30 June 2015

29/06/2015 Ag feistiú an naprún, an post, an cnaí deiridh agus an bunchlár.



Fachtna ag feistiú an naprún.

D'fheistíomar dhá chluais don post le go mbeadh in ann an tionúr a bhrú isteach go daingean. Chuaigh sé isteach go héasca an uair seo mar gheall ar an Sikaflex ag obair mar bhealadh agus é fliuch. Ansin bhualamair ding isteach san eang chun an méid go léir a choimeád deas teann.



An chuid breise bainte den ding leis an siséal.

An chéad jab eile ná an cnaí deiridh a fheistiú leis an bpost. Anseo bhíos ag iarraidh é a cheirfáil, ach theip orm. Mhol Fachtna dom é a phlánáil arís leis an bplánóir leictreach toisc go raibh sé ró-míchothrom. Sin a dheinas agus d'fheistigh siad in aghaidh a chéile go deas ina dhiaidh sin.



Agus mise ag feistiú an cnaí, lean Fachtna ar aghaidh leis an bunchlár (nó hog sa Bhéarla) a ghearradh amach.
Tá an fad idir an cnaí tosaigh agus an cnaí deiridh níos lú na 16 troigh anois, agus tá cúpla clár darach níos faide ná sin agam go fóill. Mar sin do bhí sé ábalta an bunchlár a dhéanamh as píosa adhmaid amháin.




An cnaí greamaithe le Sikaflex agus crampaí. Níorbh boltaí oiriúnach againn chun é a chríochnú.

Ag feistiú an bunchlár ar bharr an chíle.


Ag triail as deilbh de na maidí urláir (easna íochtair) ar an mbunchlár.

An bunchlár feistithe agus greamaithe le tairní (agus Sikaflex dar ndóigh!).


Roinnt tairní báid.





26 June 2015

26/06/2016 An post a dhéanamh agus a fhadú agus an naprún a dhéanamh.


Mar a dúras cheanna, ní raibh Liam sásta leis an deilbh a dhein Fachtna agus mé féin roinnt seachtain ó shin. Leis an Fionn in aice lámha thógamar na miosúir arís.


Deilbh an cnaí deiridh agus an ceann den post a dheineamair roimh ré.






Cinnte anois?

Ag aimsiú an cruth san adhmaid.



Rachaidís le chéile cosúil le seo, leis an dtrasnán ag dul tríd an bearna ag an mbarr.


Ag marcáil amach an tionúr. 16mm ar leithead.


Ag an deiridh tá súil agam go mbeadh sé cosúil le seo.

Ag gearradh amach an mhoirtís.


Agus mise ag lean ar aghaidh leis an mhoirtís chas Fachtna ar deilbh an naprún a dhéanamh.




I ngan fhios dom dhein sé an naprún go léir, agus mé ag ceapadh go ndéanfaidh mise gach ball den bád seo!


Ag gearradh eang le go mbeimid ábalta an tionúr a bhrú isteach.





25 June 2015

25/06/2015 Cíle leagtha agus an stuimine fadaithe


Rud tábhachtach le déanamh inniu - an chíle a leagan. Na rudaí is tábhachtaí ná í a leagan díreach agus ag an gclaon ceart.
Mar a dúras cheanna, bhí an chíle seo camtha go leor agus bhí an-chuid obair le déanamh í a éigniú ceart. Chuireamar bloic ar an talamh agus phlánálamar ag an gclaon ceart iad. Nuair a bhíodar in san áit ceart thornálamar  den talamh iad. Ansin dhein Fachtna roinnt cnaíocha le dhul orthu.


Ansin shíneamar píosa sreang ar fad an cíle, chomh teann agus ab fhéidir. Ansin ghearr Fachtna trí phíosa de bhata adhmaid cothrom agus sháigh sé ceann amháin isteach ag gach críoch. D'úsáid sé an tríú cheann an bearna idir an sreang agus an chíle a thomhas. Má bhí an bearna ní ba chaoile ná an píosa bata bhí an chíle ag casadh ar dheis, ní ba leithne agus bhí shí ag casadh ar chlé. Mar a tharla bhí sí ag casadh ar chlé agus ar dheis agus gach treo eile!


Chuireamar na cnaíocha isteach ceann ina dhiaidh a chéile, ag díriú mar a chuamair. Ach níorbh sé sín sách maith, nuair a dhíríomar cuid amháin dí, chasadh cuid eile. Mar sin, dheineamar roinnt teanntóige chun na codanna eile a thacú.
Ag an deiridh bhí sí díreach go leor, seachas lúbadh beag amháin gar leis an deireadh.


An chéad jab eile ná an cnaí tosaigh agus an stuimine a bholtáil leis an gcíle.

Na poill fada déanta, tá Fachtna ag gearradh poill móra ag an mbun chun cinn na boltaí a bhádh isteach sa chíle.





Réidh leis na boltaí anois, cuirfimid isteach amárach iad.