31 May 2017

31/05/2017 - Ag déanamh réidh leis an feadán a tholladh

Seo í an uirlis fé choinne an feadán seafta a tholladh. Ach nílimid réidh í a úsáid go fóill.

Ar dtús caithfimid an treoirpholl a shíneadh ar aghaidh tríd an chéad fráma eile.



Ach anois caithfidh mé an chéad urlár eile chun tosaigh a ísliú ionas go rachaidh an seafta glan os a cionn.



Bhíos ag fanacht cuid maith an lae ag fanacht ar Liam. Níl cead agam baint leis an meaisín in aon chor! Ach ar deiridh tháinig sé agus thosnaíomair á a shocrú.
Bhíos féin ag ceapadh go raibh sé ag gobadh amach ar chlé beagáinín, ach dúirt Liam go raibh sé ceart go leor.

Tá cúrsaí an-ghnóthach sa chlós fé láthair ach d'aontaíomar bualadh ag 07:30 ar maidin chun é a dhéanamh.

30 May 2017

30/05/2017 - Puití

Fiú go raibh beagán corcáil fós le déanamh, thosnaíos ar maidin ag cuir prímeálach ar na siúntaí atá déanta agam cheanna. Bheadh an phéint sin ag triomú agus mé ag críochnú an corcáil.


Siúnta amháin fágtha.


Ach nuair a chonaic Liam an méid a bhí déanta agam mhol sé tuilleadh cadás a chuir sa siúnta ag an gcíle agus pé áit eile ab fhéidir, sé sin le rá, aon áit ina raibh an siúnta ní ba leithne ná gnáth.

Agus sin déanta, ar aghaidh leis an puití.


Ní raibh a lán fágtha ón mbuicéad sin, ba mhaith an rud é go raibh buicéad eile agam sa bhaile.

Teann an stuif nua seo ar i bhfad níos deise.










Agus sin ea é. Tugann sé seo ciall nua don téarma 'Leath bhád'.

29 May 2017

29/05/2017 - Corcáil corcáil, corcáil.

Níl an-chuid le rá fén lá oibre inniu. Corcáil, corcáil, corcáil. Tá mo dheasóg ag titim díom tráthnóna!



Tá cuma deas ar na séamaí anoir ar a laghad!


26 May 2017

26/05/2017 - Greanáil agus corcáil

Amach leis an gcrios-ghreanóir inniu.
Bhí sé an-deacair é a úsáid chomh íseal - tá mo cheann an-trom - ach tá na torthaí soiléir le feiscint.
Nuair a dheineas ag greanáil roimh ré ar an gcuid uachtair, bhíos ábalta nach mór an méid go léir a fháil leis an gcrios-ghreanóir mhór, ach mar gheall ar an gcuasáil agus an rabóid agus araile, ní raibh an uirlis sin ábalta cuid maith a fháil. Bhí orm a crios-ghreanóir beag (Lidl) agus an mion-ghreanóir a úsáid freisin.






Sin déanta, thosnaíos leis an corcáil.
Bhíos ábalta an-chuid cadás a chuir isteach in áiteanna, an séama ag an gcíle mar shampla.

Ach bhí na cinn eile sách teann, ró-theann in áiteanna..

Tá tuilleadh corcáil gealta amárach.





25 May 2017

25/05/2017 - Puinseáil

Tháinig an bas go dtí an clós liom inniu. Chabhraigh sí liom an puinseáil a dhéanamh, ag brú ar na frámaí ón taobh istigh le ceann casúir mhór agus mé ag bualadh ar an taobh amuigh.

Agus ansin ar aghaidh liom leis an mbloc-phlána ag iarraidh dromchla cóir agus mín a dhéanamh as na strácaí garbha agus cairbreach seo.



Ansin bhaineas na píosaí breise ag an dtrasnán.

Ag deiridh an lae chuas ar ais go dtí Josh. Bhí na maidí gearrtha aige. Níl siad foirfe, tá roinnt cranraí beaga ann, ach thaispeáineas do Liam iad agus cheap sé go mbeidís ceart go leor.


Chuireas i dtaisce abhaile iad agus tá súil agam go mbeidís breá tirim agus réidh le saoirsiú sa earrach.