30 September 2018

29/09/2018 - Nithe beaga

Fiú agus an Sathairn ata ann, chaitheas cúpla uair a chloig ag péinteáil, glanadh agus araile timpeall an bád.
Nithe beaga ea ba iad seo, ach ina ndiaidh, i ndáiríre, táim nach mór réidh le teacht amach.

28 September 2018

28/09/2018 - An umar breosla agus fleasc na cíle

An chéad jab inniu na an barra cruach a chríochnú ar an gcíle. Ceapaim go bhfuil 'fleasc' tugtar ar an ball seo seachas b'fhéidir 'banda na cíle' mar a cheapfá ón téarma Béarla uirthi.

Leis an bpíosa seo bhí orm an dá taobh den barra cruinn a bhobáil siar ar a chuaigh sé suas ón gcíle go dtí an stuimine (atá caolaithe agam cheanna).
Bhí sé soiléir nuair a chromas an tslat seo timpeall an cuar nach raibh an bun baill go hiomlán cóir - do bhí bearnaí beaga ann idir an cruach agus an adhmad. Líonas na bearnaí le puití.

Bhí an gliú sa dallán ag clúdaigh an bolta deireanach ó inné crua ag fé seo agus bhíos ábalta é a sciotadh agus an chíle a chóiriú, réidh leis an bpíosa deireanach den bhfleasc.
An fhleasc ar fad feistithe anois bhíos ábalta na píosaí a tháthú le chéile freisin.

Ansin bhí beagán obair le déanamh ar an mbíoma rungála ar an áit a bhi sé ag dul salach ar an umar breosla.



Agus n rud deireanach inniu ná pionna le dhul tríd an maide stiúradh lean choimeád istigh sa stiúir féin.

27 September 2018

27/09/2018 - An bólta deirineach agus na línte bhreosla


Ar ais ag an gclós arís agus táim ag fáil réidh dul ar an uisce.
Níl ach dornán beag rudaí le déanamh agus i gceann cúpla lá bead réidh - ach tá fadhb agam. Chualag ar maidin go bhfuil Liam in san ospidéal tar éis titim i gceann a chos ar bhord bád iascach i gCuan Dor, agus cá bhfios cathain go mbeidh sé ag teacht abhaile.
Scéal truacánta atá ann cinnte, ach baineann sé liom freisin - níl ach Liam ábalta an craein a thiomáint agus tá an craein ag teastáil leis an bád a chuir ar snámh.

Ach pé scéal, leanas ar aghaidh leis an obair.
An chéad rud a dheineas ná smutáin  a chuir fé lár an chíle agus an ceann chun tosaigh a bhogadh as an slí.
Bhí poll ann tríd an chíle, tríd an bunchlár  agus tríd urlár/fráma uimhir a cúig; poll a ghearras féin le haghaidh bolta i Mí Márta 2016, ach ní rabhas ábalta an bolta a chuir ann toisc go raibh an fráma sin os cionn an smután.

Ar nós tochais ar sean-tochas, shásaigh sé go mór liom an bolta sin a bhualadh isteach ina áit ceart agus é a fháscadh suas.

Ina dhiaidh sin chuas suas go dtí Evans' Engineering chun líne bhreosla agus fearais le haghaidh an umar a fháil.
In inneall díosal cosúil le seo tagann beagáinín breosla (nár chuaigh isteach san insteallaire) amach as píob beag ag an mbarr. Ní foláir líne aisfhilleadh fheistiú a thógfaidh an breosla ar ais go dtí an umar. Cé go bhful an umar seo dearaithe i gcomhair peitreal, níl aon ceangaltán ann le haghaidh an líne aisfhilleadh, mar sin ní foláir dom ceann a dhéanamh.

Fuaireas an ceangaltán seo agus bhíos ag iarraidh cnó a chuir air laistigh, ach theip orm. Bhí sé ar intinn agam an umar a fhágáil ar an urlár fén tafta, ach um an bpointe seo thugas fé deara go rachadh sé idir an bunchlár agus an bíoma rungála, go deas slachtmhar agus as radharc. An t-aon fhadhb agam anois ná a ceangaltán sin ag gobadh aníos agus an líne aisfhilleadh ag teach salach ar an urlár. Raghad ar ais go dtí Evans' amárach ag lorg ceangaltán le uillinn.

Pé scéal é d'fheisigh mé na línte bhreosla leis an inneall.