25 January 2019

25/01/2019 - Na scriútaí

Táim ar ais ag an gclós arís agus ba mhaith liom na scriútaí a chríochnú sara imeoidh an Bas go dtí Nua Shéalainn ar feadh coicíse.

Na rudaí le déanamh leo go fóill ná iad a lúbadh timpeall cruth an stráca uachtair.


Ag chéad plean a bhí agam ná poll amháin a ghearradh ar dtúis agus bolta amháin a chuir tríd. Táim ag úsáid boltaí cóiste (DIN 603) arís agus dá bhrí sin ní foláir dom poill cearnógach a dhéanamh. Táim ag úsáid treas chun na poill déanta ag an mbéalmhír a dhéanamh cearnógach.


Ansin d'fháisceas an barra leis an ngunail le crampa agus thosnaíos ag teanntú an cnó ar an mbolta.
Cheapeas go mbeinn ábalta an barra a lúbadh go cruinn mar sin, ach tar éis tamall beag chualag craic uafásach agus chonac scoilt in-san ghunail.
Is cosúil go bhfuil an barra sin níos láidre ná a shíl mé!

Plean a dó - mairceáileas an barra agus lúbas é le casúir mhór agus inneoin.
Ní raibh inneoin ar fáil, agus mar sin d'úsáideas an frithmheáchan ar chúl an forcardaitheoir.
Cé go raibh sé deacair, d'éirigh liom ag an deiridh. Ansin mhairceáileas na spotaí le haghaidh an dá bholta eile agus thosnaíos ag gearradh na poill.

Thóg sé tamall, agus níor bhaineas taitneamh as an obair leis an dtreas, ach tá an toradh ceart go leor.