a dhéanamh di agus oibreoidh sí liom.
Seo físeán ar Facebook de Graham ag úsáid leagan a dó den meaisín.

Ba chóir go mbeadh a fhios agam nach éireoidh rudaí liom chomh éasca sin.
Bhí an druma ar an meaisín i bhfad róbheag, agus fiú lé rubar bhí an chuimilt idir an crios agus an crann níos mó ná an chuimilt idir an crios agus an druma. Dá bhrí sin ba é an druma a bhí ag bogadh laistigh sa crios seachas an crios timpeall an crann.
Ceist fé achar dromchla atá ann, i mo thuairim. Dá mbeadh an druma ní ba mhó, bheadh an chuimilt ní ba mhó air, ná air an gcrann. Bhuel b'in an theoiric.

D'fhilleas go dtí an bothán mór agus fuaireas píosa breise de crann a dhein Matt roinnt mí ó shin. Ghearras píosa de, dhruileáil mé poll tríd an lár agus dheineas leicne  do.
Chuireas an gléas ait le chéile arís agus thriaileas arís as.
An chéad fhadhb ná go raibh an crios róbheag anois, mar sin dheineas crios nua as stiall greanpháipéar.
Ach fós níor oibrigh sé!
Chuireas téip chumhdaigh ar an druma chun an chuimilt a méadú, ach fós shleamhnaigh an druma timpeall laistigh sa chrios.

Bhíos bréan leis fén am seo agus ar buile as an méid ama curtha amú agam air.
Chinneas dul siar go dtí an slí traidisiúnta agus dheineas cluasa le haghaidh an greanpháipéar agus thosnaíos ag déanamh de lámh é.

Níor mhaireas rófhad ag obair mar sin. Thugas fé deara láithearach go raibh i bhfad an iomad ábhar fós le baint de ag úsáid greanpháipéar de lámh.
Mar sin, d'fhilleas ar ais go dtí céim a trí - an locar.
Thosnaíos ag plánáil an cúinní agus cnapóga beaga de agus mé ag iarraidh gluaiseacht ciorclach a dhéanamh - mar cruth coirnín.
Bhuel, tá a lán obair fós le déanamh amárach.