29 March 2019

29/03/2019 - Rigín reatha

Agus mé ag ite mo bhricist ar maidin d'aistríos an patrún go dtí an leathar.

Agus ag an gclós, ghearras amach é le scian Stanley.

Agus píosa amháin eile le dhul timpeall an crann ag an stagh tosaigh.

Agus an leathar ar maos sa bhuicéad, thosnaíos ag obair ar an rigín reatha.
An chéad rud le déanamh ná 'grommet'.
Cé go bhfuil sé deacair uaireanta téarmaí a aimsiú le haghaidh codanna bád agus uirlisí agus nósanna oibre agus araile, is cosúil go bhfuil raidhse téarmaí ann le haghaidh 'grommet'.
Tá 'súil dhualach' ag tearma.ie.
Tá 'réabán' ag Ó Dónaill, ach leis an cuir síos atá aige, b'fhéidir go bhfuil 'cringle' i gceist aige.
Tá 'fáinne téadán' agus 'fáinne cnáibe' ag De Bhaldraithe.

Is maith liom súil dhualach - b'fhéidir ná fuil téarma traditiúnta ann, ach is maith liom é, agus bainfead úsáid as as seo amach.

Is é seo conas súil dhualach a dhéanamh. Dheineas cuid maith acu thar na blianta, ach an gnáth fadhb a bíonn agam ná tagann caisirnín ann uaireanta.


Dob é seo mo iarracht inniu:





Bhí sé ceart go leor, ach beagáinín tiubh agus garbh.
Agus mé ag scríobh an post seo anois, táim tar éis an ceardaíocht seo a fheiscint ar líne. Déanfad é seo an chéad uair eile.


Ach pé scéal é, leanas ar aghaidh ag feistiú na frídeoirí.




Bíonn an comáil i bhfad níos éasca le téad snáithín.

Sin an háilléir déanta.

Ansin d'fhilleas ar ais ar an stagh tosaigh.
Ní raibh an píosa leathar seo gearrtha i gceart.
Réidh le comáil amárach.
D'fheistíos an leathar timpeall an crann ansin.


Is é seo an gearrthóg ó bharr an crann. Suíonn sé isteach go deas compordach sa bearna - preit!

28 March 2019

28/03/2019 - Ag ullmhú le haghaidh an crann


Lá breá gréine a bhí ann agus thapaigh mé an deis na frídeora a phéinteáil leis an Sikkens.

Chuireas píosa ar an gcrann agus an gheaifil i spotaí áirithe freisin.

Ansin thosnaíos ar jab a bhíos buartha fé le tamall anuas - an bearna a ghearradh sa tafta le haghaidh an crann.
An chéad céim ná lárlíne a scríobhadh. Tar éis cúpla iarracht mícheart, shíneas sreangán idir an stuimine agus an post deiridh agus fuaireas an líne ceart ansin.
Ansin, thomhas mé 65mm ar gach taobh den líne - is é sin 120mm le haghaidh an crann féin agus 5mm mórthimpeall le haghaidh an leathar cosanta.


Tar éis an gearradh bhí beagán coiriú de díth.
Ansin thosnaíos ag déanamh dealbh le haghaidh an leathar.




Sin déanta, d'fhilleas ar ais go dtí an comáil.
Nuair a bhíos sa bhád thomhas mé an fad idir an crann agus an stuimine agus ard an stuimine i gcomparáid leis an gcrann. Le cabhair ó mo shean-chara Píotágarás arís, bhíos in ann fad an stagh tosaigh a áireamh.
Tá mo chuid comáil ag neartú i gcónaí, ach ní déarfainn fós mar a bheadh sé as broinn liom!



Go deas!


Sin déanta, chuireas cóta eile ar na frídeora agus d'imíos abhaile.




27 March 2019

27/03/2019 - Spladhas eile, obair leathar agus nascadh le seáirseáil


Phiocas suas díreach mar a leagas anuas inné é.
Chuireas an clúdach ar an com ansin, agus bhíos an-sásta leis na torthaí.


Ansin shíneas amach an rópa sreinge ar an talamh, agus shíneas amach an scriúta déanta cheanna féin in aice leis agus mharcáileas an fad céanna ar an rópa.

Thógas sos beag ansin óna sreanga agus ghearras an chéad píosa leathar eile agus chuireas isteach san uisce ar maos é.

Ansin leanas ar aghaidh leis an gcéad chom eile.





Cinnte go bhfuil an comáil ag éirí níos fearr liom anois.

Bhí sé clúdaithe mar is gnáthach ansin.

An chéad rud eile le déanamh anois ná an dá scriúta a fhilleadh ina leath le fáil amach cá bhfuil an lárphointe.

Seo é!
Ansin d'fhuáil mé an leathar ag na lárphointí.
Ach ansin bhí rud nua le déanamh agam - seáirseáil.
Ceard eile na sean-mairnéalaigh is ea é seáirseáil. Úsáidtear sreang beag/caol chun dhá sreang nú rópa móra a ghreamú le chéile, mar seo:







Agus dob é seo mo iarracht:







Agus sin an chéad scriúta lán déanta.

Díreach ar aghaidh leis an tarna ceann.



Agus ansin seáirseáil eile.


Bhí an ceann seo beagáinín níos deise.



Táim sásta leis mo chuid oibre inniu.