16 January 2018

16/01/2018 - Leath lá eile ag umrascáil leis an inneall.

Ní raibh Liam sásta leis an caoi ar ailínigh mé an inneall inne. Mhol sé an cúplán R&D a bhaint de, agus an tomhsaire braite a úsáid chun é a ailíniú arís.
An uair seo d'fháisceas  na cnónna ar bhar gach gléasadh solúbtha agus bhí sé i bhfad ní ba éasca mion-boga a dhéanamh leis an inneall.

Sara bhfad bhí éadain na cúpláin ag suí go foirfe ina chéile.

Ag ag an bpointe sin thugas fé deara go raibh an seafta ró-ard ag teacht amach as an bhfeadán - chaithfidh sé bheith sa chroí-lár.
Labhras le Liam arís agus dúirt sé go gcaithfidh mé 5mm eile a bhaint de na leabaí.
Bhíos thar a bheith curtha amach le seo, ach pé scéal é leanas ar aghaidh leis an obair.
Bhí orm na pionnaí a bhualadh isteach níos mó, agus tá súil agam ná fuil aon dochar déanta de na frámaí thíos fé.

Ba é sin é, bhí mo chuid ama thart.
Ní raibh seans agam ach beagán glanadh suas a dhéanamh agus cúpla fótagraif a ghlacadh.
Bhí Liam agus mé ag plé an tanc peitril , an méid, an áit lena chuir srl, ach ar an slí amach chonac an sean-cheann seo ina luí sa fearthainn agus cheapas b'fjhéidir go mbeadh sé oiriúnach. Níl a fhuos agam, ach chífidh mé.





15 January 2018

15/01/17 - Leath lá ag pleidhcíocht leis an inneall.

Ar ais ag an gclós moch maidin De Luan thosnaíos ag líomh na dalláin ón Aoine.
Ansin cheapas go raibh an inneall ailínithe maith go leor agus cheanglas an méid go léir le chéile leis an gcúplán R&D.
Ansin, mar a mhol na treoracha leis an R&D, dheineas iarracht an min-ailíniú a dhéanamh.
Bhíos ag úsáid tomhsaire braite chun an bearnaí a thomhas ach pé uair a bhogas an inneall chun é a dheisiú, chuaigh sé ar strae ní ba fhaide.
Bhí cruinnithe le freastal agam lasmuigh den gclós agus mo shaol saor-bádóireachta samhailteach. D'imíos abhaile lán le olc agus frustrachas, ach tá lá úr eile ann amárach.

13 January 2018

12/01/2018 - Ag socrú an inneall.

Bhíos bréan ag féachaint ar an mbosca sa chúinne le YANMAR clóite air. Bhí sé in am an inneall a fheistiú.
Níl neart go cuir le chéile, mar sin d'ardaigh Liam, a mhac Paddy agus mé fhéin an inneall suas ar an slatbhoird agus as sin anuas isteach sa bhád. Tá an inneall beag go leor, ach ná habair fé meáchan!

Agus sin é ar na leabaí anois. Sara bhfad beidh sé ann go deo na ndeor.
Anois an seafta. Ón taobh istigh amach tríd an bhfeadán.
Agus ansin an lian.

Anois cheanglaíos an seafta leis an gcúplán, an cúplán leis an R&D cúplán agus an R&D cúplán leis an gcúplán giarbhosca.
Ansin thomhas mé an fad idir an inneall agus an áit ba mhaith liom an inneall a bheith ann. An freagra ná 365mm. B'in an fad a bhí orm a ghearradh den seafta.
Rud a dheineas go díreach.
Seo iad na treoracha a tháinig leis an cúplán R&D.
Is saghas cúplán solúbtha é an R&D.  Más rud é go mbeidh aon mí-ailíniú idir an inneall agus an seafta lúbfaidh an R&D ionas nach lúbfadh an seafta nó scriosfadh an giarbhosca.
An tarna chéim ná an ailíniú a dhéanamh gan an R&D.
Ba ansin é a thugas fé deara go raibh fadhb agam.

Tá an cúplán ar an seafta thart ar ceintiméadar níos ísle ná an cúplán ar an giarbhosca.
Bheadh orm labhairt le Liam fé seo. Ach ar dtús bhí coinne agam le John Harger ag Cill Chóiche.

Agus seo mo taftaí nua. Fágfad anseo le tamall le triomú iad.

Agus ar ais ag an gclós, mhol Liam 8mm a bhaint de barr an dá leaba. Agus ba chóir a bheith cúramach an tiús a bhaint chomhthreomhar díobh.
Leanas ar aghaidh, agus mar a shíleas, sara bhfad bhí barr na pionnaí le feiscint arís.
Bhí orm iad a thiomáint síos níos faide isteach sa pholl.
Agus ar aghaidh liom leis an locar ansin.
Ag deiridh an lae bhí an dá chúplán nach mór comhréidh lena chéile agus bhíos sásta dalláin nua a chuir ann fiú go raibh seans go mbeadh orm beagán eile a bhaint de an tseachtain seo chugainn.



11 January 2018

11/01/2018 - Leath lá ag greanáil is ag cóiriú is ag glanadh.

Ní raibh ach an maidin agam inniu agus chaitheas an ama ag glanadh suas beagáinín taobh istigh.
Ag greanáil na rungáis agus ag greanáil na deora eapocsach i ngach áit.
Ina dhiaidh sin líonas na poill is na scoilteanna is gach locht a bhí ann.



10 January 2018

10/01/2018 - Cnaíocha


Bhí na cnaíocha le críochnú agam inniú.
Thosnaíos ag boltáil an ceann a bhí déanta agam inné.
Anseo táim ag líonadh an poll chun an béalmhír rámhainn a threorú ar ais tríd an poll le spás a dhéanamh i gcomhar ceann an bolta.


Chaithfidh mé rud éigin a dhéanamh fén mbolta sin ag gobadh amach as an cnaí sa todhchaí.

Sin déanta, ar aghaidh leis an taobh deasbhoird.
An uair seo táim ag gearradh leis an snáithe ag dul trasna an cnaí, mar a mhol Liam.
An sábh claonta arís.
Agus an tarscamhaire arís.
Agus an boltáil.
An uair seo dheineas an bolta sa lár ar dtús.
Tá poll ann. Deacair le feiscint, ach tá sé ann.
Agus anois leis an dallán ann.
Spás i gcomhar an ceann anois.
Agus an próisis céanna ón taobh istigh.
Ach mo léan ghéar! Scriú ón slat bhoird ag cuir isteach orm.
Agus sin é anois é.